Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ráiteas ó Chathaoirleach na Comhairle

30/04/2020 Ráiteas ó Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Nicholas Crossan

Bhí cruinniú ag Grúpa Beartais Chorparáidigh na Comhairle níos moille inniu trí theileachomhdháil chun plé a dhéanamh ar thionchar COVID-19 ar obair na Comhairle agus ar sholáthar Sheirbhísí Éigeandála agus Riachtanacha na Comhairle a mbíonn an pobal ag brath orthu le linn na tréimhse gan fasach seo.   

 

Ba mhaith liom a chinntiú don phobal go bhfuil an Chomhairle ag leanúint léi ag freagairt do chásanna éigeandála agus ag leanúint lena gcláracha éagsúla oibre agus pleanannaa atá socraithe don bhliain 2020, le roinnt eisceachtaí, i gcásanna nuair a bhí orainn obair a chur siar de bharr na srianta atá ann faoi láthair i dtaca le COVID-19.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann na Comhairle agus le hoibrithe sláinte agus le gach duine atá ag déanamh obair riachtanach le linn cúinsí iontach dúshlánach agus iontach dian faoi láthair.

 

Shocraigh na baill den Ghrúpa Beartais Chorparáidigh gur chóir, cé go bhfuil an dianghlasáil dúchlánach agus deacair, gur chóir go ndéanfaí ár gcuid cinnithe maidir le hobair na Comhairle bunaithe ar shláinte agus sábháilteacht an phobail, agus ar shláinte agus sábháilteacht na gComhairleoirí agus na mball foirne.    

 

Phléigh na Baill fosta cad é mar a dhéanfaidh an Chomhairle a cuid gnó trí na próisis éagsúla, Cruinnithe Iomlána na Comhairle, Cruinniú Ceantair Bardais etc agus aontaíodh go ndéanfaí é seo a athbhreithniú tar éis fógra ón Rialtas ar cad iad na bearta a bheadh i bhfeidhm go fóill i ndiaidh 5 Bealtaine 2020, agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr laghdú na srianta de réir a chéile le himeacht ama, dá dtarlódh seo, agus go mbeidh sin le plé i gcomhthéacs cruinnithe den Chomhairle a reáchtáil.  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO