Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Richard Curran le labhairt

24/02/20 Láithreoir Dragon’s Den, Richard Curran le labhairt ag imeacht Ghnó & Bhricfeasta i Leitir Ceanainn

Richard Curran

Richard Curran

 

Beidh láithreoir Dragon’s Den agus an t-iriseoir gnó iomráiteach Richard Curran i láthair ag Ócáid ghnó & bhricfeasta i Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn. Déanfaidh sé a thuairimí a nochtadh maidir leis an Bhreatimeacht agus an dóigh go dtig le gnólachtaí i nDún na nGall cur lena gcuid deiseanna.

 

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall a bheas i mbun na himeachta atá mar chuid de Sheachtain na Fiontraíochta agus a bheas ar siúl ar an Chéadaoin 4ú Márta in Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn.

 

Is í seo an chéad imeacht de sraith imeachtaí rannpháirtíochta gnó a bheas á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Tiocfaidh gnólachtaí an chontae, iad siúd atá ag beartú gnó a thoiseacht nó ag iarraidh a ngnó a lonnú i nDún na nGall le chéile agus pléifidh siad na deiseanna gnó a bheas mar thoradh ar an Bhreatimeacht, beidh deis acu páirt a ghlacadh i bhfóram plé oscailte agus labhairt leis an Chomhairle maidir leis na seirbhísí éagsúla atá ar fáil.

 

“Tá lúcháir mhór orainn go mbeidh an t-iriseoir Richard Curran linn leis an eochairaitheasc a chur ar fáil ag an chéad imeacht den sraith imeachtaí rannpháirtíochta gnó a bheas ar siúl ar fud an chontae” a deir Cathaoirleach na Comhairle an Clr. Nicholas Croosan.

 

“Tá an Breatimeacht ag tarlú agus cé go bhfuil go leor éiginnteachta ag baint leis an phróiseas agus cúrsaí trádála, tá gnólachtaí anseo i nDún na nGall agus gnólachtaí ar mian leo lonnú anseo ag plé na ndeiseanna a bheas ann dóibh seasmhacht a chruthú sa dóigh agus go mbeidh siad ábalta dul ó neart go neart agus a bheith ullmhaithe chun maireachtáil i dtimpeallacht atá ag athrú an t-am ar fad.”

 

Tá Richard Curran mar láithreoir ar an chlár raidió Gnó atá ar RTÉ Raidió a hAon agus ina cholúnaí leis an Irish Independent agus an Sunday Independent chomh maith le bheith ina láithreoir ar chlár teilifíse RTÉ, Dragon’s Den. Tá sé ag obair mar iriseoir gnó le 25 bliain anuas agus roimh sin, d’oibrigh sé mar leas-eagarthóir leis an Sunday Business Post agus mar eagarthóir gnó leis an Irish Independent. Rinne sé dhá leabhar a chomh-scríobh, ceann amháin bunaithe ar fhiontraithe na hÉireann agus an ceann eile faoi theip Chumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann. Tá roinnt cláracha faisnéise déanta aige do RTÉ fosta.

 

Déanfar Seirbhís Fáilteoireachta Gnó na Comhairle Contae a sheoladh le linn na himeachta. Tá tús á cur leis an tseirbhís seo mar chuid den Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíoch úr atá bunaithe ag an Chomhairle. 

 

“Bunaíodh an tseirbhís chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí áitiúla nua-bhunaithe nó iad siúd atá nua-lonnaithe chun iad a threorú agus a cheangal leis na príomhseirbhísí agus pearsanra, chun cuidiú leo ó thaobh dualgais rialaitheacha nó reachtúla agus fosta go straitéiseach trí infheistíocht a chur isteach sa Chontae, ó fhoinsí taobh istigh den tír agus thar lear” a mhínigh Stiúrthóir Forbairt Eacnamaíoch na Comhairle, Garry Martin. 

 

“Beidh ár Seirbhís Fáilteoireachta Gnó agus seirbhísí eile na Comhairle ag obair as lámha a chéile, seirbhísí ar nós an Oifig Fiontair Áitiúil a chuireann réimse leathan tacaíochtaí agus comhairle ar fáil do ghnólachtaí, ar nós meantóireacht, oiliúint agus tacaíocht airgeadais.”

 

Beidh pearsanra ó sheirbhísí éagsúla na Comhairle ar nós an Oifig Fiontair Áitiúil, Pleanáil, Bóithre, Rialú ar Thruailliú & Timpeallacht, Sábháilteacht Dóiteáin, Rátaí Tráchtála agus Réitigh Réadmhaoine i láthair agus beidh siad ar fáil chun comhairle aonarach a thabhairt le linn na himeachta.

 

Beidh an imeacht ar siúl in Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn ón 8.00 r.n. go 10.00 r.n. Dé Céadaoin, 4ú Márta 2020. Táille saor in aisce ach moltar áit a chur in áirithe roimh ré. Is féidir é sin a dhéanamh ar líne ag https://bit.ly/37LXe8m

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO