Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Lá Dhún na nGall

14/09/20 - Lá chun Dún na nGall a chur chun cinn ar na Meáin Shóisialta

Beidh lá giolcaireachta #DúnnanGallAbú ar siúl arís i mbliana Dé Céadaoin 16 Meán Fómhair, le Contae Dhún na nGall a chur i mbéal an phobail ar fud an domhain.

 

Beidh an togra, atá á chomhordú ag Comhairle Contae Dhún na nGall, ag tógáil ar an ráchairt mhór a bhí ar an fheachtas anuraidh, nuair a chuaigh sé amach chuig lucht féachana de 33 milliún ar fud an domhain.

 

Tá lúcháir ar an Clr. Rena Nic Donnachaidh, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, bheith ag tacú leis an togra seo agus dúirt sí: “bhí ráchairt ollmhór ar #DúnnanGallAbú anuraidh, agus bhí daoine ó gach cearn den domhan ag teacht le ceiliúradh a dhéanamh ar Dhún na nGall, ar na daoine, na tírdhreacha, na gnólachtaí, saol na farraige, spóirt, ceol, ealaíona agus an oidhreacht bhia.  I bhfianaise na ndúshlán atá againn ar na mallaibh, paindéi Covid-19 ina measc, is tábhachtaí anois ná riamh é go dtiocfaidh muid le chéile agus Dún na nGall a chur chun cinn mar áit le roghnú chun cónaí ann, obair ann, infheistíocht ann, staidéar ann agus teacht ar cuairt ann”.

 

Agus dúirt sí fosta: “le roinnt míonna anuas chonaic muid fás ar an tsuim atá ag diaspóra Dhún na nGall, agus leoga, ag cónaitheoirí cathrach agus gnólachtaí cathrach, athlonnú go Dún na nGall agus tá sé d’aidhm ag feachtas #DúnnanGallAbú tógáil ar an treocht seo agus ár naisc dhomhanda a neartú, lenár ngeilleagar a fhás.  Mholfainn don oiread daoine agus is féidir an scéal a scaipeadh agus a bheith páirteach sa togra iontach seo.  ”

 

Tá sé furasta bheith páirteach ann. Níl le déanamh ag an haischlib #DúnnanGallAbú a chur le bhur gcuid postálacha ar Facebook, Twitter, Instagram nó Tik Tok Dé Céadaoin 16 Meán Fómhair chun aird a tharraingt ar na rudaí is breá linn faoi Dhún na nGall, na háiteanna, daoine agus rudaí speisialta atá le déanamh anseo.  Má tá tú ag giolcaireacht ‘as Béarla’, is féidir leat #LoveDonegal a chur le do chuid giolcanna nó postálacha fosta. 

 

Dúirt Garry Martin, An Stiúrthóir um Fhorbairt Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil “suim dhochreidte léirithe sa togra go dtí seo. Tarraingíonn sé aird ar an nasc domhain atá ag an oiread sin daoine ar fud an domhain le Dún na nGall, agus na deiseanna iontacha agus an clú iontach atá ar tairiscint sa chontae do na daoine, cuairteoirí, scoláirí, infheisteoirí agus gnólachtaí.

 

 

 

“Ba mhaith linn gach duine, idir óg agus aosta, a bhfuil ceangal acu leis an chontae nó a bhfuil grá acu do Dhún na nGall a bheith páirteach agus daoine eile a spreagadh chun bheith páirteach fosta.  Is deis iontach é #DúnnanGallAbú le bheith i dteagmháil le daoine ó gach cuid den domhan a bhfuil dúil agus dáimh acu le Dún na nGall agus ar mian leo na rudaí a thaitníonn leo faoin chontae iontach seo a scaipeadh.  Agus níos mó daoine ag smaointiú ar theacht go Dún na nGall mar áit mhaith le cónaí ann, obair ann, agus infheistiú ann, tá an togra seo in áit mhaith le gach rud atá ar fáil sa chontae a chur i mbéal an phobail go domhanda.”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO