Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Oifigigh Rialtais agus Oifigigh Chomhairle

01-12-2020 –Oifigigh Rialtais ar gach thaobh den teorainn chun bualadh le Comhairlí chun tionscadail forbartha réigiúnacha a phlé

Tiocfaidh oifigigh shinsearacha rialtais ó Rialtas na hÉireann agus ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann le chéile go fíorúil le ceannairí cathartha agus le hoifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin an tseachtain seo chun na hábhair seo a leanas a phlé - comhoibriú ar thionscadail forbartha réigiúnacha, COVID 19 agus a fháil réidh don Bhreatimeacht.   

 

Is struchtúr faoi leith é Comhpháirtíocht Fáis Straitéiseach an Iarthuaiscirt a bunaíodh den chéad uair in 2016 fríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

 

Agus é curtha ar bun mar aitheantas ar na cúinsí uathúla i Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt, tá gá le cur chuige trasteorann struchtúrach chun tacú le fás sa réigiúin seo.  Mar sin, tugann an NWSGP oifigigh Rialtais Áitiúil agus oifigigh Rialtais Náisiúnta ó gach roinn Rialtais i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann le chéile ionas gur féidir leo oibriú le chéile trí lánacmhainneacht Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt a scaoileadh sa dóigh is gur féidir le Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt a bheith ina ranníocóir glan i ngeilleagair an dá dhlínse.

 

Sa phróiseas seo oibríonn Ranna Rialtais le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun na tosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach atá dírithe ar athrú dáiríre agus dearfach a bhaint amach do Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt.

 

Díríonn Comhpháirtíocht Fáis Straitéiseach an Iarthuaiscirt ar thrí ‘philéar fáis’ lárnacha don réigiún - Geilleagar agus Gnó, Bonneagar Fisiciúil agus Comhshaoil, agus Comhtháthú Sóisialta agus Pobail agus ar chúrsaí folláine. 

 

Agus lámh chothrom ag an chomhpháirtíocht ar an roth stiúrtha agus le tacaíocht ón Ionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach (ICLRD), tiocfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le chéile go fíorúil chun cloisteáil faoin obair chomhoibritheach leanúnach atá ar siúl ag an dhá Chomhairle chun leanúint ar aghaidh leis na pleananna uailmhianacha fáis don réigiún i réimsí mar eacnamaíocht, infheistíocht, forbairt fhisiciúil agus chomhshaoil.  Anuas air seo ar fad, cuirfear comhtháthú sóisialta agus pobail agus cúrsaí folláine chun cinn chomh maith. 

 

Pléifidh an Chomhpháirtíocht fosta comhoibriú níos doimhne leis an Rialtas Lárnach sa dá dhlínse agus déanfaidh siad na príomhthéamaí atá tábhachtach do thodhchaí an réigiúin a sciúradh agus mar a tharlaíonn, is cuid de phíomhthosaíochtaí an Rialtais iad fosta.

 

Tá an cruinniú seo, atá faoi chomhchathaoirleacht Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Mhéaraí Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, thar a bheith tábhachtach chun an dá Rialtas a chur ar an eolas faoin obair laethúil atá á déanamh chun infheistíocht straitéiseach sa réigiún a chur chun cinn agus le heolas a fháil ó bhéal na n-oifigeach sinsearach sa Rialtais an leibhéal tiomantais agus tacaíochta atá ar fáil chun na pleananna uailmhianacha seo don réigiún a bhrú chun tosaigh. 

 

 

Tá a beannacht tugtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Rena Donaghey don chur chuige réigiúnach trasteorann  agus deir Donaghey go bhfuil na cruinnithe tábhachtach chun léargas ceart a thabhairt d’oifigigh shinsearacha an Rialtais ar an dóigh chomhordaithe agus chomhbheartaithe atá an dá Chomhairle ag obair le chéile chun tosaíochtaí an réigiúin a chur i gcrích agus le tacaíocht leanúnach uathu, ní áibhéil ar bith a rá gur féidir linn gníomhartha thar na bearta a bhaint amach agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa tréimhse amach romhainn.

 

Ag labhairt dó roimh chruinniú na seachtaine seo, dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Brian Tierney, go raibh sé tábhachtach a chinntiú go luíonn na tosaíochtaí straitéiseacha réigiúnacha taobh le taobh le tosaíochtaí an dá Rialtas chun tabhairt faoi fhorbairt agus infheistíocht eacnamaíoch níos spriocdhírithe.   Dúirt sé: ‘beidh deis againn ag cruinniú na seachtaine seo léiriú a thabhairt ar an obair dhearfach atá ar siúl againn in ainneoin COVID agus ar an obair chomhpháirtíochta atá idir lámha againn, obair í sin atá lán dáiríre agus dearfach í ar ndóigh’.

 

Tabharfaidh na Príomhfheidhmeannaigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin forbhreathnú ar Chomhoibriú Forbartha i réigiún an Iarthuaiscirt agus tabharfaidh oifigigh ó Oifig an NIO agus an Taoisigh eolas chun dáta ar an Bhreatimeacht agus ar réigiún Chathair an Iarthuaiscirt.  Chomh maith leis sin, cuirfidh na comhrúnaithe ar an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas an t-eolas atá ar fáil faoi láthair os comhair an chruinnithe bunaithe ar fhorálacha an chomhaontaithe - 

‘As seo go ceann deich mbliana – cur chuige as an úr’

 

Beidh COVID-19 mar phríomhghné den chruinniú agus pléifear an obair atá ar siúl ar leibhéal comhoibrithe Thuaidh Theas chun an paindéim a bhainistiú agus socruithe cuí a dhéanamh chun theacht slán ón phaindéim.

 

Cuirfear críoch leis an chruinniú le seisiún iomlánach ina mbeidh léiriú ar an infheistíocht in oideachais tríú leibhéal sa réigiún.  Is iad ionadaithe ón na hinstitiúidí oideachais sa réigiún a dhéanfaidh an cur i láthair seo agus beidh plé ann faoi Chreat Claochlaithe Glas don tras- réigiún na teorann agus Fóram Pleanálaithe an Iarthuaiscirt, arna éascú ag ICLRD.

 

Dúirt John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall go raibh an comhoibriú trasteorann agus an caidreamh oibre láidir idir an dá Chomhairle ríthábhachtach chun réigiún Cathrach a fhorbairt atá rathúil, inbhuanaithe agus rachmasach. ‘Tá roinnt dúshlán romhainn le COVID agus an Breatimeachtt, ach tá dul chun cinn suntasach déanta le roinnt príomhthionscadal straitéiseach bonneagair agus athghiniúna. Tá muid muiníneach gur féidir linn gníomhartha thar na bearta a bhaint amach agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa tréimhse amach romhainn tríd an Chomhpháirtíocht Straitéiseach Forbartha’.

 

Dúirt John Kelpie, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin go raibh sé níos tábhachtaí ná riamh go mbaintear leas as na naisc láidre seo le hoifigigh shinsearacha an Rialtais, . ‘Tá an chomhpháirtíocht seo fíor uathúil agus tá sé ríthábhachtach go mbainfidh muid leas is mó as an deis chun ár bpleananna beartais straitéiseacha a chur in ord cuí chun ligean dúinn ár gcuspóirí agus príomhthionscadail straitéiseacha bonneagair agus athghiniúna a bhaint amach’.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO