Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 2 – Faomhadh Deontais > Cad é atá de dhíth orm roimh iarratas a dhéanamh?

Céim 2 – Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

I ndiaidh duit an Dearbhú Incháilitheachta i scríbhinn a fháil ón Chomhairle faoi Chéim 1, is iad na chéad chéimeanna eile ná:

a)         Innealtóir ón Chlár IS465 a fhostú (https://www.engineersireland.ie/Registers-and-Panels/10) le Plean Oibreacha Deisiúcháin a ullmhú duit ina mbeidh mionsonraí na n-oibreacha atá de dhíth faoi choinne d’áite cónaithe

b)         Nuair a bheas an Plean Oibreacha Deisiúcháin agat, beidh tú in ann meastacháin costais a lorg ó chonraitheoirí - beidh d’innealtóir in ann comhairle a thabhairt duit i dtaca leis seo

c)         Roghnaigh do chonraitheoir agus iarr air nó uirthi Clár Oibreacha a ullmhú

d)         Beidh ort ráitis mhiondealaithe (meastacháin) a fháil ó d’innealtóir agus ó do chonraitheoir mar aon le Plean Cigireachta

Tabhair faoi deara: Beidh ort a chinntiú fosta:

  • go bhfuil tú féin agus aon duine a mbeadh sé beartaithe agat é nó í a fhostú faoin scéim cáin-chomhlíontach
  • go bhfuil árachas iomchuí ag an innealtóir agus an conraitheoir roimh dóibh tabhairt faoi sheirbhísí faoin scéim seo

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna coitianta – Céim 2 – Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

 

1.   An gcaithfidh mé an t-innealtóir céanna a úsáid is a bhí agam faoi choinne Chéim 1 – Dearbhú Incháilitheachta, leis an Phlean Oibreacha Deisiúcháin a ullmhú?

Is féidir sin a dhéanamh ach ní gá an t-innealtóir céanna a úsáid. Caithfidh tú, áfach, ceann a úsáid ón chlár IS465. Faigh meastacháin agus comhaontaigh praghas leis nó léi le go bhfaighidh tú luach ar airgead. Fiafraigh de d’innealtóir an dtig leis nó léi a dhearbhú duit go bhfuil árachas slánaíochta gairmiúla iomchuí aige nó aici

 

2.   An dtig liom mo chonraitheoir féin a roghnú? Cad é mar ba cheart domh an conraitheoir a cheapadh?

Tig, roghnaíonn tú do chonraitheoir féin. Tig le d’innealtóir cuidiú leat. Faigh meastacháin agus comhaontaigh praghas le go bhfaighidh tú luach ar airgead. Ná ceap conraitheoir go dtí go bhfaighidh tú Dearbhú Fhaomhadh an Deontais i scríbhinn ón Chomhairle. 

 

3.   Cad é faoi árachas? An ndéanfaidh an tInnealtóir agus/nó an Conraitheoir an t-árachas iomchuí uilig do na hoibreacha a sholáthar, le mé féin, mar iarratasóir, a chlúdach?

Ní mór don chonraitheoir agus don innealtóir s’agat árachas a bheith acu roimh dóibh tabhairt faoi sheirbhísí ar bith agus ní mór don innealtóir árachas slánaíochta gairmiúla leorga a bheith aige nó aici. Déan cinnte de go bpléann tú é seo leis an innealtóir s’agat. Ba cheart duit fosta a chur in iúl do do sholáthróir árachais tí (más iomchuí) go bhfuil sé de rún agat tabhairt faoi oibreacha tógála ar an áit chónaithe.

 

4.   Cé atá freagrach as Sláinte agus Sábháilteacht?

Tá sé de fhreagracht ortsa faoin reachtaíocht (e.g. Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Tógáil) 2013) oibreacha tógála a bheith curtha i gcrích go sábháilte agat. Déan é seo a phlé leis an innealtóir s’agat, lena n-áirítear Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Phróiseas an Deartha agus Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim na Foirgníochta a cheapadh.

 

5.   Tig leis an chonraitheoir s’agam tosú ar an obair láithreach. An dtig liom a rá leis nó léi tosú?

Ní thig, ná ceap conraitheoir go dtí go bhfaighidh tú Dearbhú Fhaomhadh an Deontais i scríbhinn ón Chomhairle.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna