Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Laochra - Sommer Lecky

Bua an-speisialta ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall – Sommer Lecky

Sommer Lecky Group

Sommer Lecky ag fáil Phríomhdhuais Laochra Spóirt Dhún na nGall ag ócáid bhronnta na ngradam anuraidh.

 

21/01/20 Bua an-speisialta ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall – Sommer Lecky

Deir Sommer Lecky gur rud an-speisialta agus onóir mhór a bhí ann Príomhdhuais Laochra Spóirt Dhún na nGall 2018 a bhaint anuraidh. Bhí an léimneoir ard ó Chlub Ghleanntán na Finne ag caint roimh Ghradaim 2019 a bheas ar siúl seachtain ón Aoine ar an 31 Eanáir in Óstán an Mount Errigal. “Bhí lúcháir orm m’ainm a chluinstin á fhógairt ag an ócáid bhronnta an oíche sin. Le bheith roghnaithe mar an duine spóirt is fearr sa chontae i gcomórtas le gach duine eile ar an ghearrliosta, bhí sé sin speisialta ar fad. Bhí gliondar i mo chroí nuair a bhí mé i mo sheasamh ansin os comhair an tslua ag deireadh na hoíche” a dúirt Lecky.

 

Tá 180 ainmniúchán in 38 catagóir i mbliana, agus naoi gcinn acu sin fá choinne scoileanna. Tá Lecky ainmnithe arís i mbliana i gcatagóir na lúthchleasaíochta, catagóir atá bainte aici le dhá bhliain anuas. “Is iontach an rud é go bhfuil gradaim á dtabhairt don oiread sin spórt. Ócáid an-mhaith go deo a bhí ann an uair dheireanach. Bhí an seomra plódaithe agus bhí sé eagraithe go han-mhaith. Nuair a chonaic mé go bhfuil an phríomhdhuais bainte ag Mark English faoi dhó, chuir sin ina luí orm go raibh an t-ádh dearg orm an píosa criostail sin a fháil ó Ruby Walsh.”

 

Thug Sommer léi an gradam is mó i ndiaidh di bonn airgid le haghaidh léim ard de 1.90m a bhaint ag Craobh IAAF an Domhain faoi 20bl in Helsink, An Fhionlainn i mí Iúil 2018. Ba í an chéad duine aonair as Éirinn a bhain bonn airgid ag na cluichí sin ón bhliain 1994. Ghlac sí páirt fosta i gCluichí an Chomhlathais san Astráil in 2018. Tháinig sí sa chúigiú háit ag Craobh Lúthchleasaíochta na hEorpa le linn an tsamhraidh anuraidh.

 

Tá Lecky ag ullmhú anois do na Babhtaí Ceannais den Chraobh Náisiúnta Laistigh an mhí seo chugainn. Beidh sé de sprioc aici cáiliú do na Babhtaí Ceannais Laistigh sa tSín i mí Mhárta agus do Chluichí Raoin is Faiche na hEorpa i bPáras i mí Lúnasa.

 

Tá níos lú ná coicís le dul anois go dtí an mhór-ócáid bhronnta, agus tá Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall i mbun na buaiteoirí a roghnú in achan chatagóir. Tá an Cathaoirleach Grace Boyle ag iarraidh orthu siúd a bhfuil sé i gceist acu freastal ar an ócáid a gcuid ticéad a ordú an tseachtain seo le go mbeidh neart ama ag an lucht eagraithe na pleananna tábla a dhéanamh agus na socruithe deireanacha a dhéanamh don 44ú bliain de na Gradaim seo, a bhfuil urraíocht á déanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall orthu arís.

 

“Tá níos lú ná coicís le dul anois go dtí oíche bhronnta na nGradam, agus mar sin  de, le d’áit a chinntiú moltar duit áirithint a dhéanamh chomh luath agus is féidir an tseachtain seo. Tá go leor oibre le déanamh ag an choiste go fóill. Bheadh sé ina chuidiú mór dúinn, agus muid ag iarraidh daoine a chur chuig táblaí a roghnaíonn siad, dá n-ordódh daoine a gcuid ticéad anois. Tá muid ag cur dlaoi mhullaigh ar an liosta buaiteoirí agus ag obair i gcomhpháirt le Terry McEniff sa Mount Errigal chun na socruithe uilig a dhéanamh don ócáid is mó spóirt sa Chontae. Maith iad Comhairle Contae Dhún na nGall arís as a gcuid tacaíochta, agus tá an coiste an-bhuíoch as sin. Bíonn thart fá 600 duine i láthair ar an mheán ach bhliain agus is minic go bhfógraítear go bhfuil ‘lán tí’ againn seachtain roimh an ócáid í féin” a dúirt Bn. Uas. Boyle.

 

aging around 600 guests in recent years and the full house signs have been up a week before the function on a regular basis” Ms Boyle concluded.

21/01/20 Bua an-speisialta ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall – Sommer Lecky

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO