Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí, ag seoladh suíomh gréasáin tionscadail inniu i gcomhair Scéimeanna Faoisimh Tuile do Bhun na hAbhann, Caisleán na Finne, Na Dúnaibh agus Na Gleanntaí. Is féidir le baill den phobal fanacht suas chun dáta leis an nuacht agus an dul chun cinn ach cuairt a thabhairt anseo agus cliceáil ar an nasc ábhartha do gach scéim.
Tá an tréimhse chomhairliúcháin tosaigh do Scéimeanna Faoisimh Tuile do Bhun na hAbhann, Caisleán na Finne, Na Dúnaibh agus Na Gleanntaí á seoladh inniu agus beidh sí ar oscailt go dtí an 21 Nollaig 2020. Is é cuspóir ginearálta an tionscadail scéim faoisimh tuile a fhorbairt do gach pobal atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus atá inghlactha go teicniúil, go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de. Is é cuspóir na tréimhse comhairliúcháin tosaigh próiseas forbartha na scéime a mhíniú agus eolas luachmhar áitiúil a bhailiú, rud a bheas riachtanach chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach. Is deis é do pháirtithe leasmhara agus do bhaill an phobail aon ábhair imní a bheadh acu a chur in iúl agus le bonn eolais a chur faoin dóigh a gcuirfear an dearadh chun cinn.
Mar gheall ar phaindéim Covid-19 agus ar na srianta leanúnacha atá ag dul léi, beidh na comhairliúcháin phoiblí seo á reáchtáil trí thairseach chomhairliúcháin ar líne ar féidir teacht uirthi trí shuíomh gréasáin an tionscadail nó trí chliceáil ar:
Seolfar an chéad nuachtlitir, bróisiúr faisnéise agus ceistneoir chuig páirtithe leasmhara agus cónaitheoirí i ngach ceann de na ceithre phobal ionas gur féidir aighneachtaí chuig foireann an tionscadail a dhéanamh tríd an phost, trí ríomhphost nó trí theileafón ag baint úsáid as na sonraí teagmhála a sholáthraítear, más fearr. Iarrtar ort, má bhíonn aon cheist agat, dul i dteagmháil le [email protected].