Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Scéim Faoisimh Tuilte na nGleanntach

21-12-20 Scéim Faoisimh Tuilte na nGleanntach – Oibreacha Suirbhéireachta

Tá an réamh-imscrúdú agus an chéim deartha de Scéim Faoisimh Tuilte na nGleanntach á gcur chun cinn ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Oifig na nOibreacha Poiblí.   Táthar le tabhairt faoi mheasúnú mionsonrach ar bhaol tuilte sa bhaile bunaithe ar chásanna reatha agus todhchaí.  Tá gá anois le suirbhéanna topagrafacha ar shruthchúrsaí, ar thailte cóngaracha agus ar thairseacha réadmhaoine na n-áitreabh cónaithe agus tráchtála.  Gabhfaidh na hoibreacha seo na sonraí atá de dhíth le ríomhshamhail cothrom le dáta de Limistéar na Scéime a chruthú.  Ionsamhlóidh an tsamhail cásanna sruthaithe mionsonracha d’fhonn achar agus doimhne tuilte a shainiú.  Sainaithneoidh aschuir na samhla aon áitribh a bheadh thíos le baol tuilte agus na bearta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm lena gcosaint. Má bhíonn bearta de dhíth, breithneofar ar réimse de roghanna, ó réitigh abhantraí nádúrbhunaithe a mhoilleoidh an sruth go dtí idirghabhálacha ar bhonn áitiúil amhail claífoirt nó cosaintí atá ann i láthair na huaire a chur in oiriúint nó meascán díobh seo.  Tiocfaidh achan bheart faoi réir dianmheasúnú timpeallachta. 

Táthar i ndiaidh Murphy Geospatial a cheapadh le hoibreacha suirbhéireachta a dhéanamh sna Gleannta, mar seo a leanas:

  • 5ú  – 14ú Eanáir 2021: Suirbhé Cainéil Abhann (Abhainn Shrath Chaisil agus  Abhainn Fhia);
  • 18ú  – 22ú Eanáir 2021: Suirbhé ar Thairseacha Talaimh agus Réadmhaoine.

 

Rachaidh Eolaí Cairte Comhshaoil in éineacht leis na suirbhéirí le linn na suirbhéanna abhann lena chinntiú go bhfantar glan ar phobail de dhiúilicíní péarla fionnuisce in Abhainn an Fhia.  Léiríonn an léarscáil atá curtha ar fáil limistéar foriomlán an tsuirbhé agus suíomh na suirbhéanna ar thairseach réadmhaoine. 

Déanfaidh Murphy Geospatial taifead de na leibhéil ag an phointe is ísle den réadmhaoin a bhfeádfadh sé baol tuilte a bheith ag baint leis, an leibhéal tairsí. Go ginearálta, is é seo doras tosaigh na réadmhaoine agus is féidir é a thaifeadadh ón bhóthar phoiblí. I roinnt cásanna, áfach, má bhíonn an pointe is ísle ag cúl na réadmhaoine, nó má bhíonn bothán nó foirgneamh tánaisteach ann ar an réadmhaoin, d’fhéadfadh sé gur ghá leibhéal tairsí breise a thaifeadadh a bhféadfadh sé nach mbeadh sé infheicthe ón bhóthar phoiblí. Sna cásanna seo, is féidir go mbeadh ar na suirbhéirí dul isteach sa réadmhaoin leis an leibhéal a thaifeadadh. Níor cheart go mairfeadh an suirbhé níos mó ná 15 bhomaite.

Tá na ráitis sábháilteachta agus bithshlándála iomchuí, a léiríonn a gcuid prótacal agus nósanna imeachta i dtaca le Covid-19 agus leis an bhithéagsúlacht go háirithe, faighte ag Comhairle Contae Dhún na nGall ó na suirbhéirí.   Beidh suaitheantais aitheantais ar láimh ag gach suirbhéir.

Thig leat níos mó eolais a fháil ar an tionscadal ag Glenties FRS (countydonegalfrs.ie).

Má bhíonn aon cheisteanna agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAonad na Scéimeanna Faoisimh Tuilte i gComhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9153900 nó ríomhphost a chur chuig [email protected]

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas a ghabháil leis an phobal roimh ré as a gcomhoibriú, nó treoróidh sé seo go mór an dóigh a ndéanfar baol tuilte sna Gleannta a bhainistiú.

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO