Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Scéimeanna úra tithíochta sóisialta oscailte

07-08-20 Scéimeanna úra tithíochta sóisialta oscailte go hoifigiúil ag an Aire O’Brien i nDún na nGall.

Thug an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, cuairt ar Dhún na nGall Déardaoin (an 6ú Lúnasa 2020) le dhá scéim úra tithíochta sóisialta a oscailt go hoifigiúil, leis an fhód a iompú ar fhorbairt úr tithíochta agus le cuairt a thabhairt ar dhá shuíomh ar a bhfuil tionscadail tithíochta sóisialta á dtógáil. Is ionann na forbairtí seo agus infheistíocht fhoriomlán de chóir a bheith €18.7m sa tsoláthar Tithíochta Sóisialta i nDún na nGall faoin chlár Atógáil Éireann.

 

Chuir an tAire O’Brien tús lena chuairt i mBaile Dhún na nGall ar maidin, áit ar thug sé cuairt suímh ar láithreán tógála na tithíochta sóisialta agus deonaí ag Páirc an Iarnróid, Baile Dhún na nGall, áit a dtógfar 24 aonad úr tithíochta sóisialta arb ionann iad agus infheistíocht de €5.3m.   Cuimseoidh an fhorbairt 24 aonad tithíochta sóisialta agus 10 n-aonad cónaithe deonacha a sholáthrófar i gcomhpháirt le Cumann Tithíochta Oaklee.

 

Donegal Town

An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, ar cuairt ar láithreán tógála na tithíochta sóisialta agus na tithíochta deonaí i mBaile Dhún na nGall in éineacht leis an Chathaoirleach, an Comhairleoir Rena Donaghey, agus Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, an Comhairleoir Michael Naughton, Aire Sóisearach Stáit Charlie McConalogue, an Seanadóir Niall Blaney, Thomas Pringle TD, Joe Peoples, Stiúrthóir Seirbhíse, Michael McGarvey, baill thofa, foireann tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an Conraitheoir - John O’Donnell Construction Ltd.

 

Sna Cealla Beaga, d’oscail an tAire scéim úr tithíochta go hoifigiúil ag an Chéide Iathghlas, na Cealla Beaga.  Cuimsíonn an fhorbairt 5 aonad dhá sheomra leapa agus 4 aonad trí sheomra leapa arb ionann iad agus infheistíocht fhoriomlán de €1.75m.

 

Killybegs

Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, ag gabháil d’oscailt oifigiúil na forbartha tithíochta sóisialta ag an Chéide Iathghlas, na Cealla Beaga.

 

D’iompaigh an tAire an fód fosta ag tailte de chuid na Comhairle i Ráth Bhoth, áit a dtógfar forbairt tithíochta sóisialta de 18 n-aonad, a chuimseoidh 4 aonad 2 sheomra leapa, 6 aonad trí sheomra leapa agus 1 aonad riachatanas speisialta ar chostas iomlán de thart ar €2.7m.

 

Raphoe

Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, ag iompú an fhóid ar an scéim tithíochta sóisialta i Ráth Bhoth.

 

Sa Bhaile Nua, rinne an tAire scéim tithíochta úr lándéanta a oscailt go hoifigiúil ag Heathhill/Cnoc an Fhraoigh, an Baile Nua.  Cuimsíonn an fhorbairt 19 n-aonad tithíochta sóisialta ar aonaid trí sheomra leapa 13 acu agus aonaid ceithre sheomra leapa 6 acu. Is infheistíocht de thart ar €4m é seo.

Newtowncunningham

Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, ag gearradh an ribín le heastát Chnoc an Fhraoigh a oscailt go hoifigiúil sa Bhaile Nua.

 

I mBun Cranncha, thug an tAire cuairt suímh ar an láithreán tógála tithíochta sóisialta i mBaile na Carraige, Bun Cranncha, áit a dtógfar 21 aonad tithíochta sóisialta ar chostas de thart ar €4.9m.

 

Rockytown

Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, ag tabhairt cuairt ar an láithreán tógála ag an scéim tithíochta sóisialta i mBaile na Carraige, Bun Cranncha. 

 

Cuireadh clabhsúr ar an lá le seoladh Scéim Deontas na mBloc Coincréite Lochtacha ag Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO