Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Pacáiste Geimhridh 2

30-11-2020 – Clár Aoisbhá Dhún na nGall- An dara pacáiste ‘Bí ullamh don gheimhreadh’ le seoladh

 

An Comhairleoir Rena Donaghy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall le John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Chomhaontas Aoisbhá Dhún na nGall ag seoladh an dara pacáiste ‘Bí ullamh don gheimhreadh’.

 

Seolfar an dara pacáiste ‘Bí ullamh don gheimhreadh’ a thacaíonn le daoine breacaosta inniu, Dé Luain an 30ú Samhain.

 

Tá Dún na nGall ar cheann de chontaetha na tíre atá mar chuid de Chlár Aoisbhá na hÉireann. Is í aidhm an chláir ná go mbeadh Éire ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le dul in aois inti. Tá tionchar mór ag Covid19 ar ár seirbhísí go fóill agus bíonn go leor dúshlán le sárú againn uilig ach go háirithe ag daoine breacaosta. Táthar ag moladh dóibh fanacht slán ina dtithe agus gan a bheith i gcuideachta a dteaghlaigh nó a gcairde.

 

Cuid d’fhoireann Chomhairle Conate Dhún na nGall a chuir na pacáistí le chéile (ó chlé) Sharleen Tinney, Róise Ní Laifeartaigh, Mairead Cranley, Annette McGrenra, Mary Clyde agus Mairead Lynch.

 

Ag labhairt di thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall, dúirt Cathaoirleach na Comhairle An Clr Rena Donaghey go bhfuil ‘aitheantas agus moladh mór tuillte ag daoine breacaosta as a gcuid oibre le linn Covid19. Léirigh said go raibh teacht aniar iontu i mbliana ach tá sé tábhachtach go gcoinneoidh siad orthu leis an dea-obair agus go dtabharfaidh siad aire dóibh féin le linn míonna an gheimhridh.

 

Chuir Clár Aoisbhá Dhún na nGall níos mó ná 7,500 pacáiste ar fáil do dhaoine breacaosta ar fud an chontae le linn na chéad dianghlasála. Fuarthas aiseolas iontach chomh maith le grianghraif a thaispeáin daoine ag cur na síolta a bhí le fáil sa phacáiste.

 

Ábhar an phacáiste

 

Is ilghníomhaireacht iad Comhaontas Aoisbhá Dhún na nGall a d’oibrigh ar chúpla togra go dtí seo. Tá siad tagtha le chéile arís leis an dara pacáiste a chur ar fáil do dhaoine breacaosta ach is pacáiste geimhridh é an iarraidh seo. Tá an pacáiste seo curtha in oiriúint do mheabhairshláinte agus sláinte choirp na ndaoine breacaosta atá ag fanacht ina dtithe an geimhreadh seo. 

 

Tá féilire Aidbhinte mar chuid den phacáiste seo agus osclófar doras úr achan lá ón chéad lá de mhí na Nollag go dtí Lá Nollag. Taobh istigh den doras, gheofar teachtaireacht dhearfach mheabhairshláite nó tasc a bheas le cur i gcrích an lá sin. Beidh giota seacláide le fáil mar luach saothair. Cuireadh béim ar chothú sa phacáiste seo agus tá eolas agus oidis chócaireachta chomh maith le hanraith agus brachán i bpaicéad le fáil ann.

 

Cé go bhfuil daoine breacaosta sáinnithe ina dtithe, tá an Clár Aoisbhá ag iarraidh go  spreagfar iad le dul amach taobh amuigh – tá bairéad sa phacáiste sa dóigh is go dtig leo dul amach agus síolta lus an chromchinn a chur agus síolta éan a thabhairt do na héin. Tá na síolta curtha ar fáil sa phacáiste.

Lá ar bith nach mbeidh siad ábalta dul amach, thig leo tabhairt faoi na gníomhaíochtaí atá sa leabhrán oibre nó an clár aclaíochta a leanúint. Cuideoidh seo lena n-intinn agus corp a choinneáil gníomhach.

Sna tráthnónta fada, is féidir leo úsáid a bhaint as an mhála tae atá sa phacáiste le cupa tae a dhéanamh, a scíth a ligean agus na bileoga eolais atá sa phacáiste a léamh. Tá eolas ann maidir le slándáil tí, an dóigh le teagmháil a choinneáil agus an tSeirbhís Chun an Tí atá á cur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Dhún na nGall. Rinneadh bris agus 5000 pacáiste a sheachadadh chuig tithe ar fud an chontae.

 

Samantha Mahon, Comhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt pacáiste geimhridh do Gerry McCready.

 

Ba mhian leis an Chlár Aoisbhá cur ina luí ar dhaoine breacaosta nach bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar an gheimhreadh seo ina n-aonar. Tá líon seirbhísí ar fáil i nDún na nGall a chuideoidh leat msh. má thagann uaigneas ort agus más mian leat labhairt le duine inteacht, is féidir úsáid a bhaint as an tseirbhís ALONE, má tá imní ort maidir le hólachán sa bhaile, thig dul i dteagmháil leis an fhóram alcóil nó má tá siopadóireacht le déanamh nó oideas dochtúra le bailiú, tá an Fhoireann Fhreagartha Pobail ansin le lámh chuidithe a thabhairt. Is féidir teacht ar na seribhísí seo trí scairt a chur ar líne chabhrach Covid19 de chuid na Comhairle Contae (atá saor in aisce) ag 1800-928-982 nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

 

Thug John G McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún nan Gall an teachtaireacht seo a leanas do dhaoine breacaosta ‘níl ort a bheith i d’aonar, níl le déanamh agat ach scairt a chur orainn agus cuideoidh baill den fhoireann leat nó má tá seirbhís ar leith de dhíobháil ort, cuirfidh siad ar bhealach do leasa thú’.

 

An Garda Síochána ag seachadadh na bpacáistí i Leitir Ceanainn.

 

Buíochas do na grúpaí seo a leanas:

 

Baill den Chomhaontas Aoisbhá, Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann, Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, Comhlachas Forbartha Aitiúil Dhún na nGall, Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall, Fóram Alcóil an Iarthuaiscirt, Ceangal chun Beatha, Meabhairshláinte Éireann, Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, An bus Nasc Áitiúil, Grúpaí pobail, Martin Coyle-Nasc Áitiúil, An Garda Síochána agus Seirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall, An tAonad um Ionchuimsiú Sóisialta, Rannóg na Gaelige, Seirbhísí Leabharlainne,

Tionscnamh ‘YOURS, Óg agus Aosta, Ag Tuigbheáil, ag Cuimhniú agus ag Roinnt, An Greásán Rannpháirtíochta Pobail agus Éire Shláintiúil a chuidigh agus a thacaigh leis an togra seo.

Tá buíochas ar leith tuillte acu siúd a chuir suas le 5000 pacáiste le chéile agus a rinne iad a sheacadadh ar fud Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO