Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seachtain na nInnealtóirí agus Uisce Éireann

05/05/20 Uisce Éireann - Dúshláin i dtaca le bonneagar uisce poiblí le linn Sheachtain na nInnealtóirí

Irish Water Engineers Week

Painéal saineolaithe tionsclaíochta a d’fhreastail ar chraoladh de Scéal an Uisce in IT Leitir Ceanainn an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na nInnealtóirí 2020, mar atá, Mary O’Hara Uisce Éireann; Jim Bonner, Comhairle Contae Dhún na nGall; Martin Temple, Eamon Doherty agus Denise McManus, Uisce Éireann; agus Noreen Durning agus Mary Carr, léachtóirí in IT Leitir Ceanainn.

 

Ghlac baill foirne de chuid Uisce Éireann san Iarthuaisceart páirt i sraith imeachtaí chun an innealtóireacht a chur chun cinn le linn Sheachtain na nInnealtóirí a bhí ar siúl ón 29 Feabhra go dtí 6 Márta 2020.



Tá Seachtain na nInnealtóirí á comhordú ag Innealtóirí Éireann chun mic léinn, a múinteoirí agus tuismitheoirí a spreagadh chun eolas a fháil amach faoin innealtóireacht sa saol agus b’fhéidir smaointiú ar shlí bheatha i gceann amháin de na disclipíní éagsúla innealtóireachta.  



Tá breis agus 800 ball foirne fostaithe ag Uisce Éireann ar fud na tíre i réimsí éagsúla amhail an innealtóireacht, an timpeallacht, an eolaíocht, sláinte agus sábháilteacht, acmhainní daonna, airgeadas, dlí, pleanáil agus cumarsaidí, agus breis agus 120 ball foirne ag obair ó na hoifigí réigiúnacha i nDún na nGall, i gCabhán agus i gCaisleán an Bharraigh.

 

Tá taighde coimisiúnaithe ag Uisce Éireann agus déanta ag B&A a thugann le fios go n-admhaíonn 44% de phobal na hÉireann ‘nach bhfuil aon eolas ná mórán eolais acu’ faoin obair a dhéanann Uisce Éireann, agus deir beagnach 80% de na daoine sa tsuirbhé go bhfuil suim acu tuilleadh a chluinstin faoi sheirbhísí uisce agus faoi phleananna leanúnacha agus faoi phleananna don todhchaí.

 

Mar fhreagairt air seo, léirigh Uisce Éireann an scéal iomlán taobh thiar de na dúshláin atá ann i dtaca leis an ghréasán poiblí uisce agus fuíolluisce le linn Sheachtain na nInnealtóirí trí chlár faisnéise úr, The Story of Water, a thaispeáint do mhic léinn Innealtóireachta agus Eolaíochta in IT Leitir Ceanainn Dé Luain. Bhí seisiún bríomhar ceisteanna agus freagraí i ndiaidh na hócáide, ar ghlac saineolaithe tionsclaíocha páirt ann ó Uisce Éireann agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá an clár faisnéise mar chuid de chlár leanúnach eolas poiblí chun cuidiú le daoine tuiscint a fháil ar an ról a imríonn uisce inár saol laethúil, a luach agus a shaolré casta, agus an próiseas chun uisce agus fuíolluisce a chur tríd an ghréasán poiblí.  Tugann sé léargas ar an tionchar níos mó atá ag tarlú de bharr athrú aeráide; an fáth a bhfuil caomhnú uisce ag éirí níos práinní i dtír ar nós na hÉireann; an dóigh a ndéantar uisce inólta as fearthainn agus an dochar a dhéantar nuair a shruthlaíonn daoine rudaí míchuí síos an leithreas; agus an obair atá Uisce Éireann a dhéanamh leis an timpeallacht a chosaint, an gréasán a dheisiú agus tacú le forbairt eacnamaíochta.

 

Is toradh tábhachtach é The Story of Water ar chlár leanúnach oideachais agus feasachta don phobal de chuid Uisce Éireann, rud a chlúdaíonn feachtais feasachta chun uisce  a chaomhnú, feachtais feasachta i dtaca le sceitheadh uisce, comhpháirtíocht le Cóstaí Glana chun Smaointiú roimh Shruthlú, agus urraíocht a dhéanamh ar an téama uisce i gclár Scoileanna Glasa An Taisce.

 

Dúirt Anthony Skeffington, Bainisteoir Oibríochtaí Saoráidí le hUisce Éireann: “Tá lúcháir orainn bheith ag tacú le Seachtain na nInnealtóirí 2020.  Is tionscnamh iontach é chun aird a tharraingt ar an ról tábhachtach a imríonn innealtóirí sa saol agus chun daoine óga a spreagadh le smaointiú faoi shlí bheatha spreagúil a roghnú san innealtóireacht agus i réimsí oibre a bhaineann leis. 

 

“Tá an pobal ag inse dúinn gur mhaith leo níos mó a thuigbheáil faoina gcuid uisce, cá as a dtagann sé, agus tá ráite acu linn gur mhaith leo muid a bheith níos fearr ag déanamh cumarsáide leo.  Cluineann tomhaltóirí uainn nuair atá muid ag plé le píopaí pollta agus eachtraí a chuireann isteach ar a soláthar uisce agus nuair a bhíonn fadhbanna againn le séaraigh atá blocáilte nó ag cur thar maoil, ach níor inis muid an scéal níos ginearálta dóibh riamh faoi sheirbhísí poiblí uisce agus fuíolluisce in Éirinn, méid agus scála an dúshláin agus an saineolas teicniúil atá riachtanach ar fud an tionscail, ar a n-áirítear ár bpáirtnéirí sna húdaráis áitiúla, chun uisce glan, sábháilte, inólta a sholáthar le haghaidh geilleagar nua-aimseartha atá ag fás.  Tá infheistíocht ollmhór á déanamh sa bhonneagar uisce agus fuíolluisce.  Glacfaidh sé am na dúshláin a réiteach agus tá muid ag déanamh dul chun cinn.”

 

Tá idir rannpháirtithe idirnáisiúnta agus áitiúla in The Story of Water a bhfuil ina measc saineolaithe ó thionscal an uisce, innealtóirí, eolaithe comhshaoil, éiceolaithe, úsáideoirí rialta uisce, pearsana spóirt, oibrithe údaráis áitiúil agus fostaithe de chuid Uisce Éireann agus rialaitheoirí de chuid Uisce Éireann.    

 

Tá Story of Water ar fáil le hamharc air ag https://www.water.ie/storyofwater/

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO