Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Moltaí do Chruinniú na nÓg

10/02/20 Cruinniú na nÓg! An bhfuil moladh ar bith agatsa?

Cruinniu flower pot

Imeacht Alice in Wonderland a bhí ar siúl faoin spéir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Rinne baill de ghrúpa óg drámaíochta an Ghrianáin cinnte gur lá dár saol a bhí ann. Pic John Soffe

 

Beidh ‘Cruinniú na nÓg,  lá náisiúnta cruthaitheachta do leanaí agus daoine óga ar siúl ar an Satharn 13ú Iúil 2020. Is í aidhm an lae ná ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine óga agus an bhaint atá acu le cúrsaí cultúir agus cruthaitheachta ach fosta chun daoine óga eile a spreagadh le bheith páirteach iontu. Déantar imeachtaí atá saor in aisce agus lán craic agus spraoi a reáchtáil i gceantracha éagsúla.

 

Tá moltaí á lorg ag Foireann Éire Ildánach i nDún na nGall ó lucht na n-ealaíon, cleachtóirí agus eagraíochtaí faoi láthair. D’éirigh go maith le Cruinniú na nÓg anuraidh agus ba mhaith le Foireann Éire Ildánach an chontae seo, tógáil air sin i mbliana agus mar sin, chruinnigh siad smaointe ó dhaoine óga ar fud an chontae i dtaca le himeachtaí do ‘Cruinniú na nÓg 2020’. An mbeithfeá ábalta na smaointe sin a thabhairt chun beochta? An bhfuil moltaí ar bith agatsa i dtaca le himeachtaí a bhainfeadh páistí 0-18 bliain d’aois sult astu?

 

An mbeadh suim agat ann?

 

Cuireann Cruinniú na nÓg béim ar déanamh, réiteach agus cruthú. Fáiltíonn siad roimh aon iarratas ó lucht na n-ealaíon, cleachtóirí agus eagraíochtaí i dtaca le tograí, cláracha nó imeachtaí ach caithfidh siad a bheith ar siúl nó ag críochnú ar an Satharn 13ú Iúil 2020. Mar sin, tá ealaíontóirí, damhsóirí, scéalaithe, ceoltóirí, aithriseoirí stáitse agus achan chineál ealaíontóir proifisiúnta ó réimsí difriúla ( drámaíocht, damhsa, ceol, ceoldrámaíocht, scannánaíocht, sorcas, taibhiú, faisean, grianghrafadóireacht, amharc-ealaíona, litríocht agus scéalaíocht, ailtireacht, ealaín sráide agus mórthaibhsiú) de dhíth le bheith páirteach ann.

 

Táthar ag iarraidh ar chleachtóirí scileanna traidisiúinta nó aon duine eile a bhfuil saineolas acu ar an tírdhreach, flóra & fána/ bitheagsúlacht, daonearraí, oidhreacht sheandálaíochta, oidhreacht thógtha, stair, ailtireacht dhúchasach nó réimse gaolmhar eile, macnamh a dhéanamh ar an dóigh go dtig leo a bheith mar pháirt de ‘Cruinniú na nÓg’ agus cur leis an aidhm atá acu- déanamh, réiteach agus cruthú. Is féidir le cleachtóirí, ionaid, eagraíochtaí nó grúpaí pobail moltaí a dhéanamh.

 

Cruinniu forais

Ag baint sult as an ghrian ag imeacht faoin spéir a bhí ar siúl ar Shlí Dhún na nGall, An Clochán Liath. Bhí an imeacht eagraithe ag CDP na Rosann mar chuid de ‘Cruinniú na nÓg 2019’. Pic: John Soffe

 

Láithreacha

Tá sé beartaithe Cruinniú na nÓg a chur ar fáil do dhaoine óga ar fud an chontae uilig agus mar sin, táthar ag glacadh le moltaí/iarratais ó phobail ar fud an chontae arís i mbliana.

 

Clúdóidh Foireann Éire Ildánach i nDún na nGall na costais do na himeachtaí a roghnófar. Ba mhaith leo go mbeadh cothromaíocht idir smaointe na bpáistí agus moltaí nuálach an phobail agus go mbeadh éagsúlacht mhaith imeachtaí cultúrtha agus cruthaitheacha a reáchtáil do na haoiseanna agus grúpaí uilig i láithreacha difriúla ar fud an chontae.

 

Is féidir an fhoirm le haghaidh moltaí a íoslódáil anseo http://www.donegallibrary.ie/photoslider/cruinniu2020/

 

Ba cheart na foirmeacha iarratais a sheoladh chuig [email protected] nó Éire Ildánach, Comhairle Contae Dhún na nGall, Lána Rosemount, Leitir Ceanainn F92 KP90 roimh an mheánlae 28ú Feabhra 2020.

 

Is tionscnamh de chuid ‘Clár Éire Ildánach’ faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é Cruinniú na nÓg. Tá an tionscnamh faoi threoir RTÉ agus na n-údarás Áitiúil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO