Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Bronnann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (ASF) mar a leasaíodh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 na cearta reachtúla seo a leanas:

 

  • ceart dlíthiúil ag gach duine eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus ranna rialtais a rochtain  
  • ceart dlíthiúil ag gach duine eolas oifigiúil fá dtaobh dó/di féin a leasú nuair atá an t-eolas sin easnamhach, mícheart nó míthreorach  
  • ceart dlíthiúil cúiseanna a fháil maidir le cinntí a bhaineann leis/léi féin.

 

Tugann an tAcht ceart rochtana (faoi réir eisceachtaí) ar:

 

  • gach taifead a cruthaíodh i ndiaidh don Acht seo teacht i bhfeidhm i. 21 Deireadh Fómhair 1998  
  • aon taifead roimh an dáta sin má tá sé de dhíth leis na taifid a cruthaíodh i ndiaidh don Acht teacht i bhfeidhm a thuigbheáil
  • taifid phearsanta is cuma cén uair a cruthaíodh iad 
  • i gcás ball foirne, taifid phearsanra a cruthaíodh ó dháta 3 bliana sular tháinig an tAcht i bhfeidhm 
  • cúiseanna maidir le cinntí a rinne Comhairle Chontae Dhún na nGall agus a bhain duit féin go díreach 
  • féachaint le heolas pearsanta fá dtaobh duit féin, atá i seilbh Chomhairle Chontae Dhún na nGall, a cheartú nuair a bhíonn sé míchruinn, easnamhach, nó míthreorach. 

 

Cad é mar a iarraim eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?


Ba chóir an t-iarratas a dhéanamh i scríbhinn (glacfar le hiarratas trí facs nó ríomhphost chuig an uimhir/seoladh thuas) agus ba chóir a chur in iúl gur faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá an t-iarratas a dhéanamh. Le cuidiú leat iarratas ar dhéanamh tá Foirm Iarratais ar Shaoráil Faisnéise ar fáil anseo‌.



Tá tú i dteideal cur isteach ar eolas, nach bhfuil ar fáil go poiblí ar dhóigh eile, a rochtain.



Más mian leat an t-eolas a fháil i bhformáid áirithe ba chóir duit sin a chur in iúl i d’iarratas.  Tabhair an oiread sonraí agus is féidir le cur ar ár gcumas na taifid atá uait a aithint.



Má théann sé crua ort na taifid go díreach atá uait a aithint, beidh muid sásta cuidiú leat le d’iarratas a ullmhú.



Ba chóir iarratais ar eolas faoin Acht seo a sheoladh chuig:

 

Kathleen Browne,
Oifigeach um Saoráil Faisnéise,
Comhairle Contae Dhún na nGall
Teach an Chontae
Leifear
Co. Dhún na nGall


Guthán: 074 91 72206  Facs: 074 91 42071
Rphost: [email protected]  

 

Caithfimid admháil a chur chugat faoi d’iarratas taobh istigh de choicís ó fuair muid é.



Caithfimid cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine ón lá a fuair muid é ach amháin má bhaineann an t-iarratas leis an oiread sin taifead nach mbeadh sé réasúnta é a dhéanamh taobh istigh den tréimhse ama sin, agus sa chás sin if féidir go dtabharfaí síneadh ama ceithre seachtaine breise. Caithfear eolas a chur chugat faoin tréimhse bhreise atá de dhíth agus na cúiseanna.




An bhfuil sé de cheart agam achomharc a dhéanamh faoin chéad chinneadh a dhéantar maidir le m’iarratas?



Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise amach na gnásanna achomhairc sa chás go ndiúltaítear iarratas, nó maidir le rochtain a chur ar athlá, táillí, cineál rochtana srl.. Seo a leanas sonraí faoi na gnásanna achomhairc seo:



Athbhreithniú Inmheánach:


Thig leat athbhreithniú inmheánach den chéad chinneadh a lorg, agus is oifigeach ag leibhéal níos sinsearaí a dhéanfaidh seo má:

 

  • tá tú míshásta leis an chéad fhreagra a fuarthas i. diúltú eolais, cineál rochtana, táillí srl., nó  
  • mura bhfuair tú freagra taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad iarratas a rinne tú. Pléitear leis seo mar a phléitear le diúltú agus tugann sé cead duit dul ar aghaidh chuig Athbhreithniú Inmheánach.

 

Ba chóir iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a chur isteach taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad chinneadh i scríbhinn chuig:

 

Kathleen Browne 
Oifigeach Teagmhála um Saoráil Faisnéise,
Comhairle Contae Dhún na nGall
Teach an Chontae
Leifear
Co. Dhún na nGall



Guthán: 074 91 72206  Facs: 074 91 42071
Rphost: [email protected]

  

Caithfidh Comhairle Chontae Dhún na nGall an t-athbhreithniú a dhéanamh taobh istigh de thrí seachtaine.

 


Go hiondúil caithfear athbhreithniú inmheánach a chríochnú sula ndéantar aon achomharc chuig an Choimisinéir Faisnéise.

 


Athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise:


Thig leat athbhreithniú neamhspleách a lorg ón Choimisinéir Faisnéise má:

 

  • tá tú míshásta leis an chinneadh, i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh; nó, 
  • mura bhfuil freagra faighte agat ar d’iarratas ar athbhreithniú Inmheánach taobh istigh de thrí seachtaine ó d’iarratas. Pléitear leis seo mar a phléitear le diúltú agus thig leat achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir. 

 

Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach leis an Choimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

 

Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18, Sráid Chill Mochargán Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Guthán: 01 6785222
Facs: 01 6610570
Rphost: [email protected]

 

An bhfuil táille i gceist le hiarratas a dhéanamh?



Tá. Tugadh isteach táillí maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003. Tháinig na táillí i bhfeidhm ar an 7 Iúil 2003. Beidh táille laghdaithe i gceist i gcás duine a bhfuil cárta leighis aige/aici nó duine atá spleách ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige/aici.

 

Cineál Achainí/Iarratais

Gnáth-Tháille*

Táille Laghdaithe* & **

Iarratas ar thaifead faoi Alt 7

 

 

Céad Iarratas Achomharc Inmheánach Achomharc leis an Choimisinéir Faisnéise

€15
€75
€150

€10
€25
€50

Iarratas ar eolas pearsanta faoi Alt 7

Saor in aisce

Saor in aisce

Iarratas faoi Alt 17 le taifead, ar a bhfuil eolas mícheart, easnamhach nó míthreorach, a leasú

Saor in aisce

Saor in aisce

Iarratas faoi Alt 18 ar na cúiseanna atá le cinneadh a bhaineann don duine aonair

Saor in aisce

Saor in aisce

 


* Ní ghearrfar táille nuair a dhéanann duine achomharc i gcoinne cinnidh le táille nó éarlais a ghearradh, nó i gcoinne méid na táille nó na héarlaise faoi alt 47 den Acht um Shaoráil Faisnéise ** Gearrfar táille laghdaithe maidir le tríú páirtithe a dhéanann achomharc i gcoinne cinneadh comhlachta poiblí eolas fá dtaobh dóibh a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.


Tabhair faoi deara nach gcuirfear tús le hiarratas ar eolas neamhphearsanta a phróiseáil go dtí go bhfaighfear an táille thosaigh.



An bhfuil costas i gceist maidir leis an am a chaitear ar thaifid a aimsiú, agus ar fhótachóipeanna?



Tá, is féidir go mbeidh costas i gceist maidir leis an am a chaitear chun taifid a aimsiú agus maidir le haon chostas ar fhótachóipeanna leis an ábhar a d’iarr tú orthu a chur ar fáil, mar seo a leanas:

 

  • maidir le taifid phearsanta, ní bheidh costas i gceist seachas an costas a bhaineann leis na taifid a chóipeáil 
  • maidir le heolas (neamhphearsanta) eile, is féidir go ngearrfar táille de réir na n-uaireanta a chaifear chun na taifid a aimsiú agus a chóipeáil go héifeachtach, bunaithe ar ráta caighdeánach in aghaidh na huaire, de réir mar a ordóidh an tAire Airgeadais. 
  • ní bheidh táille ar bith i gceist maidir leis an am a chaitheann an t-údarás áitiúil ar d’iarratas a mheas 
  • Is féidir go mbeidh éarlais le híoc agat agus sna cásanna seo thig leat cuidiú a iarraidh ón fhoireann s’againne d’achainí a leasú le méid na héarlaise a laghdú nó a chealú. 

 

Táillí a Airleacadh


D’fhéadfaí táillí a airleacadh sna cúinsí seo a leanas:

 

  • sa chás go gcosnódh bailiú agus cuntasú na táille níos mó ná an méid atá le híoc; nó, 
  • sa chás go mbeadh an t-eolas ina chuidiú ar leith maidir le tuiscint a fháil ar cheist a bhfuil tábhacht náisiúnta bainte léi; nó, 
  • i gcás eolais phearsanta, nuair nach mbeadh sé réasúnta táillí den chineál seo a ghearradh, ag féachaint d’acmhainn an iarratasóir. 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO