Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oifig Ealaíon an Chontae > Oideachas Páistí agus Daoine Óga

Oideachas, Páistí agus Daoine Óga

Cuireann an tSeirbhís Ealaíon Clár cuimsitheach ‘Ealaíon sna Scoileanna’ ar siúl I ndeisceart agus in iardheisceart  Dhún na nGall trí Fhéile bhliantúil Bhá Dhún na nGall agus na gCruach Gorm agus trí Charnabhal Bhéal Átha Seanaidh.

 

Is cuid shuntasach d’fhéilire na mbunscoileanna i ndeisceart agus in iardheisceart Dhún na nGall é le 13 bliana anuas le beagnach 800 mac léinn rannpháirteach sa chlár in 2013. Anuas air sin, bíonn an tSeirbhís Ealaíon i gcomhpháirt go rialta le hÉigse Éireann chun tacú le scríbhneoireacht chruthaitheach a chur ar fáil sna bunscoileanna.

 

Soláthraíonn an tSeirbhís Ealaíon tacaíocht dhíreach ioncaim agus maoiniú do raon leathan eagraíochtaí ealaíon áitiúla a sholáthraíonn seirbhísí ealaíne do dhaoine óga, taobh istigh agus taobh amuigh de chlós na scoile.  I measc na n-eagraíochtaí sin tá - Artlink, Balor Developmental Community Arts, An Gailearaí, Foróige LOFT Youth Café agus Inishowen Carnival Group.

 

Tugann an tSeirbhís cuidiú agus comhairle do scoileanna faoi leith nuair a iarrtar iad, ar an choinníoll go bhfuil comhoibriú cruthaitheach idir ealaíontóirí gairmiúla agus mic léinn lárnach sna tionscadail atá beartaithe.

 

Is féidir le múinteoirí, daoine óga, ceannairí óige nó pobail ar mhaith leo plé a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh an tSeirbhís Ealaíon cuidiú leo lena gcuspóirí áirithe ealaíon ó thaobh oideachais de, a chur chun cinn, trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Oifig Ealaíon.