Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Teachtaireacht sábháilteachta trasteorann

25-09-20 – Teachtaireacht sábháilteachta trasteorann ón Chathaoirleach agus ón Mhéara le leathnú Covid a laghdú

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i ndiaidh teacht le chéile d’aonghuth chun iarraidh ar dhaoine cloí leis na srianta úra i dtaca le Covid 19 ar fud an Iarthuaiscirt le leathnú an víris a laghdú.

 

Tá Cathaoirleacht Chomhairle Contae Dhún na nGall an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh, i gcomhpháirt le Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin an Clr. Brian Tierney ag impí ar dhaoine sa dá cheantar cloí leis na treoracha úra atá tugtha isteach ag an dá rialtas, ag rá go gcaithfidh muid gach rud a thig linn a dhéanamh le leathnú an víris a stopadh.

 

Aréir, dúirt an Taoiseach go gcuirfí Dún na nGall ar shrianta Leibhéal 3 go ceann trí seachtaine, agus níos luaithe sa tseachtain thug an Fheidhmeannacht ó thuaidh isteach srianta breise in achan chuid de Thuaisceart Éireann, agus Doire agus An Srath Bán san áireamh, le scaipeadh Covid-19 a laghdú.

 

I gcomhráiteas ón bheirt, d’impigh an Cathaoirleach agus an Méara ar mhuintir an iarthuaiscirt a bheith freagrach ag an am tábhachtach seo.

 

Dúirt siad: “Tuigimid go hiomlán cé chomh deacair agus a bhí na míonna atá chuaigh thart do chuid mhór daoine. Tá muid scartha ónár gcairde agus daoine muinteartha, tá cosc orainn freastal ar shochraidí agus ar thithe faire, agus tá srianta ar an chomhluadar  thig a bheith againn. Ar an drochuair, tá an ráta ionfhabhtaithe sa dá cheantar a thagann faoi chúram an dá Chomhairle s’againne ag cur an-imní orainn agus tá do thacaíocht leanúnach agus do chomhoibriú de dhíth orainn le teacht fríd seo go sábháilte. Caithfidh muid an líon scanrúil cásanna deimhnithe a thabhairt faoi deara, agus seo a choinneáil inár n-intinn in achan rud a dhéanaimid.

 

 

“Tá freagracht orainn uilig muid féin agus daoine eile a choinneáil sábháilte. Bígí ag cloí le bearta scaradh sóisialta, ag ní bhur lámh go rialta, ag caitheamh masc aghaidhe nuair a iarrtar é, agus ag gearradh siar ar an chomhluadar a dhéanaimid. Impímid oraibh uilig bheith ciallmhar maidir le taisteal, siopadóireacht agus bualadh le daoine. Bígí ag obair ón bhaile más féidir, agus cuirigí ceist oraibh féin cé chomh tábhachtach agus atá aon turas nó aon ghníomh, agus cén bhagairt bhreise a bheadh ann duit féin nó do dhaoine eile, agus thar aon rud eile gearraigí siar ar an oiread comhluadair a bhíonn agat. Tríd na céimeanna seo a ghlacadh agus trí bheith freagrach inár gcuid iompair, is féidir linn uilig páirt a imirt le leathnú an víris a stopadh ar fud an réigiúin s’againne.”

 

 

Dúirt an Cathaoirleach an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh gur chúis díomá di go bhfuil Dún na nGall curtha ar shrianta Leibhéal  ach go bhfuil an ráta ionfhabhtaithe ar rud an chontae ina ábhar ollmhór imní. Dúirt sí go bhfuil gá leis na srianta agus gur freagairt chuí atá ann de bharr an méadú atá ar líon na gcásanna deimhnithe.

 

D’fháiltigh sí roimh an chur chuige comhoibritheach idir an dá Chomhairle agus muid ag dul i ngleic leis an cheist seo, agus dúirt sí go raibh sé tábhachtach go n-oibreodh siad ar bhonn trasteorann agus ar bhonn comhoibritheach leis an teachtaireacht a chur amach agus daoine a choinneáil slán.

 

“Caithfidh muid céim siar a ghlacadh agus comhoibriú go hiomlán leis na rialacháin agus cibé atá riachtanach a dhéanamh le daoine a choinneáil slán. Caithfidh muid leanúint orainn leis an scaradh sóisialta, ag ní na lámh agus ag caitheamh clúdach aghaidhe nuair is gá. Mholfainn fosta do dhaoine sa dá limistéar faoi chúram an dá Chomhairle an aip rianaithe teagmhála a íoslódáil agus má chomhairlítear duit scrúdú a fháil don ghalar, sin a dhéanamh chomh luath agus a thig leat agus an chomhairle ar fad a leanúint maidir le féin-leithlisiú agus coraintín.”

 

 

Dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr. Brian Tierney go bhfuil muid ag staid iontach criticiúil maidir le dul i ngleic leis an phaindéim. Dúirt sé cé go bhfuil na srianta ina ábhar díomá, go bhfuil gá leo mar go léiríonn na figiúirí go bhfuil méadú suntasach ar líon na gcásanna deimhnithe sa dá limistéar faoi chúram an dá Chomhairle le seachtain anuas. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh daoine ag seasamh gualainn ar ghualainn sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn leis na huimhreacha a ísliú agus gach rud is féidir a dhéanamh le leathnú an víris a laghdú.

 

 

Dúirt sé gur ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an phobail i gcoitinne, agus gur mar fhreagairt ar an ardú i líon na gcásanna sna ceantracha seo, a ghlac an dá Rialtas an cinneadh chun na srianta a leathnú.

 

Dúirt sé: “Tá ar gach duine againn ár bpáirt féin a dhéanamh. Caithfidh muintir Dhoire, an tSratha Báin agus Dhún na nGall seasamh gualainn ar ghualainn sa troid i gcoinne leathnú an víris seo agus tá muid ag tabhairt faoi seo ar dhóigh fhreagrach trasteorann. Tá mé ag impí oraibh uilig a bhfuil cónaí oraibh i nDoire, ar an tSrath Bán agus i nDún na nGall cloí leis na treoirlínte agus a bheith freagrach trí ghearradh siar ar an líon teagmhálaithe a bhíonn agaibh in bhur dtithe féin agus go sóisialta. Tá méadú ar líon na gcásanna deimhnithe agus is orainne atá sé gach rud is féidir linn a dhéanamh chun cloí leis na treoirlínte agus muid féin, ár dteaghlaigh agus an pobal thart orainn a chosaint.”

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO