Chuaigh Comhairle Contae Dhún na nGall a lorg iarratas ar na mallaibh ó ealaíontóirí gairmiúla aonair as gach disciplín ar chuidiú i dtaca le tionscadail ealaíon a bhí sa tsiúl cheana nó atá beartaithe, trína Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí 2020. Dearadh an scéim le tacú le healaíontóirí aonair ag céim ar bith dá ngairmréim, d’fhonn a gcleachtas a chothú agus a chur chun cinn.
Is é ba chuspóir leis an Scéim ná forbairt nó cur i gcrích chorpais nó cláir áirithe oibre a éascú d’ealaíontóirí. Thacaigh sí le healaíontóirí lena gcleachtas a chothú agus a fhorbairt trí thaighde, dearadh, cruthú agus cur i láthair na n-imeachtaí, na dtaibhithe, na dtaispeántas agus na dtionscadal ealaíne eile. Go háirithe, agus i dtaca leis an timpeallacht shriantach atá i réim faoi láthair mar gheall ar Covid-19, chuidigh an scéim le healaíontóirí bealaí úra a fhiosrú agus cheapadh le bheith ag obair agus lena saothar a chur i láthair an phobail. Dearadh í le cuidiú le healaíontóirí an ghníomhaíocht reatha s’acu a chobhsú agus iad ag amharc i dtreo na todhchaí.
Foilseofar sonraí Scéim Sparánachtaí 2021 ar an tsuíomh seo chomh luath is bheas leagan deiridh réidh.
Táthar i ndiaidh sparánachtaí de €1,000 an ceann a bhronnadh ar na healaíontóirí seo a leanas faoi Scéim 2020;
Alan Finan, Ceoltóir.
Taifeadadh agus meascadh a chéad albaim de shaothair úrnua féinchumtha. Cur chun cinn agus scaipeadh leanúnach na saothar a bhí aige cheana.
Andrew William Tinney, Aisteoir, Drámadóir.
Taighde agus forbairt ar shaothair úra litríochta agus amharclainne bunaithe ar shaol an úrscéalaí Erminda Rentoul Esler (1852-1924), a rugadh i Mainéar Uí Chuinneagáin.
Ann Quinn, Amharc-ealaíontóir.
Taispeántas úr aonair agus an chatalóg bhainteach a chur i gcrích, arna inspreagadh ag baile an ealaíontóra in oirthear Dhún na nGall agus tréimhse a chaith sí ina cónaí i dtuaisceart na hIorua.
Anne Gallagher, Aisteoir, Amharclannóir.
Cur i gcrích, scaipeadh ar líne agus cur chun cinn d’fhéilte scannán gearrscannáin úir i seánra an uafáis, No. 3 Crawford Square, le Compántas Amharclannaíochta Mockingbird.
Bernadette Hopkins, Amharc-Ealaíontóir.
Taighde agus forbairt a dhéanamh ar chorpas úr de shaothair bunaithe ar chladaí Dhún na nGall, go háirithe an tionchar geografach a bhaineann le bheith ag amharc ar chladaí mar theorainneacha.
Caitlín Nic Gabhann, Ceoltóir Traidisiúnta, Damhsóir.
Taighde agus cóiréagrafaíocht a dhéanamh ar stór úr de cheol traidisiúnta agus de shaothair damhsa céime bhuailteacha.
Celina Muldoon, Amharc-ealaíontóir.
Saothar úr a chruthú mar fhreagairt ar thorthaí taighde leanúnaigh néareolaíoch ar fhorbairt na féiniúlachta san inchinn dhaonna, trí thaibhiú beo, scannán agus suiteán amhairc.
Cliodhna Timony, Amharc-ealaíontóir.
Sraith de shaothair ildisciplíneacha a chruthú, mar a n-ionchorprófar dealbhóireacht, taibhealaín, físeán agus grianghrafadóireacht, ag tarraingt ar chuimhne, cultúr na n-óg agus teanga an phobail i gcomhthéacs tuaithe.
Dáinne Nic Aoidh, Amharc-ealaíontóir.
Taighde i dtreo tionscadal úr a fhiosróidh eispéiris chasta agus claochlaithe an mháithreachais, trí ghrianghrafadóireacht, scannán, péintéireacht agus dealbhóireacht.
Dean Fee, Scríbhneoir.
Bailiúchán d’aistí a fhiosraíonn réimse de cheisteanna atá chun cinn i sochaí chomhaimseartha na hÉireann a chur i gcrích agus a ullmhú lena bhfoilsiú.
Deirdre Brennan, Amharc-Ealaíontóir.
Taispeántas iarghabhálach cúig bliana is fiche agus bailiúchán de shaothair úra a chruthú lena gcur i láthair in 2021.
Denise Blake, Scríbhneoir.
Cuimhní cinn a chur i gcrích agus a ullmhú lena bhfoilsiú.
Denise Boyle, Ceoltóir.
Sraith de shaothair úra a chruthú, ag tarraingt ar chomhráití rialta duine ar dhuine idir an t-ealaíontóir agus roinnt seandaoine scoite a chónaíonn sa cheantar s’aici.
Ed Devane, Ealaíontóir Fuaime.
Taighde agus uas-sciliú i réimsí na scannánaíochta agus na heagarthóireachta físe. Ardán fóirsteanach idirghníomhach a fhorbairt d’fhonn rannpháirtíocht agus teagmháil chomhoibritheach a éascú idir ealaíontóir agus lucht féachana/rannpháirtithe tionscadail.
Emily Cooper, Scríbhneoir.
Taighde i dtreo chur i gcrích saothar úr cruthaitheach neamhfhicsin ar amharc-ealaíontóirí Éireannacha mná.
Heidi Nguyen, Amharc-ealaíontóir.
Bailiúchán úr saothar agus foilseachán bainteach a chruthú agus a chur ar taispeáint, arna spreagadh ag tréimhse cónaitheachta a bhfuil sí ag gabháil di faoi láthair, agus a ionchorpróidh péintéireacht, déanamh priontaí agus físeán.
Jess McKinley, Scríbhneoir.
A céad phaimfléad filíochta a chur i gcrích agus a fhoilsiú.
Joe Fahy, Amharc-ealaíontóir.
Taighde a dhéanamh le bailiúchán úr teicstíl-bhunaithe de shaothair a chruthú agus forbairt agus cur chun cinn leanúnach a dhéanamh ar ghailearaí fíorúil amharc-ealaíne Minecraft-bhunaithe an ealaíontóra féin.
Julie Griffiths, Amharc-ealaíontóir, Cleachtas Sóisialta.
Tacar de cheardlanna cumaisc ar líne/fisiciúla a fhorbairt a chuirfidh ar chumas an ealaíontóra leanúint dá cleachtas, lena n-áirítear oibriú le grúpaí ban i nDún na nGall i dtaca le ceisteanna a bhaineann le hinscne, comhionannas agus mí-úsáid.
Kate O'Callaghan, Ceoltóir, Cumadóir.
Taifeadadh fuaime de shaothar a cuireadh i gcrích roimhe faoi choinne cúigréad téadach agus guth –Small Behaviours – Songs From a Witness Statement. Tacar úr de shaothair a fhorbairt, a chumadh agus a chóiriú.
Keith Mannion, Ceoltóir, Léiritheoir
Saothar úr a chruthú agus a léiriú mar ‘slowplacelikehome’ agus an t-ardán beo ar líne taibhithe ceolchoirme, Treehouse, a thabhairt chun cinn.
Kevin Callaghan, Amharc-ealaíontóir.
Tacaíocht faoi choinne tréimhse chónaitheachta an ealaíontóra atá ag teacht aníos ag Centre Culturel Irlandais i bPáras na Fraince i mí an Mhárta/Aibreán 2021 agus obair leanúnach.
Laura McCafferty, Amharc-ealaíontóir.
Taighde agus tástáil i dtaca le bailiúchán úr saothar a chruthú mar fhreagairt ar athlonnú an ealaíontóra faoin tuath i nDún na nGall, ina n-ionchorprófar teicstílí, taibhiú agus suiteán saorsheasaimh.
Loic Jourdan, Scannánóir.
An scannán is úire aige, The Tribe of the Gods, a scaipeadh agus a chur chun cinn. Scannán úr a fhorbairt bunaithe ar imeacht stairiúil mistéireach a tharla i nDún na nGall.
Mairéad Nic Ghallchóir, Ceoltóir, Aisteoir, Taighdeoir Ealaíne.
Le haghaidh taighde cuimsitheach a dhéanamh ar an cheangal agus an difear atá idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus an ceol clasaiceach, agus sraith de chláracha teilifíse a dhéanamh as sin.
Malachy Doyle, Scríbhneoir.
Taighde i dtreo ábhair úra a chruthú faoi choinne shraith mhóréilimh an ealaíontóra de leabhair scéalta do pháistí, ‘Molly and ...’.
Manus Lunny, Cumadóir, Ceoltóir, Léiritheoir.
Bailiúchán albaim a thaifeadadh agus a léiriú de shraith de shaothair úra a coimisiúnaíodh agus a cuireadh i láthair roimhe seo, a cruthaíodh mar fhreagairt ar shaothair an drámadóra, Brian Friel.
Maria McKinney, Amharc-ealaíontóir.
Taighde agus réamhobair i dtreo tréimhse chónaitheachta atá ar na bacáin mar a bhfiosrófar an caidreamh idir daoine, eallach agus tírdhreach, go háirithe an bhó mhaol, pór dúchasach de chuid na hÉireann. Fiosrú a dhéanamh ar mheáin úra dhigiteacha mar mhodh trínar féidir saothair an ealaíontóra a scaipeadh.
Maura Logue, Aisteoir, Amharclannóir.
Ardán úr ar líne a fhorbairt d’fhonn teagmháil leanúnach agus todhchaí lucht féachana a éascú i dtaca le saothair úra agus cartlainne de chuid an ealaíontóra. Saothair úra amharclainne a fhorbairt ar bhonn leanúnach do luchtanna féachana oideachais agus ginearálta.
Megan Armitage, Aisteoir, Drámadóir.
Saothar úr amharclainne a fhorbairt agus a chur i láthair lena bhfiosrófar miotaseolaíochtaí na hÉireann idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha.
Megan Nic Ruairí, Ceoltóir, Cumadóir.
A céad cheirnín leathfhada dá cuid bunsaothar féin a thaifeadadh, a chur i gcrích agus a chur chun cinn.
Melissa Culhane, Scannánóir, Beochantóir.
Tacaíocht i dtaca le gearrscannán beoite úr a chur i gcrích.
Michael Murray, Ceoltóir.
A stór saothar agus saothair úra a fhorbairt. Coimeádaíocht a dhéanamh ar shraith úr de thaibhithe snagcheoil in earrach 2021.
Orla Walsh, Scríbhneoir, Scannánóir.
Taighde a dhéanamh faoi choinne úrscéal nua stairiúil do dhaoine óga agus é a chur i gcrích.
Patrick Quinn, Aisteoir, Amharclannóir.
Saothar úr amharclainne a fhorbairt lena bhfiosrófar cultúr na ngluaisteán agus daoine óga i nDún na nGall agus tionscadail taibhithe leanúnacha eile.
Paul McIntyre, Ceoltóir.
Stór sainiúil de shaothair a fhorbairt do dhísreach de shacsafón agus cláirseach leictreafhuaime, ag a bhfuil sraith de thaibhithe poiblí beartaithe i nDún na nGall in 2021.
Roisín McGrory, Ceoltóir.
Taighde a dhéanamh le saothar úr ceoil a chruthú mar fhreagairt ar théama stairiúil, a ionchorpróidh ceol traidisiúnta agus teicneolaíocht amhairc agus fuaime.
Ronan Carr, Scríbhneoir, Aisteoir, Stiúrthóir Amharclainne.
Scripteanna úra dráma a fhorbairt agus uas-sciliú a dhéanamh i réimse an taifeadta agus na heagarthóireachta físe, ar mhaithe lena shaothar a scaipeadh ar bhonn níos leithne agus cur lena theagmháil le lucht féachana.
Rory Corbett, Ceoltóir.
Leanúint de thaighde acadúil ar stair an bhainseó casúir ladhraigh Afrai-Mheiriceánaigh i gceol traidisiúnta na hÉireann agus i gceol tíre Mheiriceá. Na torthaí a úsáid mar bhunús le halbam a thaifeadadh.
Sinéad O'Donnell-Carey, Stiúrthóir Amharclainne, Dearthóir.
Saothar úr taibhithe a fhorbairt a fhiosróidh agus a fhreagróidh d’eispéireas na ngealtlann agus na n-institiúidí meabhairghalair in Éirinn.
Siobhán Sheils, Ceoltóir, Cumadóir.
Bailiúchán úr saothar a fhorbairt a inchorpróidh guthanna agus fuaimeanna na hathléimneachta agus an dóchais, a dhíorthófar ó thaifeadtaí a bhailigh an t-ealaíontóir i gcaitheamh a cuid gníomhaíochtaí mar ghníomhaí, thar am. Fiosrú a dhéanamh ar, agus uas-sciliú a dhéanamh i gcruthú an cheoil úir tríd an teicneolaíocht dhigiteach.
Tara Hegarty, Scríbhneoir, Scannánóir.
Cuideoidh an sparánacht leis an ealaíontóir forbairt shraith de thionscadail scannánaíochta agus amharclainne atá lonnaithe i nDún na nGall a chur chun cinn.