Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Scéalaíocht an Earraigh

07/05/20 Sceálaíocht an Earraigh ar líne i mí na Bealtaine

Spring into Storytime

 

Bíonn Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Chontae Dún na nGall ar lorg dóigheanna úra spreagúla chun seirbhísí suimiúla agus oideachasúla a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do pháistí.   Le linn na Bealtaine seo, mar chuid den chlár Scéalaíocht an Earraigh, beidh seisiúin scéalaíochta ar siúl ar líne in áit na seisiún Am Ríme agus Scéalaíocht ar ghnách a bheith ar siúl sa leabharlann áitiúil i gcomhluadar bhur leabharlannaithe cairdiúla.

 

Beidh rogha údair Éireannacha agus leabhair Éireannacha sna seisiúin seo agus chuige seo tá lúcháir ar an tSeirbhís Leabharlainne go léifidh an t-údar Malachy Doyle a leabhar Collywobble Dé Sathairn 9 Bealtaine ar 10.30am.

 

Dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin le Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Chontae Dún na nGall: “Is deis iontach é Scéalaíocht an Earraigh chun bheith ar do sháimhín só i measc do theaghlaigh féin agus sult a bhaint as ceol den scoth agus seisiúin scéalaíochta. Tá an t-ádh dearg orainn anseo i nDún na nGall go bhfuil ealaíontóirí dár gcuid féin ag obair linn. Léiríonn an togra Scéalaíocht an Earraigh gur mhaith linn teaghlaigh a spreagadh chun bheith ag léamh lena gcuid páistí.  Is féidir linn comhoibriú le chéile chun aird an phobail a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann leis an léitheoireacht mar ghníomhaíocht spraíúil shultmhar do theaghlaigh, agus ar na buntáistí a bhaineann leis na seirbhísí agus acmhainní saor in aisce ó na leabharlanna.” 

 

Is tionscnamh náisiúnta é Scéalaíocht an Earraigh agus tá sé ar siúl in achan leabharlann mar chuid den chlár An Ceart chun Léimh.   Ceiliúrann sé an tábhacht atá le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag inse scéalta.

 

Beidh gach seisiún ar siúl ar bhonn digiteach ar leathanach facebook Leabharlann Dhún na nGall @donegallibrary agus seo a leanas na himeachtaí:

 

Déanfaidh Bernie Doherty ó Boogie Bugs sraith de sheisiúin cheoil deich mbomaite do pháistí réamhscoile. Beidh roinnt amhrán de chuid Boogie Bugs ann, chomh maith le amhráin thraidisiúnta atá ar eolas ag gach duine againn agus dúil againn iontu.  Seo a leanas na dátaí agus na hábhair:

 

Dé Sathairn 16 Bealtaine ar 10.30am

Hello Boogie Bugs, Twinkle Twinkle Little Star, Busy Buzzy Bee, Hands Up If You Like Watermelon

ABC, You Are My Sunshine agus Until Next Time

 

Dé Sathairn 23 Bealtaine ar 10.30am

Hello Boogie Bugs, Row Row Row Your Boat, I Love Green, Humpty Dumpty, Silly Shape Song

I’m Taking Some Time To Look At The Stars, Freeze Song agus Until Next Time.

 

Dé Sathairn 30 Bealtaine ar 10.30am

Hello Boogie Bugs, Incy Wincy Spider, I Was Walking Round the Farm, Baa Baa Black Sheep

Mary Had a Little Lamb, I’d Like to be Your Friend agus Until Next Time.

 

Is scéalaí agus ceoltóir í Karen Edwards agus tá dóigh dheas aici ina gcuireann sí giota beag ceoil leis an scéalaíocht ar an fheadóg mhór nó ar an fheadóg stáin.  Léifidh Karen dhá scéal mar seo a leanas:

 

Dé Céadaoin13 Bealtaine ar 10.30am

Insíonn Rabbit and the Magic Apple Tree an scéal faoin dóigh a fhaigheann Rabbit amach an focal faire rúnda don doras sa chrann úll draíochta agus sábhálann sé an crann ó spiorad olc an mhac tíre oilc.

 

Dé Céadaoin 27 Bealtaine ar 10.30am

Sa scéal ‘How the Midgies came to be’ insítear faoin dóigh a bhfuair muintir Inbhear Nis in Albain an bua ar an fhathach oighir Threim agus faoin dóigh ar tháinig na Míoltóga go hÉirinn.

 

Fá choinne tuilleadh eolais tabhair cuairt ar an Leathanach Imeachtaí ar www.donegallibrary.ie lean Leabharlann Chontae Dhún na nGall ar Facebook nó Twitter.

 

Tá na leabharlanna druidte don phobal san am i láthair, ach tá cuid mhór acmhainní agus áiseanna ar fáil ar líne, ina measc leabhair leitreonacha, leabhair éisteachta greannáin leictreonachairisí leictreonacha, agus réimse leathan cúrsaí ar líne, ina measc cúrsaí chun cuidiú le muinín páistí agus scileanna léitheoireachta. Tá moltaí agus comhairle ann fosta do thuismitheoirí agus do chúramóirí chun páistí a spreagadh chun léimh. B’fhéidir nach mbíonn fonn léitheoireachta ar do pháiste?  Léiríonn roinnt staidéar go bhfuil ceangal idir an léitheoireacht shultmhar le linn na hóige agus saol níos sásúla níos faide anonn.

 

Tá roinnt teideal ann fosta a bhfuil de sprioc acu páistí a bhfuil disléicse orthu a spreagadh chun níos mó a léamh.   Fá choinne tuilleadh eolais ar na seirbhísí tacaíochta seo, agus tuilleadh, féach an leathanach Love Books  ar shuíomh idirlín Leabharlann Dhún na nGall ar an nasc seo a leanas http://www.donegallibrary.ie/mainnavigation/lovebooks/inspiringyoungreaders/

 

Agus an rud is fearr ar fad, tá sé uilig go huile is go hiomlán saor in aisce.

 

Má tá aon cheist ginearálta agat is féidir dul i dteagmháil linn ar 074 91 53900 nó ar ríomhphost ag [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO