Reáchtáladh an dara cruinniú den Mheitheal Ilgníomhaireachtaí Trasteorann Déardaoin 19 Samhain ag a raibh ionadaithe ó Uisce Thuaisceart Éireann agus an Roinn Bonneagair Aibhneacha chomh maith le hoifigigh ó Ghníomhaireacht na Lochanna, Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann, An tSeirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.
Thug gach gníomhaireacht an scéal is déanaí maidir leis na hoibreacha éagsúla agus na fiosrúcháin atá tosaithe acu mar fhreagairt ar an eachtra shuntasach truaillithe atá ag imirt tionchair ar an Mhorn Bheag agus do na habhantracha síos an abhainn, agus a tharla de bharr ábhar ó shleamhnú portaigh isteach san uisce. Tugadh mioneolas fosta maidir le fiosrúcháin a mbeidh gá leo lena oibriú amach cén tionchar a bheas ag an eachtra ar an timpeallacht. Tá oibreacha ag leanúint ar aghaidh ar láthair ar a bhfuil forbairt muileann gaoithe ar an Mhín Bhog, an áit ónar thosaigh an sleamhnú, leis an dochar ón truailliú a mhaolú agus leis an bhaol go dtarlódh sleamhnaithe eile portaigh amach anseo a laghdú. Tá sé beartaithe ag an mheitheal oibre cruinnithe eile a bheith acu an tseachtain seo chugainn agus ar bhonn leanúnach.