Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seimineár Ceannairí an Iarthuaiscirt

10-12-20 Ceannairí Cathartha an Iarthuaiscirt chun foghlaim óna chéile i seimineár Chomhairle na hEorpa

Glacfaidh ceannairí cathrach Dhún na nGall agus Dhoire páirt inniu i seimineár speisialta a dhíríonn ar na buntáistí a bhaineann le comhoibriú trasteorann, agus a chuireann Samhail Réigiún Cathrach an IT chun cinn mar shampla de dhea-chleachtas do phobail agus d'údaráis eile atá suite taobh le teorainneacha idirnáisiúnta.

 

Tá an seimineár mar chuid de shraith atá á óstáil ag Comhairle na hEorpa, agus leagfar amach na nithe a foghlaimíodh ó chuir chuige chomhpháirtíochta na gComhairlí san Iarthuaisceart i leith príomh-shaincheisteanna straitéiseacha lena n-áirítear cuir chuige chomhroinnte i leith Trádála agus Infheistíochta, Covid-19, comhoibriú Oideachais agus comhoibriú Turasóireachta.

 

Beidh an Comhairleoir Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcuideachta an Chomhairleora Brian Tierney, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus John Kelpie, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus lear mór páirtithe leasmhara ón réigiún, agus cainteanna á dtabhairt acu do lucht éisteachta trasteorann comhdhéanta d’oifigigh rialtais áitiúla a thagann ón Boisnia-Heirseagaivéin, Republica Serbska, an Chróit agus Montainéagró.

 

Tá an seimineár ar cheann de cheithre imeacht atá le tarlú i gclár Chomhairle na hEorpa do na Balcáin Thiar ina ndéantar iniúchadh ar chuir chuige dhea-chleachtais maidir le comhoibriú trasteorann. Bhí cuairt staidéar pleanáilte le tarlú i mí Bealtaine na bliana seo ach athraíodh é go hardán fíorúil mar gheall ar an phaindéim.

 

Fiosróidh an tsraith roinnt de na dúshláin iomadúla a bhaineann go díreach le láithreacht na teorann agus conas is féidir le hidirphlé agus comhar i measc saoránach agus geallsealbhóirí tionchar a imirt ar an chaidreamh agus cuidiú le réigiúin chomhroinnte a gcumhachtaí a fheidhmiú ar bhonn dearfach agus ar bhealach níos éifeachtaí.

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Rena Donaghey gur chuir Samhail Réigiún Cathrach an IT treoirphlean láidir ar fáil do réigiúin eile. "Tá láidreacht mhór san aontacht. Tá an oiread sin níos mó le tairiscint againn mar réigiún aontaithe i dtéarmaí ár gcumais mar ghlan-ranníocóir don dá gheilleagar. Is réigiún é seo atá báite in oidhreacht chultúrtha chomhroinnte agus, gan trácht ach ar chuid dár ngnéithe díolacháin, is ábhar mórtais dúinn gur féidir linn turasóireacht uathúil trasteorann a bhfuil tarraingt idirnáisiúnta aici a thairiscint. Tá nascacht níos fearr, taisteal agus trádáil gan bhriseadh, agus comhoibriú oideachais feabhsaithe uile i gceist inár bhfís chomhroinnte agus anseo i nDún na nGall táimid tiomanta do thodhchaí bhríomhar spreagúil a fhorbairt lenár gcomharsana i nDoire agus ar an tSrath Bán."

 

Ag labhairt dó roimh an ócáid, d’áitigh an Méara Tierney go raibh comhghuaillíochtaí láidre trasteorann riachtanach don fhás eacnamaíoch. "Ní féidir barraíocht tábhachta a chur leis na buntáistí a bhaineann le comhoibriú agus le cur chuige comhcheangailte maidir le spriocanna straitéiseacha comhroinnte,” a dúirt sé. "Tá bunús láidir fáis bunaithe ag Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt trí theagmháil ríthábhachtach a chothabháil agus trí acmhainní comhroinnte a úsáid go héifeachtach lenár gcomhghleacaithe i nDún na nGall, ar mhaithe le leas coiteann an dá dhlínse. Tá dul chun cinn mór déanta againn maidir le próifíl an Iarthuaiscirt a thógáil mar Réigiún cathrach bródúil agus forásach a bhfuil go leor buntáistí uathúla le tairiscint aige i dtéarmaí a shuíomh teorann a nascann an tuaisceart agus an deisceart. Tá mé ag súil leis an tsamhail aontachta seo a phlé, agus cuid de na nithe fairsinge a d’fhoghlaim muid a roinnt."

 

Táthar ag súil go ndéanfar socruithe úra le haghaidh cuairt toscaireachta, i ndiaidh an tseimineáir, ar réigiún an Iarthuaiscirt chomh luath agus a bheas deireadh leis na srianta.

 

Dúirt saineolaí idirnáisiúnta trasteorann, Caitriona Mullan, atá lonnaithe go háitiúil, agus atá i gceannas ar an tsraith seimineár i gcomhpháirtíocht le hIonad Saineolais Chomhairle na hEorpa, "Tá múnla de dhea-chleachtas idirnáisiúnta againn i leith comhoibriú trasteorann anseo i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt. Tá lúcháir orm gur féidir liom an tsraith seo a éascú d'Ionad Saineolais Chomhairle na hEorpa. Chomh maith le foghlaim a roinnt, tá súil agam, de thoradh na sraithe seo, go mbeidh naisc amach anseo idir an dá réigiún s’againn – ar críocha iad atá ar imeall na hEorpa, agus a bhíonn ag leanúint orthu ag iarraidh fás agus forbairt a dhéanamh ar bhonn comhthola. Mar shamhail faoi stiúir an rialtais áitiúil, tá go leor le tairiscint ag samhail Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt, mar shampla de chomhoibriú straitéiseach, bunaithe ar thacaíocht pholaitiúil traspháirtí ar son na rudaí atá tábhachtach do gach pobal. Ba cheart dúinn a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach."

 

Agus é ag labhairt thar ceann Ionad Saineolais Chomhairle na hEorpa um Dhea-Rialachas, dúirt Niall Sheerin, arb as Doire dó ó cheart: "Bhí mé i Sairéavó le haghaidh imeachta i gcuideachta roinnt de rannpháirtithe an lae inniu i mí an Mhárta 2017 nuair a fuair Martin McGuinness bás. Labhair mé faoin méid a chuir seisean agus John Hume leis an tsíocháin agus leis an bhforbairt in Éirinn agus ba mhian leo tuilleadh eolais a fháil. In 2019, le cuidiú ó Chaitriona, chuir mé an tsamhail trasteorann ón Iarthuaisceart i láthair. Tá mé bródúil as an méid atá bainte amach againn i nDoire agus sílim gur sampla iontach é den Sárchleachtas Eorpach a d'fhéadfadh a bheith ina inspioráid do dhaoine eile." Tá Niall ag cur faoi agus ag obair in Strasbourg ó 2003, áit a raibh an deis aige bualadh le John Hume le linn a laethanta mar BPE. Fuair sé spreagadh ó shampla John, agus ó dhán Heaney, An Droichead, atá postáilte ar an Pont de l'Europe idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, agus tá sé ag dul den obair chun comhar Eorpach a chur chun cinn trí Chomhairle na hEorpa ó 2007.

 

Táthar ag súil go ndéanfar socruithe úra le haghaidh cuairt toscaireachta, i ndiaidh an tseimineáir, ar réigiún an Iarthuaiscirt chomh luath agus a bheas deireadh leis na srianta.

 

Críoch

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO