Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seoladh Chomóradh Cholm Cille

07/12/2020 – Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall & Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin fáilte roimh sheoladh chomóradh 1500 bliain Cholm Cille, ag toiseacht ar an 7 Mí na Nollag 2020

Tá lúcháir ar leith ar na Comhairlí go bhfuil clár áitiúil breá ar siúl ar an 7 Mí na Nollag ag réimse leathan eagraíochtaí, rud a léiríonn suim i gColm Cille agus san oidhreacht s’aige. 

 

Deir Clr Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, “Tacaím leis an chomóradh seo go háirithe mar gur rugadh Colm Cille i nGartán, Contae Dhún na nGall. Mar dhuine de thriúr naomhphátrún na hÉireann, is cuí go bhfuil a thábhacht agus a oidhreacht á gceiliúradh ag páirtithe éagsúla i gclár cuimsitheach agus uaillmhianach”. Deir sí fosta, “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag Grúpa Stiúrtha Colmcille~Columba 1500 maidir le pleanáil an tseolta, agus do na baill agus daoine eile a d’eagraigh an clár cuimsitheach don seoladh.

 

 

Tobar Naofa Cholmcille, Bíofán, Gleann Cholm Cille, ceann de na stadanna ar Thuras Cholm Cille, ar siúl gach bliain idir 9 Meitheamh (Lá Fhéile Colm Cille) agus 15 Lúnasa.

 

Deir Clr Brian Tierney, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, “Tá lúcháir orainn a bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Contae Dhún na nGall agus páirtithe eile le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom an lae a rugadh Colm Cille, pátrún Dhoire, 1500 bliain ó shin, tá muid ag óstáil bliain imeachtaí chun aitheantas a thabhairt do thábhacht an naoimh seo, ní hamháin dár gcathair agus dár gceantar ach d’Éirinn agus d'Albain, agus don domhan ar fad. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanann muid Colm Cille a cheiliúradh agus an ról suntasach a bhí aige i múnlú oidhreacht staire agus chultúrtha s’againn. Tá a lán sainchomharthaí, eaglaisí, agus scoileanna ainmnithe as Colm Cille, a léiríonn an nasc a bhí aige le Doire agus le Dún na nGall, agus tá lúcháir orm go raibh muid ábalta réimse leathan imeachtaí ceiliúrtha a eagrú do chách, le maoiniú ó Chiste Forbartha an Iarthuaiscirt, ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus ón da Chomhairle”

 

Ba dhuine tábhachtach é Colm Cille san eaglais luath in Éirinn, agus tá sé curtha síos dó gurb é a scaip an Chríostaíocht ar fud na hAlban agus níos faide amach. Creidtear gur bhunaigh sé a lán mainistreacha, agus an mhainistir ar Oileán Í ar an cheann is suntasaí. In Éirinn, is duine de thriúr naomhphátrún na hÉireann é Colm Cille, mar aon le Naomh Pádraig agus Naomh Bríd, agus déantar é a cheiliúradh go forleathan, go háirithe i nDún na nGall agus i nDoire.

 

Is séadchomhartha seandálaíochta é Eaglais Cholm Cille i nGartán atá faoi chosaint Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, agus tosófar ar obair chaomhnaithe in 2021

 

Chomhoibrigh grúpaí trasteorann creidimh, poiblí, oideachais, ealaíon agus oidhreachta, turasóireachta agus fóillíochta le tógáil ar oidhreacht luachmhar Cholm Cille agus iad a tháinig ina dhiaidh chun 1500 bliain óna bhreith a cheiliúradh. 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall & Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag obair i gcomhpháirtíocht agus tá lear mór comhthionscadal ar na bacáin chun 1500 bliain ó bhreith Cholm Cille a chomóradh. Forbraíodh an clár i ndiaidh comhairliúchán cuimsitheach d’ Iniúchadh Oidhreacht Chultúrtha Cholmcille, coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Foras na Gaeilge, agus an Chomhairle Oidhreachta, mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Tá tacaíocht á tabhairt don tionscadal ar an iomlán ó Chiste Forbartha an Iarthuaiscirt, in éineacht le hOifig an Fheidhmeannais agus Rialtas na hÉireann. Tá tionscadail eile á bhforbairt agus tacaíocht á tabhairt dóibh ó chomhlachtaí eile maoinithe agus ó na Comhairlí.

 

Is é atá sa chlár:

  •  Ceapadh Bhainisteoir Tionscadail Colmcille 1500 chun comóradh Colmcille 1500 a chomhordú; 
  • Obair chaomhnaithe ar rogha suíomhanna seandálaíochta agus oidhreacht thógtha Cholm Cille;
  • Taispeántas mór trasteorann ar shaol Cholm Cille ó Mhúsaem Chontae Dhún na nGall agus Iarsmalann an Túir, i gcomhpháirtíocht leis an Nerve Centre;
  • Tionscadal Digiteach Béaloidis na Scoileanna comhordaithe ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus Leabharlanna TÉ, in éineacht leis an Nerve Centre;
  • Pacáiste acmhainní oideachais déanta do bhunscoileanna ar shaol agus ar oidhreacht Cholm Cille;
  • Comhdháil acadúil eagraithe ag Campas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh;
  • Léiriúchán trasteorann ó Amharclann an Ghrianáin de dhráma de chuid Brian Friel ‘The Enemy Within’;

 

Tá cuid mhór imeachtaí eile beartaithe ag an dá Chomhairle agus ag cuid mhór páirtithe eile i nDún na nGall, i nDoire, agus níos faide amach, agus déanfar iad a chur chun cinn i rith 2021. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO