Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Maoiniú Leader do Thograí Úra

19/06/20 Maoiniú €167,553 ó Leader fá choinne 5 thogra úra

Tá an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) i nDún na nGall i ndiaidh maoiniú de €167,553 a cheadú an tseachtain seo le haghaidh 5 thogra úr faoi Chlár Forbartha Tuaithe LEADER 2014-2020. 

 

I measc na dtograí a ceadaíodh ag cruinniú den CFPÁ an tseachtain seo bhí féilte pobail áitiúla, soláthar cúrsaí agus áiseanna sna meáin dhigiteacha, forbairt ar thraenáil sa cheol traidisiúnta Gaelach, chomh maith le háiseanna spóirt don phobal a thógáil.

 

D’aontaigh an CFPÁ fosta dul i gcomhpháirt le 5 chontae eile ar an teorainn maidir le Tionscadal Comhoibrithe LEADER, ar luach measta €174,223, tionscadal a chuirfidh tacaíocht ar fáil do phobail áitiúla sa chontae chun scileanna a fhorbairt agus cumasú a dhéanamh leis an chaighdeán saoil ina gceantair áitiúla a fheabhsú.

 

Agus é ag moladh na gcoistí agus eagraíochtaí pobail atá ag cur na dtograí chun cinn, dúirt an Clr. Martin McDermott, Cathaoirleach ar an CFPÁ, gur fianaise é ar shláinte ár gcuid pobal áitiúil an obair fhorásach agus bhríomhar atá á dhéanamh ag na pobail iad féin leis an chaighdeán saoil a fheabhsú sna bailte agus sna sráidbhailte s’againn.  Tá an cur chuige seo ‘ón bhonn aníos’, i dtaca le pobail a chothabháil i gceantair thuaithe i nDún na nGall, ag croílár na spriocanna atá ag clár LEADER.  Mhol sé do choistí pobail áitiúla agus do ghnólachtaí áitiúla obair i gcomhpháirt le comhlachtaí forbartha sa chontae chun leas a bhaint as clár LEADER le cur leis an mhéid atá bainte amach go dtí seo.

 

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO