Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Las do Rothar

10/02/20 An Feachtas ‘Las do Rothar’ á reáchtáil arís

Light your bike

 

Tá an feachtas ‘Las do Rothar’ á reáchtáil arís ag Gréasán Ghlasbhealaigh an Iarthuaiscirt. Beidh foirne soilse rothair á dtabhairt amach saor in aisce le linn seisiúin na seachtaine, chun aird a dhíriú ar an tábhacht atá le soilse rothair agus daoine i mbun rothaíochta ar na bóithre. D’éirigh go hiontach leis an fheachtas i mí na Nollag 2019 agus mar sin, reáchtálfar tuilleadh seisiúin sna háiteanna seo a leanas: 

 

Caifé Tank & Skinny’s, Magh, Dé Máirt 18ú Feabhra;

Halla na Cathrach, Cathair Dhoire, Dé Céadaoin 19ú Feabhra,

Caifé Gap i gCeann an Droichid, Déardaoin 20ú Feabhra.

 

Beidh baill d’fhoireann an togra ag na láithreacha éagsúla achan lá ó 4.30 i.n. go 5.15 i.n. agus iad ag scaipeadh foirne soilse rothair ar achan duine ar a sheal féin, fad a bheidh siad i stoc.

 

Dúirt Ronan Gallagher, Oifigeach Cumarsáide an togra ‘gur éirigh thar barr leis an imeacht a bhí ar siúl i mí na Nollag agus gurbh í an t-Oifigeach Gníomhach Taistil a rinne comhordú ar an imeacht. Rinneadh na céadta soilse rothair a dháileadh ag trí láthair éagsúla, bhí sé ar dóigh. Tá súil againn go mbeidh an rath céanna ar sheisiúin na seachtaine seo chugainn. Mar fhocal scoir, dúirt sé ‘go gcaithfidh rothaithe a bheith feiceálach ar bhóithre tuaithe agus cathrach más mian leo a bheith ag rothaíocht go sábháilte. Mar sin, tá géar gá agus tábhacht ar leith le soilse ar rothair.’

 

Níl ach méid teoranta stoic ann agus mar sin, iarrtar ar dhaoine bualadh isteach chuig na hionaid éagsúla go luath sa lá le foireann soilse rothair a fháil agus le plé a dhéanamh ar chúrsaí rothaíochta le Ronan agus Oifigeach Gníomhach Taistil an togra, Emma Hagger.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO