Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Réaltaí Léitheoireachta an tSamhraidh seolta

02/07/20 Réaltaí Léitheoireachta an tSamhraidh 2020

Summer Reading Stars

Grianghraf den Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh, agus í ag seoladh Clár Réaltaí Léitheoireachta an tSamhraidh ag Leabharlann Bhun Cranncha in éineacht le baill foirne de chuid Leabharlann Chontae Dhún na nGall Belinda Glackin, Kevin McCaul, Karen Sheehy agus Sinéad McLaughlin agus a gcuid páistí. 

 

Seoladh Clár Réaltaí Léitheoireachta an tSamhraidh i Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Dé Céadaoin 1ú Iúil.  Bhí Cathaoirleach Rena Mhic Dhonnchaidh i láthair agus dúirt sí: “Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall an clár iontach litearthachta seo a sheoladh inniu i Leabharlann Pobail Bhun Cranncha, a bhfuil athchóiriú déanta uirthi ar na mallaibh.  Tá lúcháir orm go bhfuil ár leabharlanna ag toiseacht ar athoscailt arís de réir a chéile, mar gur seirbhís thábhachtach phobail í an tseirbhís leabharlainne agus seirbhís í a chronaigh cuid mhór daoine le roinnt míonna anuas.”

 

Beidh baill foirne leabharlainne agus teaghlaigh áitiúla i láthair. Dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin: “Is dóigh iontach í Réaltaí an tSamhraidh le leibhéil litearthachta do pháiste a choinneáil ard le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Tá clár spraíúil, idirghníomhach agus sultmhar do pháistí curtha le chéile againn le haghaidh mhí Iúil agus Lúnasa.  Beidh seirbhís amharc agus iasacht ar fáil i gcúig cinn dár leabharlanna i mBun Cranncha, Bun Dobhráin, An Lárleabharlann, Leabharlan an Dá Bhaile agus Leabhárlann Phobail Ghaoth Dobhair le go mbeidh deis ag páistí cuairt a thabhairt ar leabharlann arís”. 

 

Ba mhaith le leabharlanna Dhún na nGall bheith i dteagmháil lenár léitheoirí óga arís agus beidh neart gníomhaíochtaí, amhail ealaíona agus ceardaíochtaí, le piocadh suas ón chosán ag Leabharlann Bhun Cranncha, Leabharlann Bhun Dobhráin agus an Lárleabharlann, (Leitir Ceanainn) gach Máirt ar 11am ón 7 Iúil go dtí an 11 Lúnasa; club leabhar léamh os ard ar líne go ceann 4 seachtaine ag toiseacht ar an Déardaoin 9 Iúil ar 11am; Scéalaíocht ar líne de ‘I am Love’ le Terri McMenamin agus iógá ina dhiaidh sin ar an Aoine 10, 17 agus 24 Iúil ar 11am. Beidh cuid mhór gníomhaíochtaí ar líne chomh maith amhail tóraíochtaí taisce, tráth na gceisteanna ar líne agus dúshláin ghramadaí.  Fá choinne tuilleadh eolais féach leat www.donegallibrary.ie nó gabh chuig ár leathanach Facebook.

 

Tá fáilte roimh pháistí ar fud na tíre a bheith páirteach san eachtraíocht, agus taitneamh agus sult a bhaint as pléisiúr na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta le linn an tsamhraidh.  Níl aon iomaíocht i gceist le Réaltaí an tSamhraidh agus gach páiste a léann fiú leabhar amháin meastar go bhfuil an clár curtha i gcrích acu - agus tá sé uilig saor in aisce!

 

Tá Réaltaí an tSamhraidh i mbliana ag ceiliúradh samhlaíochtaí na bpáistí trí chomórtas gearrscéalta a reáchtáil, An Unexpected Adventure.  Tá trí aoisghrúpa ann le duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus dóibh siúd sa dara háit.  Tuilleadh eolais ar [email protected]

Tá cuid mhór closleabhar agus ríomhleabhar againn a thig cuidiú leat éalú, tríd an aip iontach BorrowBox.  Is féidir an aip a úsáid chun spléachadh a thabhairt ar an bhailiúchán de ríomhleabhair agus de chlosleabhair atá ar fáil ag Réaltaí an tSamhraidh, iad a fháil ar iasacht, iad a léamh nó éisteacht leo.  Tá sé seo ar fáil saor in aisce do gach ball le húsáid ó aon áit ar bith, ag aon am ar bith.  Is féidir le daoine nach baill iad clárú saor in aisce ar líne ar https://www.librariesireland.ie/join-your-library.

 

Tríd is tríd, tá neart ar fáil uainn le linn Réaltaí an tSamhraidh 2020! Tá an clár iomlán ar fáil ar ár suíomh idirlín www.donegallibrary.ie nó ar leathanach Facebook Leabharlann Chontae Dhún na nGall

 

Lig dúinne i Leabharlanna Dhún na nGall do shaol a athrú, a shaibhriú agus a spreagadh le linn an tsamhraidh seo!

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO