Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seó saoire an domhain

Ionadaithe ó Dhún na nGall ag Seó Saoire an Domhain 2020

World Holiday Show

Ionadaithe ó Thurasóireacht Dhún na nGall CTR agus soláthróirí turasóireachta ó áiteanna éagsúla ar fud Dhún na nGall ag Seó Saoire an Domhain anuraidh.

 

23/01/20 Ionadaithe ó Dhún na nGall ag Seó Saoire an Domhain 2020 i mBaile Átha Cliath

 

Mar chuid den mhargaíocht sa chontae in 2020, tá ionadaithe as Dún na nGall ag dul chuig Seó Saoire an Domhain a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo 24-26 Eanáir.

 

Tá lúcháir ar Thurasóireacht Dhún na nGall CTR, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, freastal ar Sheó Saoire an Domhain don chúigiú bliain as a chéile i gcomhar le scaifte soláthróirí ó áiteanna éagsúla ar fud an chontae.

 

Tá Seó Saoire an Domhain ar an seó taisteal turasóireachta is suntasaí san Eoraip a bhíonn ar siúl i mí Eanáir gach bliain agus tagann cuairteoirí ó gach cearn den domhain, an Eoraip (an Bhreatain agus Éire san áireamh), An Mheánoirthear, An Áis agus Meiriceá. Táthar ag súil go mbeidh 40k cuairteoir i láthair ag Seó Saoire an Domhain i mBaile Átha Cliath, rud a thugann deis iontach do Thurasóireacht Dhún na nGall agus do sholáthróirí turasóireachta tús maith a chur le séasúr 2020 trí dhul i dteagmháil agus dhul i bhfeidhm ar spriocmhargaí thar lear.

 

Tá soláthróirí éagsúla turasóireachta i ndiaidh teacht ar bord chun a gcuid ceantracha agus réimsí féin a chur chun cinn, mar shampla Aefort Dhún na nGall, Goitse go Bun Dobhráin, Goitse go Béal Átha Seanaidh, Dún na nGall Thoir, Féinfhreastal Dhún na nGall, Baile Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, Inis Eoghain agus Gaeltacht Dhún na nGall. Tugann an ócáid seo ardán den scoth do sholáthróirí áitiúla turasóireachta chun bheith ag obair i gcomhpháirt lena chéile chun Dún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe ar mhaithe leis an chontae ar fad.

 

Beidh siamsaíocht speisialta ar fáil don lucht freastail mar go mbeidh an fidléir clúiteach Ciaran Tourish agus an giotáraí Colm Ó Caoimh ag seinm beo ar an Ardán Siamsaíochta ag Seó Saoire an Domhain Dé hAoine 24 Eanáir ar 2.20pm. Beidh Ciaran Tourish ag seinm i gcomhpháirt le Reel Irish Music Tours (Bun Cranncha) mar chuid de chamchuairt seachtaine i mí Iúil 2020 agus is féidir le cuairteoirí tuilleadh eolais a fháil faoin chamchuairt agus faoin cheol Ghaelach i nDún na nGall ag seastán margaíochta de chuid Thurasóireacht Dhún na nGall.

Tá duaiseanna maithe urraithe ag na soláthróirí turasóireachta atá páirteach. Ba mhaith le Turasóireacht Dhún na nGall CTR buíochas mór a ghabháil le hAerfort Dhún na nGall, Aer Lingus Réigiúnach, Óstán an Grand Central i mBun Dobhráin, Comhlacht Surfála Bhun Dobhráin, Domhain an Uisce i mBun Dobhráin, Búitíc Bhun an Phobail, Óstán Uí Dhiolúin i Leitir Ceanainn (Grúpa Óstán Mhic Íomhair), Óstán Choillte na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach, Óstán Theach an Stáisiúin i Leitir Ceanainn, Teach Chnoc na Carraige i Leitir Ceanainn, Óstán Jackson i mBealach Féich, Siúlóireacht Éireann i mBaile Dhún na nGall, Óstán an Fheabhail i mBun an Phobail, Tithe Saoire an Phoirt Bhig i mBun Dobhráin, agus Galfchumann Bhun Dobhráin.  

 

Tabhair cuairt ar Go Visit Donegal ar Facebook, Twitter agus Instragram chun tú féin a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí ag Seastán Dhún na nGall le linn Sheó Saoire an Domhain!

 

Féach ar na sonraí a bhaineann leis an ócáid, chomh maith le liosta de na taispeántóirí ar an suíomh idirlín oifigiúil: holidayworldshow.com.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO