Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Spiorad na Nollag ar an bhóthar cheart

14-12-20 Spiorad na Nollag i nDún na nGall ar an bhóthar cheart agus teachtaireacht speisialta faighte ó Dhaidí na Nollag!

 

Tá rud speisialta i ndán do pháistí Dhún na nGall i mbliana nó tá a seacht míle dícheall déanta ag Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall le teachtaireachtaí pearsantaithe ó Dhaidí na Nollag féin a shocrú.

 

D’aithin Bainisteoir an Ionaid, Niall McCaughan, níos luaithe i mbliana, nach mbeadh ‘Eispéireas Dhaidí na Nollag’ an ionaid ag dul a tharlú i mbliana de dheasca Covid. Bhí an-tóir ar an eispéireas anuraidh, mar a dtugann páistí (idir bheag agus mhór) cuairt ar Dhaidí na Nollag, ar Mhamaí na Nollag, ar na siógaí uilig agus ar a gceardlann i nDún na nGall, agus iad ag foghlaim níos mó, san am chéanna, faoi thraidisiún an iarnróid i nDún na nGall.

 

Arsa Niall “D’aithin muid go measartha luath i mbliana nach mbeadh muid in ann leanúint le heispéireas Dhaidí na Nollag, a mbíonn an-ráchairt air, mar a bhí, ach bhí muid go fóill ag iarraidh an traidisiún a choinneáil beo. Rinne muid go leor machnaimh ar dhóigheanna a dtiocfadh linn leanúint ar aghaidh, i dtimpeallacht shábháilte, do theaghlaigh Dhún na nGall agus rith sé linn, in áit iadsan a theacht ar cuairt ar Dhaidí na Nollag, go dtiocfadh leis-sean cuairt a thabhairt orthusan.”

 

Achan lá i rith na seachtaine, go dtí an Déardaoin, an 17ú lá, beidh tuismitheoirí nó seantuismitheoirí in ann teagmháil a dhéanamh le Siógaí Dhaidí na Nollag ag an ionad agus sonraí a chur ar fáil maidir le hainm agus aois an pháiste agus an méid atá sé nó sí a iarraidh don Nollaig. Ansin, cuirfidh Daidí na Nollag agus a bhean, Mamaí na Nollag, teachtaireacht físe uathúil phearsantaithe chuig an pháiste le hardú croí a thabhairt dó nó di agus spiorad na Nollag a scaipeadh. Arsa Niall “Tá muid thar a bheith sásta leis an dóigh ar fhreagair daoine don tionscnamh seo go dtí seo. Tá daoine ag iarraidh tacú le gnónna sa chontae agus chonaic muid seo fosta leis an fheachtas #BuyDonegal.  Bíonn achan duine ag iarraidh spiorad na Nollag a scaipeadh agus is ionann an teachtaireacht phearsantaithe seo ó Dhaidí na Nollag agus deis do dhaoine seo a dhéanamh agus iad slán sábháilte ina dteach féin. Chuala muid, fosta, roinnt teachtaireachtaí fíor-chineálta, a tháinig ón chroí, mar ar mhínigh daoine a ghlaoigh isteach an fáth a raibh siad á dhéanamh seo agus an duine a bhí i gceist acu. Léiríonn sé go fírinneach, in ainneoin na ndúshlán uilig a bhí le sárú againn i mbliana, go bhfuil spiorad na Nollag beo beathach.”

 

Ar na dúshláin a bhí ag go leor gnónna i nDún na nGall i mbliana, bhí an gá le hiad a bheith nuálach agus oiriúnú a dhéanamh le go dtiocfadh leo leanstan de bheith ag trádáil faoi scáth na paindéime seo agus ghabh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Rena Donaghey, comhghairdeas leis na gnónna agus na heagraíochtaí seo as a seiftiúlacht agus as a gcruthaitheacht. Arsa Rena, “Fud fad an chontae, bhí go leor samplaí ann d’eagraíochtaí ar éirigh go geal leo iad féin a athchruthú. Tá Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall ar cheann de na heagraíochtaí seo, nó tháinig siad aníos le cur chuige thar a bheith cruthaitheach le Daidí na Nollag a thabhairt isteach i dtithe ar fud Dhún na nGall agus níos faide i gcéin.  Is sampla iontach é seo den dóigh ar chuir gnónna agus eagraíochtaí i nDún na nGall a gcuid earraí agus seirbhísí in oiriúint le go dtiocfadh leo leanstan den trádáil faoi na cúinsí thar a bheith dúshlánach seo.”

 

Más mian leatsa teachtaireacht speisialta ó Dhaidí na Nollag a shocrú, cuir scairt ar +0353 (074) 9722655 idir 10am - 4pm a fhad leis an Déardaoin, an 17ú Nollaig, agus íoc deontas de €8 i dtreo mhaoiniú an fheachtais agus an eispéiris. D’fhéadfadh sé anois go ndéanfaí tréimhse ama an eispéiris seo a shíneadh nó, ní nach ionadh, bhí ráchairt mhór air; coinnigh súil ar Leathanach Facebook an ionaid le nuashonruithe a fháil.

Tá réimse d’fhoilseacháin uathúla a bhaineann le hiarnróid Dhún na nGall ar díol fosta.  Tá breis sonraí ar fáil ar http://donegalrailway.comhttp://buydonegal.com.

 

Is carthanas cláraithe é Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall agus tá súil acu go mbeidh Daidí na Nollag ábalta teacht ar ais ar an bhliain seo chugainn chuig an ionad íocónach seo lena Luas-inneall Gaile lonrach Nollag, ach, idir an dá linn, tá sé i bhfad róghnóthach leis na teachtaireachtaí físe, agus, ar ndóigh, leis na bréagáin atá le déanamh aige! 

 

Críoch

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO