Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Músaem an Chontae > Tabhair cuairt ar Mhúsaem an Chontae

Tabhair cuairt ar Mhúsaem an Chontae

 

Map to Museum

 

 

Cá bhfaighidh tú muid?

Tá an músaem suite ar an Bhóthar Ard i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall i seanfhoirgneamh cloiche a bhí mar chuid de Theach na mBocht lá den tsaoil agus trasna an bhóthar ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sonraí Teagmhála:

Seoladh:  An Músaem, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn,

Co. Dhún na nGall, Éire

Uimhir theileafóin:  +353 74 91 24613

R-phost[email protected]

 

Cliceáil chun Bróisiúr an Mhúsaeim a oscailt

 

Táillí Iontrála:  Cead isteach saor in aisce

 

Séasúr:  Oscailte ó cheann ceann na bliana.

Druidte ar laethanta saoire poiblí

 

Uaireanta Oscailte:

Dé Luain - Dé hAoine 10.00am - 4.30pm (10.00 - 16.30)

Dé Sathairn 1.00pm - 4.30pm (13.00 - 16.30)

Druidte ag am lóin 12.30pm - 1.00pm (12.30 - 13.00)

 

 An gá  áirithintí grúpa a dhéanamh?  Is gá.

Ní mór turais threoraithe le haghaidh grúpaí a shocrú roimh ré. (ag brath ar an soláthar)

 

Taighdeoirí: Tá fáilte roimh thaighdeoirí ach coinne a dhéanamh linn roimh ré.

 

Meánfhad na Cuairte: 45 nóiméad

 

Taispeántais: Stair Dhún na nGall ó Chlochaois go dtí an Fichiú hAois.  Taispeántais sealadacha agus imeachtaí éagsúla i rith na bliana.

 

Treoir um Fhaisnéis Ilteangach: Treoir don taispeántas ar an chéad urlár ar fáil i bhFraincis, Spáinnis agus Polainnis.

 

 

 

 

Gníomhaíochtaí do Pháistí/Teaghlaigh/Grúpaí

Is mála droma teaghlaigh spraíúil oideachasúil é ‘Bleachtairí Músaem Dhún na nGall’ a spreagann páistí agus teaghlaigh chun níos mó eolais a fháil faoi stair Chontae Dhún na nGall.  Is féidir le cuairteoirí an mála droma 'Bleachtairí Mhúsaem Dhún na nGall'  a fháil ar iasacht agus in aisce le linn a gcuairte sa mhúsaem.  Tá réimse gníomhaíochtaí praiticiúla ann sa dóigh is go mbainfidh na páistí agus na teaghlaigh sult agus taitneamh as taispeántais Mhúsaem an Chontae. 

 

 

Áit pháirceála?  Tá

 

Páirceáil do bhusanna?  Níl

 

Teacht ar leithris do dhaoine faoi mhíchumas?