Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Oscailt Oifigí na Comhairle

15/07/20 Oscailt Oifigí na Comhairle

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint orainn ag breathnú ar an dóigh a bhfuil ár seirbhísí á soláthar ar bhealach ar choinníonn ár gcuid oibrithe, custaiméirí agus an pobal i gcoitinne slán sábháilte, de réir na Comhairle Sláinte Poiblí.

 

Le roinnt míonna anuas tá athbhreithniú déanta ag an Chomhairle ar an dóigh a bhféadfaimis leanúint orainn ag soláthar seirbhísí le linn dár gcuid oifigí a bheith druidte.  Thug seo isteach bealaí úra chun bheith ag obair agus ag plé lenár gcustaiméirí.  Cé go bhfuil ár gcuid oifigí ag oscailt don phobal anois, moltar do chustaiméirí leanúint orthu ag teagmháil linn ar an ghuthán, trí ríomhphost agus ar líne, de réir mar a fhorbraíonn muid bealaí le seirbhísí a sholáthar ach an líon cuairteanna ar ár gcuid oifigí a choinneáil chomh híseal agus is féidir.  Na custaiméirí sin a d’úsáid na socruithe úra, molaimid dóibh leanúint orthu á dhéanamh sin.

 

Athosclófar ár gcuid oifigí poiblí de réir a chéile agus ar bhonn eagraithe, ag toiseacht Déardaoin 16 Iúil 2020, agus beidh roinnt prótacal i bhfeidhm do bhaill foirne agus do chustaiméirí, mar seo a leanas:

  1. Nuair a bhíonn gá le gnó éigin, aon chustaiméir a thagann chuig ár gcuid ionad agus oifigí, beidh muid ag dréim go gcloífidh siad le rialacha maidir le glanadh láimhe agus scaradh sóisialta, agus gach treoir eile a thugann baill foirne san áit a leanúint.
  2. Ba chóir do chustaiméirí comharthaí a leanúint maidir le seasamh i líne agus a bheith scartha ó dhaoine eile de réir mar a bhogann siad i dtreo an chuntair phoiblí. Táthar ag dréim go síneoidh na scuainí go dtí an taobh amuigh de na foirgnimh, agus ba chóir do chustaiméirí a bheith ullamh chun seasamh i scuaine taobh amuigh i ndrochaimsir.
  3. Ní bheidh cead ach ag aon duine amháin dul chuig an chuntar poiblí.  Iarrfar ar na daoine eile in aon ghrúpa fanacht taobh amuigh.

 

Seirbhísí Mótarchánach.

 

Ar líne.

Baineadh úsáid go mór as an chóras ar líne ó druideadh na hoifigí, agus tá muid ag iarraidh ar an phobal leanúint leis an tseirbhís seo a úsáid.  Maidir leis seo, is féidir le custaiméirí cuidiú a fháil ach scairt a chur ar an Chomhairle, nó labhairt le cara nó duine muinteartha atá eolach ar an méid atá le déanamh, nó trí féachaint ar www.motarchain.ie 

 

Post.

Is féidir iarratais trí phost a dhéanamh chuig Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar N. T. Uí Bhléine, Leitir Ceanainn.  Tá sé tábhachtach go mbeidh gach foirm líonta ina n-iomláine, ar a n-áirítear uimhreacha gutháin, le do dtig leis an Chomhairle dul i dteagmháil leat más gá.

 

Bosca Fágáil Poist.

Beidh bosca fágála le haghaidh iarratas ar fáil in achan cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí agus ag Ionad na dTrí Abhainn, Leifear.

 

Cuntair Mhótarchanach á nOscailt.

Do na seirbhísí Mótarchánach nach bhfuil ar fáil ar líne faoi láthair, beidh na cuntair Mhótarchánach ar oscailt gach Máirt agus Déardaoin ag toiseacht ón Déardaoin 16 Iúil 2020.

 

Foirmeacha agus Sonraí Teamghála.

Tá gach foirm ar fáil ag http://www.donegalcoco.ie/ie/seirbhisi/motarchain/, agus is féidir dul i dteagmháil linn ar an ghuthán ar 0749153900, nó trí ríomhphost ar [email protected] .

 

Is féidir linn na socruithe seo a athrú ar gearrfhógra. Leanfaidh an Chomhairle orainn ag déanamh monatóireachta, ag athbhreithniú agus ag athrú de réir mar is cuí, ar mhaithe lenár gcuid oibrithe, custaiméirí agus an pobal i gcoitinne.

 

Críoch.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO