Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Lán tí ag Gradaim

Lán Tí le bheith ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

DL Sports Star Awards Committee

Coiste Ghradaim Spóirt Dhún na nGall, Cathaoirleach Grace Boyle, Bartley McGlynn, Leas-Chisteoir, Patrick McLaughlin, Cisteoir agus May Louge, Rúnaí

 

Táthar ag dréim le lán tí ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall a bheas ar siúl oíche Aoine seo chugainn in Óstán an Mount Errigal. Beidh tuairim is 600 aoi i láthair ag ócáid bhronnta na ngradam agus is é iar-Oilimpeach Éireannach Rob Heffernan, fear a bhain bonn don rásaíocht siúil i gCraobh an Domhain a bheas mar aoi speisialta ar an oíche. Moltar dóibh siúd a bhfuil ainmniúchán faighte acu ach nach bhfuil ticéid curtha in áirithe acu go fóill, é sin a dhéanamh go luath trí scairt a chur ar Óstán an Mount Errigal, áit a chuirfear ar liosta cuir in áirithe iad agus coinneofar ar an eolas maidir lena n-iarratas iad. 

 

Dúirt Cathaoirleach Laochra Spóirt Dhún na nGall, Grace Boyle go bhfuil lúcháir ar a coiste go mbeidh lán tí ann arís i mbliana, an 44ú ócáid. “Tógann sé ár gcroí go bhfuil Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ar an ócáid spóirt is mó sa chontae bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart mar a bheas léirithe oíche Aoine seo chugainn. Níl ticéid curtha in áirithe ag roinnt daoine atá ainmnithe go fóill. Tá liosta cuir in áirithe ann do na daoine sin ach caithfidh siad teagmháil a dhéanamh le hÓstán an Mount Errigal chomh luath agus is féidir sa dóigh is go gcuirfear san áireamh iad agus go gcoinneofar ar an eolas maidir lena n-iarratas iad” a dúirt an tUasal Boyle.

 

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall urraitheoirí eisiacha na ngradam arís i mbliana. Tá sé ráite ag Cathaoirleach na Comhairle an Clr. Nicholas Crossan agus an Príomhfheidhmeannach Seamus Neely go bhfuil ag éirí go hiontach le Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ó reáchtáladh an chéad ócáid bhronnta sa Milford Inn i mí na Samhna 1976. Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh den choiste a smaoinigh ar a leithéid d’ócáid a reáchtáil i 1975.

 

“Agus muid ag ceiliúradh ár laochra spóirt, tá sé de cheart againn tréaslú leis an choiste beag a chuir tús leis na Gradaim Laochra Spóirt i nDún na nGall sa bhliain 1975.

 

Is rud iontach é gurb í ócáid bhronnta na nGradam ceann de mhórócáidí na bliana dóibh siúd atá an-tugtha don spórt sa chontae seo agus tá sé thar a bheith speisialta fosta, fiú do laochra cáiliúla spóirt, an t-aitheantas seo a fháil óna gcompháirtithe féin, ina gcontae féin. Mar sin, tá moladh as cuimse tuillte ag an ghrúpa beag daoine a bhunaigh na gradaim i 1975.

 

Éacht ann féin atá ann ainmniúchán a fháil do ghradam ach caithfidh sé gur cúis mhór bhróid í i saol an duine spórtúil i nDún na nGall, ceann de na gradaim a bhaint. Tá tábhacht ar leith le rannóg na scoileanna agus tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil baint acu leis na rannóga seo ó bhí 1979 ann.

 

Is iontach an rud é go n-éiríonn thar barr le daoine i gcineálacha éagsúla spóirt sa chontae idir spórt mionlaigh agus spórt iomráiteach. Cinntíonn Coiste na nGradam Spórt go dtugtar aitheanatas agus go ndéantar ceiliúradh ar na héachtaí spóirt seo uilig, rud a chiallaíonn gur ócáid thar a bheith speisialta sa chontae seo í “ a dúirt  an Clr. Crossan.

 

Tá baint ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis na Gradaim seo le os cionn dha scór bliain anois. Bhí baint acu le rannóga na scoileanna ar dtús agus ansin mar urraitheoirí eisiacha na hócáide. Deir Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Seamus Neely go bhfuil dea-chaidreamh idir an t-Údarás Áitiúil agus Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ó bhí deireadh na 70 idí ann. “Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus is ónóir mhór dúinn a bheith mar urraitheoirí eisiacha do na Gradaim agus go bhfuil muid bainteach leo ó bhí 1979 ann.

 

Is léir go bhfuil ról lárnach ag spórt i saol na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall. Cothaíonn sé caidrimh laistigh denár bpobail, tacaíonn sé le forbairt i measc páistí agus daoine óga agus cuidíonn sé le stíl mhaireachtála gníomhach agus fholláin a chur chun cinn i measc óg agus fásta.

 

Creidim féin nach bhfuil sé ach ceart an t-am a ghlacadh chun aitheantas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar obair mhór mhaith agus dúthracht ár laochra spóirt agus ar na héachtaí iontacha atá bainte amach acu.

 

Agus gné speisialta eile a chuireann go mór leis na gradaim seo ná ní hamháin go dtugtar aitheantas do na héachtaí ar éirigh le pearsana cumasacha spóirt a bhaint amach ach tugtar aitheantas dóibh siúd a chuidigh leo fosta. Idir chóitseálaithe agus oibrithe deonacha ag leibhéal faoi aois, teaghlaigh, cairde, múinteoirí agus iad siúd uilig a chuir ar a gcumas na héachtaí seo a bhaint amach”.

 

Seo mar a chuir an tUasal Neely deireadh lena chuid cainte. “Tá seirbhís ar dóigh tugtha ag Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall don chontae le os cionn dhá scór bliain agus guím gach ádh, rath agus bláth orthu agus iad ag ceiliúradh cumas spóirt an chontae seo sna blianta atá le teacht”.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO