Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Oifigí na Comhairle agus Seirbhísí

30-09-20 - Preas-Ráiteas maidir le hOifigí na Comhairle

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar a seacht ndícheall leanúint ar aghaidh lena seirbhísí poiblí ar dhóigh eagraithe agus muid ag leanúint de bheith ag obair fríd na dúshláin a bhaineann le COVID-19.

 

Ag éirí as cinneadh an Rialtais Dún na nGall a bhogadh go dtí Leibhéal 3 den ‘Phlean chun Maireachtáil le COVID-19’ ón mheán oíche Dé hAoine seo caite, agus ag glacadh san áireamh an chomhairle maidir le sláinte phoiblí, is mian leis an Chomhairle a chur in iúl, le héifeacht ó dheireadh an lae oibre inniu (Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair 2020), go mbeidh ár gcuid oifigí (agus leabharlanna) druidte don phobal go dtí go bhfógrófar a mhalairt.   (Beidh obair ag leanúint ar aghaidh sa Chomhairle ach le socruithe cuí i bhfeidhm).

 

Is féidir le custaiméirí seirbhísí a fháil go fóill, agus moltar dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle trí scairt ghutháin (074-9153900), rphost ([email protected]) nó ar líne.

 

Socróidh an Chomhairle coinní speisialta do chustaiméirí nach bhfuil dóigh acu guthán, rphost nó idirlíon a úsáid.

 

Tá socruithe ar leith i bhfeidhm chun roinnt seirbhísí a fháil, mar seo a leanas;

 

Seirbhísí Mótarchánach.

 

Ar líne.

Tá daoine ag baint úsáid mhór as an chóras ar líne agus tá muid ag iarraidh ar an phobal leanúint leis an tseirbhís seo a úsáid. Maidir leis seo, is féidir le custaiméirí cuidiú a fháil ach scairt a chur ar an Chomhairle, nó labhairt le cara nó duine muinteartha atá eolach ar an méid atá le déanamh, nó trí féachaint ar an nasc seo.

 

Post.

Is féidir iarratais trí phost a dhéanamh chuig Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar N. T. Uí Bhléine, Leitir Ceanainn. Tá sé tábhachtach go mbeidh gach foirm líonta ina hiomláine, ar a n-áirítear uimhreacha gutháin, le do dtig leis an Chomhairle dul i dteagmháil leat más gá.

 

Bosca Fágáil Poist.

Beidh bosca fágála le haghaidh iarrataisí ar fáil in achan cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí agus ag Ionad na dTrí Abhainn, Leifear.

 

Foirmeacha

Tá gach foirm ar fáil anseo.

 

Sonraí Teagmhála.

Cuir scairt ar 0749153900, nó rphost chuig [email protected].

 

Líne Chabhrach don Phobal

 

Tá an Líne Chabhrach don Phobal ar oscailt go fóill ón Luan go dtí an Aoine 9am go dtí 5pm gach lá.

 

Sonraí Teagmhála.

Is féidir fiosrúcháin a dhéanamh nó eolas nó comhairle a lorg trí scairt ar 074 9153900.

 

Seirbhís Pleanála.

 

Ar líne.

Tá na doiciméid ar fad a bhaineann le hiarratais phleanála reatha ar fáil  anseo.

 

Coinní.

Nuair is gá, is féidir socruithe a dhéanamh chun amharc ar iarratais phleanála, ach coinne a dhéanamh, i dTeach an Chontae, Leifear, idir 9.30am agus 4.30pm ar an Mháirt agus Déardaoin.

 

Rphost n Guthán.

Is féidir eolas nó comhairle i dtaca le cúrsaí pleanála a lorg trí scairt ghutháin ar 074 9153900 nó trí ríomhphost chuig [email protected].

 

 

An tSeirbhís Leabharlainne.

 

Tá seirbhís Glaoigh agus Bailigh á reáchtáil ag Leabharlanna Dhún na nGall. Tá sonraí ar fáil anseo.

 

 

Ba mhaith linne sa Chomhairle ár mbuíochas a ghabháil leis an phobal arís as a gcuid tacaíocht leanúnach do na socruithe seo agus muid ag comhoibriú lena chéile chun leathnú an víris seo a laghdú, chun cloí le treoir ón FSS, agus chun na teagmhálacha atá agat a laghdú 50% sna seachtainí amach romhainn.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO