Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Rabhadh fearthainne stádas oráiste

24/08/20 Rabhadh stádas oráiste le haghaidh fearthainne i nDún na nGall agus Stoirm Francis ar an bhealach.

Tá Met Éireann i ndiaidh rabhadh aimsire ar stádas oráiste le haghaidh fearthainn throm a eisiúint do Dhún na nGall agus d’áiteanna eile sa tír, ag toiseacht ar pm anocht, Dé Luain 24 Lúnasa, go dtí 5pm Dé Máirt 25 Lúnasa.  Beidh idir 40-60mm d’fhearthainn ann, agus níos mó ar thailte níos airde.

 

 

Ós rud é go bhfuil cuid mhór uisce sa talamh cheana féin in go leor ceantracha táthar ag dréim go dtarlóidh tuilte ar dhromchlaí in áiteanna éagsúla laistigh den chontae.  Beidh ardú sa leibhéal uisce in aibhneacha fosta de bharr na fearthainne, agus d’fhéadfadh tuilte aibhneacha a bheith ann i roinnt ceantracha chomh maith.

 

 

Is féidir go mbeidh draenacha agus lintéir ag cur thar maoil leis an uisce ón fhearthainn agus iarrtar ar úinéirí agus ar shealbhóirí iad a sheiceáil le haghaidh blocálacha.

 

 

Iarrtar ar thiománaithe a bheith níos cúramaí agus iad ag tiomáint le linn fearthainn throm agus a bheith airdeallach i dtaca le tuilte anseo is ansiúd ar na bóithre.

 

 

Ba chóir do dhaoine ar an trá a thuigbheáil go bhféadfadh tonnta arda a bheith ann le linn na tréimhse seo agus iarrtar oraibh a bheith an-airdeallach ar fad in áiteanna oscailte cósta agus éisteacht le comhairle ón Gharda Cósta ‘coinneáil siar, coinneáil ard agus coinneáil tirim’.

 

 

Tá Foireann Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall ag coinneáil súil ar an aimsir atá chugainn agus leanfaidh muid orainn ag monatóireacht na gcoinníollacha ar fad go háitiúil agus Stoirm Francis ag dul fríd an chontae.  Tá gach seirbhís de chuid na Comhairle réidh chun gnímh mar is gnách.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall le linn gnáthuaireanta oibre ar (074) 91 53900 agus má tharlaíonn eachtra éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar (074) 91 72288.  I gcás éigeandála ina bhfuil gá leis an tSeirbhís Dóiteáin, cuir scairt ar 999 nó ar 112.

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta le cúrsaí aimsire trí chlárú le haghaidh rabhaidh saor in aisce chuig do ghuthán ar www.mapalerter.com/donegal nó trí Comhairle Contae Dhún na nGall a leanúint

ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO