Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Leagan amach úr ar Ghradaim Laochra Spóirt

28-10-20 – Leagan amach úr ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

 

 

 

Tá sé deimhnithe ag an Choiste le haghaidh Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall go mbeidh leagan amach úr ar Ghradaim 2020. De bharr na ndúshlán leanúnach a bhaineann le Covid-19 is é seo an chéad uair le 45 bliana nach mbeidh teacht le chéile foirmeálta ar siúl; ina áit sin, déanfar Gradaim 2020 a bhronnadh ag seó fíorúil ar líne. Cé go bhfuil srianta ar an spórt iomaíoch i mbliana de bharr Covid-19, rinneadh go leor éachtaí a shíleann an coiste ar gá aitheantas a thabhairt dóibh. Tá sé deimhnithe fosta go leanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall, an t-aon urraí amháin atá ag na gradaim, lena tacaíocht don ócáid an-rathúil le haghaidh laochra spóirt, ar cuireadh tús leis in 1976.

 

Beidh laghdú ar líon na ngradam, agus leagan amach úr ar na catagóirí fosta, de bharr chúinsí eisceachtúla na bliana seo sa Chontae. Ní bheidh an coiste ar lorg ainmniúchán le haghaidh Ghradaim 2020, agus ina ionad sin tá painéal ag scrúdú éachtaí spóirt na bliana agus roghnóidh siad na buaiteoirí in am is i dtráth. Dúirt Grace Boyle, Cathaoirleach ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall, cé gur ábhar mór díomá nach bhfuil ócáid fhoirmeálta á reáchtáil againn, nach raibh an dara rogha ag an choiste, mar gheall ar an staid ina bhfuil cúrsaí de bharr Covid-19, ach an ócáid a chur ar ceal don chéad uair le 45 bliana.

 

“Ba é seo an cinneadh ceart, cinneadh a rinneadh de réir cúrsaí sláinte faoi láthair ag éirí as Covid-19. Bhíodh 600 duine ar an mheán ag freastal ar an ócáid bhronnta agus ní raibh sin ag dul a tharlú ag deireadh mhí Eanáir de bharr na srianta ar uimhreacha ag freastal a bheas i bhfeidhm go fóill ag an am sin. Ach mar choiste, d’amharc muid ar an méid a tharla i mbliana i dtaca le spórt iomaíoch, go dtí seo. Tá bearna againn, sa tréimhse ó mhí an Mhárta go dtí mí an Mheithimh, ó thaobh spórt iomaíocht de. Ach shíl muid, san am crua ina bhfuil muid, go bhfuil sé tábhachtach go fóill aitheantas a thabhairt do na héachtaí sin a baineadh amach, bíodh sin i spóirt aonaracha nó i spóirt foirne. Ba mhaith linn go mbeidh ócáid éigin ag daoine le bheith ag dréim leis i mí Eanáir nuair a bhíonn cúrsaí go ciúin de ghnáth, agus déanfaidh muid ár seacht ndícheall lena chinntiú go mbeidh rath ar an leagan amach úr”.

  

Mar sin féin, dúirt an Cathaoirleach Boyle fosta go mbeidh laghdú suntasach ar líon na gcatagóirí. “Cuid mhór de na catagóirí a mbeadh an pobal cleachta leo, ní bheidh siad ann de bharr na gcúinsí eisceachtúla. Tabharfaidh muid ómós do na buaiteoirí in ócáid bhronnta a reáchtálfar go fíorúil, rud a bhfuil baill den choiste ag obair air faoi láthair, leagan amach atá go hiomlán úr dúinne. Ní bheidh an coiste ag cuartú ainmniúchán don bhliain 2020 agus ina ionad sin bhí muid féin ag staidéar éachtaí spóirt na bliana seo. Bunaithe ar an eolas sin, roghnóidh painéal moltóireachta na buaiteoirí. Ba mhian linn leanúint leis an obair iontach atá déanta ar feadh na mblianta fada ag na coistí ar fad de chuid Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall, agus cé nach mbeidh teacht le chéile mór againn in Óstán an Mount Errigal, tá muid ag súil go mór go mbeidh an leagan amach fíorúil beagnach chomh maith leis an fhíor-ócáid, agus muid ag tabhairt ómóis do bhuaiteoirí 2020.”

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO