Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Spiorad na Nollag ag Aoisbhá

18-12-20 Spiorad na Nollag cothaithe ag Aoisbhá Dhún na nGall

Chothaigh Clár Aoisbhá Dhún na nGall spiorad na Nollag trí dhul i gcion ar na Daoine Breacaosta ar fad atá ag tabhairt fúthu faoi Chúram Cónaitheach / i dTithe Altranais i nDún na nGall

 

Aibhsíonn Plean an Rialtais um Maireachtáil le COVID-19:  Teacht Aniar agus Athshlánú 2020-2021 a thábhachtaí atá an athléimneacht aonair agus an athléimneacht phobail i dtaca le bheith ag cur leis an fhreagairt leanúnach s’againn ar COVID-19. Cuireann an feachtas ‘GO dTÉ TÚ SLÁN’ leis an fheachtas ‘Ann Le Chéile’ a seoladh níos luaithe i mbliana agus is é is aidhm leis ná tacú le daoine agus le pobail a bheith athléimneach trí chúram a dhéanamh dá sláinte agus folláine fhisiceach agus mheabhrach sna míonna atá romhainn.

Bhí Clár Aoisbhá Dhún na nGall lárnach san fheachtas seo agus iad ag soláthar tionscadal agus tacaíocht ar bhonn leanúnach le freastal ar shláinte agus folláine fhisiceach agus mheabhrach na nDaoine Breacaosta i nDún na nGall.

Le linn phaindéim COVID-19, bhí na Tithe Altranais s’againn ar cheann de na réimsí is mó ar chuir an víreas isteach orthu. Le go bhféadfaí na cónaitheoirí breacaosta sna tithe a chosaint, b’éigean stad a chur le cuairteanna ó bhaill teaghlaigh agus cairde. Chruthaigh sé seo a lán díomá, mearbhaill, uaignis agus eisiamh ón tsochaí do na daoine breacaosta.

 

Chuaigh an Clár Aoisbhá i gcion ar 5,000 duine breacaosta sna pobail le Paca Réidh don Gheimhreadh faoi choinne na Nollag agus ní dhearnadh dearmad ar dhaoine breacaosta faoi chúram cónaitheach / i dTithe Altranais, ar cuid dhílis den phobal s’againn iad fosta, nó cruthaíodh paca Nollag dóibhsean. 

 

Emily Irwin & Esmey Patterson thar ceann scoláirí Idirbhliana Scoil Loreto, Baile na nGallóglach, a líon na málaí Nollag do na cónaitheoirí in Otharlann Pobail Ráth Mealtáin do Thionscnamh Aoisbhá Dhún na nGall. Sa ghrianghraf fosta, tá Anna Doherty, Otharlann Pobail Ráth Mealtáin, Barbara Crerand, Otharlann Pobail Ráth Mealtáin agus Mary Clyde, Aoisbhá Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Mar thionscadal idirghlúine, bhí Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair i gcomhpháirt le scoláirí Idirbhliana as cúig scoil, ceann as gach ceann de na cúig Cheantar Bardais; Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, Pobalscoil Charn Domhnach, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir agus Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach.  Chuir na scoláirí clúdach ar na bronntanais aonair agus scríobh cárta pearsantaithe chuig achan Duine Breacaosta faoi chúram cónaitheach fadtéarma nó i dTithe Altranais i nDún na nGall. Chuimsigh sé seo an 23 Teach Altranais uilig agus chóir a bheith 800 cónaitheoir.

 

Arís eile, dearadh an paca go sainiúil le freastal ar riachtanais an duine bhreacaosta. Istigh iontu, bhí glóthach chithfholctha agus díbholaíoch faoi choinne cúram pearsanta, leabhrán gníomhaíochtaí agus pinn luaidhe dhaite leis an intinn a choinneáil gníomhach, clár simplí aclaíochta lena spreagadh le bheith gníomhach, cárta Nollag pearsantaithe agus féirín beag.  Rinneadh iad a sheachadadh chuig doras gach Tí.  Labhair Mairéad Cranley, Clár Aoisbhá Dhún na nGall, ar a chorraithe a bhí sí nuair a fuair sí ‘Barróg Fhíorúil’ ó dhuine de na hothair in Otharlann an Shiel i mBéal Átha Seanaidh.  Luaigh sí fosta go raibh an fhoireann sna Tithe Altranais thar a bheith buíoch beannachtach don Chlár Aoisbhá as bheith ag freastal ar na cónaitheoirí s’acu.

 

Le linn thréimhse na Nollag, beidh an fhoireann ag obair go dícheallach le cuidiú le teaghlaigh a gcuid daoine muinteartha atá faoi chúram a fheiceáil. Bhí lúcháir ar Chlár Aoisbhá Dhún na nGall ardú meanman a thabhairt do na cónaitheoirí uilig um Nollaig agus tá beartaithe acu tabhairt faoina thuilleadh tionscadal Teach Altranais sa bhliain úr.

 

Scoláirí Choláiste Ghleann na Finne Casey Thompson, Ciara McGinty, Kym Logue, in éineacht lena múinteoir, Mary Anne Molloy agus baill foirne as Otharlann Pobail Naomh Iosaef, Sráth an Urláir, Sheila McClean, Gail Walker, Samantha Given, Lauren Doherty, Gene McGinty, Brid Boyle, Deirdre Laverty agus Sharleen Tinney,  Aoisbhá Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Ba mhaith leis an Chlár Aoisbhá buíochas mór a ghabháil leis an fhoireann ar fad san 23 teach altranais, léiríonn siad cúram thar na bearta go na cónaitheoirí agus dá dteaghlach. Buíochas le hÉire Shláintiúil, Feachtas ‘Go dTé Tú Slán’, baill Chomhghuaillíocht Aoisbhá, Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall, seirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall, Charles Sweeney, Mairéad Lynch agus Mairéad Cranley ón Aonad Ionchuimsithe Shóisialta, Sharleen Tinney, Youth & Old, Understanding, Remembering and Sharing “YOURS” Project agus Mary Clyde agus Annette McGrenra Líonra Rannpháirtíochta Pobail as an tseachadadh ar fud an Chontae. Buíochas speisialta leis na Múinteoirí agus na Scoláirí Idirbhliana uilig i nGairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, Pobalscoil Charn Domhnach, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir agus Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach as na pacaí a chlúdach agus na cártaí Nollag a scríobh. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO