Ceisteanna Coitianta – Céim 1 – Cad é mar a bhíonn a fhios agam go bhfuil damáiste déanta do m’áit chónaithe?
Cé a dhéanann an t-imscrúdú, an tástáil agus an tsampláil?
Déanfaidh an t-innealtóir s’agat é seo a eagrú duit.
2. An mbeidh orm díol as na seirbhísí innealtóireachta (lena n-áirítear sampláil agus tástáil)? An mbeidh cúnamh deontais ar fáil faoina choinne seo?
Beidh ort díol as na seirbhísí innealtóireachta, lena n-áirítear aon chostais samplála agus tástála.
Más amhlaidh, áfach, go dtéann d’iarratas níos faide ná Céim 1 agus go bhfaigheann tú Dearbhú Incháilitheachta i scríbhinn ón Chomhairle, tig leat cur isteach ar chúnamh deontais. Is ionann an deontas le haghaidh chostais na seirbhísí a bhaineann leis an Tuairisc Deiridh IS465 a ullmhú agus 90% den chostas faofa nó den chostas iarbhír, pé acu is ísle agus faoi réir uasmhéid de €6,300.
Má dhiúltaítear do d’iarratas ag Céim 1, níl tú i dteideal aon chúnaimh deontais.
Bheadh sé le do leas féin roinnt meastachán costais a fháil ó innealtóirí cláraithe lena chinntiú go bhfaigheann tú luach ar airgead agus praghas a chomhaontú le pé acu a roghnaíonn tú roimh duit é nó í a cheapadh. Is as do leithdháileachán deontais foriomlán a thiocfaidh aon íocaíocht a gheobhaidh tú i dtaca leis na costais seo.
3. Cad é a tharlaíonn má deir an t-innealtóir s’agam nach mbaineann an damáiste ar m’áit chónaithe le Míoca? An mbeidh mé in ann na buntáillí gairmiúla agus na costais imscrúdaithe agus measúnaithe a éileamh ar ais?
Ní bheidh. Murar dhamáistigh míoca na bloic choincréite san áit chónaithe, ní bheidh tú i dteideal aon chúnaimh deontais.