Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Stoirm Bhreandáin

Stoirm Bhreandáin

13/01/2020 (15.10 i.n) Stoirm Bhreandáin – Is gá a bheith ar an airdeall go fóill

 

Tá monatóireacht ghéar á déanamh go fóill ag Foireann Mheastóireachta na Drochaimsire, Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis na gníomhaíochtaí náisiúnta, an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála, Met Éireann agus an OOP ar éifeacht Stoirm Bhreandáin agus í ag dul trasna na tíre inniu.

 

Tá rabhadh gaoithe stádas oráiste i bhfeidhm do chontae Dhún na nGall go dtí’n 9.00 i.n. anocht ar a luaithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh tuilte i gceantracha cósta mar gheall ar ghálaí láidre gaoithe a bheith ag séideadh ón fharraige, ardtaoide rabharta agus borradh stoirme.

 

Deir Met Éireann go mbeidh gálaí gaoithe ag séideadh aneas agus go bhfuil an baol ann go ndéanfar damáiste. Socróidh cúrsaí san iarnóin ach beidh ceathanna troma fearthainne agus clocha sneachta ann agus tá baol toirní ann go fóill.

 

Ardóidh luas na gaoithe arís tráthnóna afách agus tá séideáin arda gaoithe geallta do chontaetha Mhaigh Eo agus Dún na nGall.

 

Ní aon tuairisc faighte againn maidir le tuilte ar chósta Dhún na nGall. Is cosúil go n-ardóidh an borradh stoirme arís san iarnóin agus go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí maidin Dé Céadaoine. Tá seans ann go mbeidh gníomhaíocht na toinne thar a bheith láidir. Meastar go mbeidh lán mara ann ag timpeall 8.00 tráthnóna. Moltar do dhaoine fanacht ar shiúl ón chósta ag an am seo.

 

Leagadh roinnt crainn ar fud an chontae ach tá Meithleacha Oibre Sheirbhís Bhóithre na Comhairle ag dul i ngleic leis na heachtraí seo de réir mar a tharlaíonn siad. Tá an seans ann go mbeidh bóithre blocáilte ar feadh tamaill agus na crainn seo á nglanadh. Tá Droichead Anraí Bléine a cheanglaíonn Carraig Airt le Fánaid dúnta d’fheithiclí taobh-arda.

 

Iarrtar ar an phobal cloí leis na moltaí sábháilteachta seo a leanas:  

 

  1. Fan ar shiúl ó cheantracha cósta le linn tréimhse na stoirme.

 

  1. Ba cheart go mbeadh iad siúd a úsáideann an bóthar ar an airdeall maidir leis na dálaí contúirteacha tiomána. Moltar do thiománaithe a n-am a ghlacadh agus a bheith ag amharc amach do chrainn leagtha agus smioneagar. Bí thar a bheith cúramach más feithicil thaobh-ard atá á tiomáint agat.

 

 

  1. De réir mar a athraíonn cúrsaí aimsire le linn an lae, iarrtar ar dhaoine súil a choinneáil ar choinníollacha aimsire ina gceantar féin agus comhairle a fháil óna n-Údarás Áitiúil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO