Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Uisce i mBaile an tSratha

02/03/20 Pobal agus Gnólachtaí Bhaile an tSratha chun leas a bhaint as soláthar seasmhach uisce

Irish Water Ballintra

 

Tá sé beartaithe ag Uisce Éireann i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall oibreacha a thoiseacht ar an phríomhshráid i mBaile an tSratha le feabhas a chur ar an soláthar uisce óil, leis an sileadh uisce a laghdú agus le brú agus caighdeán uisce níos fearr a chur ar fáil don phobal.

 

Is é atá i gceist leis na hoibreacha athnuachana uisce ná díchoimisiúnú a dhéanamh ar thart fá 300 méadar de sheanphíopaí, a bhfuil drochbhail orthu, a thógáil amach agus píopaí úra nua-aimseartha phlaisteacha ard-dlúis a chur isteach ina n-áit.

 

Tá na hoibreacha mar chuid de Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdú Sceitheadh Uisce, clár a laghdóidh an sceitheadh ard uisce atá ar fud na tíre trí sheanphíopaí a dheisiú, nó cinn úra a chur ina n-áit,. Is iad Farran’s Construction Limited a bheas i mbun an chonartha agus tá sé beartaithe go dtosóidh an obair ar 2ú Márta 2020 agus go mbeidh siad curtha i gcrích ag deireadh mhí Aibreáin 2020. Sábhálfaidh Uisce Éireann cuid mhór costais ná beidh soláthar uisce níos fearr ann mar thoradh ar na hoibreacha agus beidh níos lú obair chothabhála de dhíth air amach anseo.

 

 

Agus é ag míniú faoina bhfuil i gceist dúirt Declan Cawley, Ceannasaí Réigiúnach an Ghréasáin Uisce le hUisce Éireann: “Tá Uisce Éireann tiomanta do sholáthar sábháilte uisce a chur ar fail dá gcustaiméirí i mBaile an tSratha. Is é a bheas i gceist leis na hoibreacha ná thart fá 300 méadar de shean-phríomhphíopaí a bhfuil drochbhail orthu a dhíchoimisiúnú agus píopaí úra a chur ina n-áit ar an phríomhshráid.

“Chomh maith leis sin, beidh ceangail úra seirbhísí uisce á gcur síos ón phríomhphíopa poiblí sa bhóthar go dtí teorainneacha ar thailte na gcustaiméirí agus ansin déanfar iad a cheangal le soláthar uisce an chustaiméara. Déanfar na ceangail seirbhísí atá ann faoi láthair ar thaobh na gcustaimeirí, a thógáil agus cuirfear cinn úrá síos.

 

 

Tá seans ann go mbeidh orthu an soláthar uisce a stopadh ó am go chéile ach déanfaidh an fhoireann oibre cinnte go mbeidh fógra 48 n-uaire, ar a laghad, roimh ré tugtha do chustaiméirí sula ndéanfar aon stopadh atá beartaithe.

 

Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm le linn an ama seo. Beidh cead bealaigh ag gluaisteáin áitiúila agus gluaisteáin éigeandála i rith an ama.

 

Ba mhaith le hUisce Éireann a leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht agus a mbuíochas a thabhairt dá gcustaiméirí as a gcomhoibriú agus foighid fhad agus atá na hoibreacha riachtanacha seo ag dul ar aghaidh le soláthar seasmhach uisce a chur ar fáil don phobal.

 

Tá na cónaitheoirí agus gnólachtaí a rachaidh na feabhsúcháin seo chun sochair daofa curtha ar an eolas, agus is féidir le custaiméirí scairt a chur ar Uisce Éireann ar 1850 278 278 má tá ceist ar bith acu faoin togra.

 

Beidh tuairiscí rialta ar na hoibreacha sa cheantar in airde ar an leathanach a bhaineann le Tuairiscí Soláthair Uisce ar shuíomh idirlín Uisce Éireann ag: https://www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/

 

Tá tuilleadh eolais maidir le Clár Uisce Éireann le haghaidh Laghdú Sceitheadh Uisce ar fáil ar shuíomh idirlín Uisce Éireann ag:  www.water.ie

 

Tá an togra seo mar chuid de phlean infheistíochta Uisce Éireann. Tá liosta tosaíochta leagtha amach do na hoibreacha chun dul i ngleic leis na fadhbanna is criticiúla de réir na gcoimitmintí atá leagtha amach i bPlean Gnó Uisce Éireann. Beidh infheistíocht de €5.5 billiún de chaiteachas caipitil i gceist sa phlean gnó le haghaidh uisce óil agus caighdeán agus toilleadh fuíolluisce, agus bonneagar úr go 2021. Tá infheistíocht i dtionscnaimh chun sceitheadh uisce a laghdú agus caighdeán uisce seasmhach  sa phlean seo, ar a dtugtar an Clár um Laghdú Sceitheadh Uisce. Beidh infheistíocht de €512 milliún déanta ó seo go dtí 2021. Tá na hoibreacha seo thar a bheith tábhachtach chun soláthar uisce atá glan, sábháilte agus iontaofa a chinntiú agus chun tacú le daonra agus geilleagar na tíre atá ag fás agus ag forbairt.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO