Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Plean Iompair do Leitir Ceanainn

28-09-20 - Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú Plean Iompair Áitiúil do Leitir Ceanainn san am i láthair

Tá Beartas Náisiúnta, mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála (CNP) agus i Straitéis Athrú Aeráide na hÉireann, ag croílár an Phlean Iompair Áitiúil seo, beartais ina bhfuil spriocanna chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí mhodhanna taistil níos inbhuanaithe a sholáthar agus a spreagadh.

 

Sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (SRSE) do réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, leagtar amach riachtanas creata chun Plan Iompair Áitiúil (PIÁ) a ullmhú do cheantar sainithe ‘Réigiúnach’ Leitir Ceanainn.

 

Is é a dhéanfaidh an PIÁ: scrúdú a dhéanamh ar a laghad roghanna eile atá ann seachas an carr agus patrúin úsáide talún chun cuidiú le hathrú córa iompair a dhéanamh i dtaca le hiompar poiblí, siúl agus rothaíocht; feachaint le dul i ngleic le saincheisteanna reatha agus fadhbanna amach anseo sa ghréasán iompair ar an bhaile agus ar a chuid bealaí straitéiseacha; agus seo á dheanamh againn, cuirfear mionscagadh ar fáil ar chúrsaí taistil mar atá siad faoi láthair agus roinnt idirghníomhaíochtaí agus moltaí a chur chun tosaigh le haghaidh taisteal gníomhach, réitigh bóthar-bhunaithe ar a n-áirítítear na bealaí straitéiseacha, agus réitigh chun níos mó iompar poiblí a sholáthar agus daoine a spreagadh le níos mó úsáide a bhaint as.

 

Iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall ort an suirbhé beag seo a dhéanamh chun eolas a sholáthar dúinn don phlean seo atá á ullmhú againn agus chun cur leis an rannpháirtíocht ag céim níos faide anonn nuair a fhoilseofar an Dréachtphlean Iompair Áitiúil in 2021.  Ba mhaith linn a chluinstin ó gach aoisghrúpa agus ó gach réimse den tsochaí maidir leis an taithí agus na tuairimí atá acu ó thaobh cúrsaí taistil agus iompair ar Bhonneagar Iompair Leitir Ceanainn.

 

Tá an suirbhé beo anois agus is féidir dul chuige fríd an nasc thíos nó trínár suíomh idirlín donegalcoco.ie agus beidh sé ar oscailt go dtí Dé hAoine 16 Deireadh Fómhair 2020; beidh gach eolas a fhaightear rúnda agus úsáidfear é chun cuidiú leis an Phlean Iompair Áitiúil do Leitir Ceanainn a ullmhú – anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO