Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seirbhís chun tí ó na Leabharlanna

02/12/2020 – Seirbhís Glaoigh agus Bailigh agus Seirbhís Amharc agus Iasacht á reáchtáil ag Leabharlanna Dhún na nGall.

D’fhógair an Taoiseach ar na mallaibh go bhfuil Dún na nGall bogtha go dtí Leibhéal 3 den chreatchóras i bPlean Teacht Aniar agus Téarnamh an Rialtais i dtaca le COVID-19. Tá lúcháir orainn go mbeidh muid ábalta leas a bhaint as trí chur chuige éagsúil le cuid dár seirbhísí a sholáthar arís.

 

Seirbhís Amharc agus Iasacht

 

Beidh an tSeirbhís Amharc agus Iasacht ar siúl i gcúig cinn dár leabharlanna. Tabharfar cead do chustaiméirí teacht isteach sa leabharlann ar feadh 15 bomaite agus súil a chaitheamh ar an stoc agus a gcuid leabhar agus DVDanna a roghnú. Ní féidir linn seirbhísí ar nós fótachóipeáil, ríomhairí, áiseanna staidéir, taighde nó suíocháin a chur ar fáil faoi láthair. Beidh an tseirbhís Amharc agus Iasacht ar fáil sna leabharlanna seo a leanas ón Aoine 5ú Nollaig: Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha,Leabharlann Phobail na mBailte Nasctha agus Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin.

 

Seirbhís Glaoigh agus Bailigh

 

Cuirfear an tseirbhís seo ar fáil sa dóigh is go dtig le baill leabhair a ordú agus iad a bhailiú ansin óna leabharlann áitiúil nuair a bheas siad ar fáil. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an ghnáthdhóigh- trí úsáid a bhaint as an chatalóg ar líne, trí ríomhphost nó ar an ghuthán. Nuair atá an leabhar ar fáil sa leabharlann, rachaidh an tseirbhís leabharlainne i dteagmháil leis an bhall le socrú a dhéanamh lena bhailiú le linn gnáthuaireanta oscailte. Beidh an tseirbhís Glaoigh agus Bailigh á reáchtáil ag na leabharlanna seo a leanas le linn gnáthuaireanta oibre: 

Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha,LeabharlannPhobail Bhun Dobhráin,Leabharlann Phobail na mBailte Nasctha agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.

 

Seirbhís Seachadta Chun Tí

 

Tá an tseirbhís seo ar fáil dóibh siúd is leochailí sa phobal agus dóibh siúd atá ag féinaonrú. Is féidir na leabhair a bheith seachadta chun an tí sa dóigh is nach gcaillfear amach ar na scéalta is fearr!

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí thuas agus ar uaireanta oscailte na leabharlann trí dhul i dteagmháil le ceann ar bith de na leabharlanna thuas nó trí shúil a chaitheamh ar ár suíomh idirlín.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO