Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Réidh don stoirm

Acmhainní na Comhairle ullmhaithe don stoirm

Tá Rabhadh Aimsire Flannbhuí eisithe ag Met Éireann do ghaotha arda i nDún na nGall, Liatroim, Gaillimh, Maigh Eo, agus Sligeach. Beidh gaotha ó dheas ag dul suas go dtí 65 – 80km san uair chomh maith seideáin suas go dtí 130km san uair. Táthar ag dréim go mairfidh na gaotha seo ó 5.00am go dtí thart fá 9.00pm Dé Luain 13 Eanáir.

 

Buailfidh Stoirm Bhreandáin an cósta thiar go luath maidin Dé Luain agus ansin rachaidh sí trasna na tír le linn na maidine, ag tabhairt léi aimsir stoirmiúil agus fearthainn throm ar fud na tíre, agus baol tuilte in áiteanna. Tá seans mór ann go mbeidh tuilte cois cósta san Iarthuaisceart de bharr taoidí arda agus an stoirm ag teacht le chéile.

Tá Carrchlós na Cé i mBaile Dhún na nGall druidte ó 6pm Dé Domhnaigh go dtí 8.00am maidin Dé Máirt ar eagla go dtarlóidh tuilte cósta ansin.

 

Tá Foireann Measúnachta Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh teacht i bhfeidhm agus tá siad ag déanamh monatóireacht ar staid na haimsire sa chontae.

Tá gach acmhainn de chuid na Comhairle ullmhaithe agus réidh don stoirm atá ag teacht.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO