Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seiceáil Umair Ola

29/06/20 Iarrtha ar Úinéirí Tí a gcuid umar ola a sheiceáil

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur in iúl don phobal gur tuairiscíodh líon an-ard doirte ola, as an ghnáth ar fad, ó umair ola tí le roinnt seachtainí anuas, rud a chuireann isteach ar fhoirgnimh, ar thalamh agus ar chúrsaí uisce, agus bíonn gá le hoibríochtaí glantacháin atá costasach agus fadálach.   De bharr ola a bheith níos saoire faoi láthair, is léir go bhfuiltear ag líonadh roinnt umar suas go dtí leibhéil atá déanamh dochar struchtúrtha nó ag scoilteadh na n-umar, agus tá fianaise ó bhéal go bhfuil daoine ag ceannach umair bhreise dara láimhe a d’fheadfadh a bheith lochtach.  Ba mhaith leis an Chomhairle a mholadh d’úinéirí tí an bhail atá ar a gcuid umar a sheiceáil sula líonfaidh siad é agus ansin é a sheiceáil arís láithreach bonn, agus go ceann tamaill ina dhiaidh sin, go háirithe ag áit ar bith a bhfuil píopaí ceangailte le chéile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le sceitheadh.

 

Nuair a sceitear ola ar an dóigh seo:

 

  • D’fhéadfadh sé dul isteach i ndúshraitheanna agus in urláir, fiú isteach i bhfoirgnimh béal dorais, agus bheadh gá le hoibreacha cóirithe an-chostasach,
  • D’fhéadfadh sé dul isteach fríd phíopaí plaisteacha faoi thalamh d’uisce inólta, ag truailliú an uisce agus ag fágáil boladh ola ar feadh i bhfad go dtí go mbaintear ar shiúl an cré agus na píopaí agus cinn úra a chur isteach.   
  • D’fhéadfadh sé éisc a mharú agus dochar a dhéanamh d’áiseanna poiblí ar nós uiscí snámha agus suíomhanna uisceshaothraithe cois cósta.

 

Aon duine a tchíonn doirteadh ola ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis an Chomhairle Contae tríd an Lár-Ionad Custaiméara ar 074-9153900 nó trí ríomhphost [email protected] fá choinne comhairle agus eolais.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO