Is ar líne a dhéantar iarratais ar íocaíocht.
Má tá Dearbhú Fhaomhadh an Deontais (Céim 2), faighte agat, beidh a fhios agat an méid atá ceadaithe duit faoin scéim agus an méid íocaíochtaí céimnithe a thig leat a fháil (roinnte ina n-íocaíochtaí eatramhacha agus aon íocaíocht deiridh amháin).
Sula ndéanann tú iarratas ar íocaíocht, beidh ort cóipeanna de na nithe seo a leanas a bheith agat:
Ní mór Teastas Deisiúcháin a bheith ag gabháil le hiarratas ar an íocaíocht deiridh.
Tabhair an méid seo a leanas do d’aire i dtaca le méideanna a bhféadfadh sé tú a bheith ina dteideal:
Faoi dheireadh, is coinníoll de chuid na scéime é go gcaithfidh tú féin agus aon duine a fhostóidh tú i dtaca leis na hoibreacha a bheith cáin-chomhlíontach le go bhfaighidh tú íocaíocht faoin scéim seo. Déanfar é seo a sheiceáil i gcás gach iarratais ar íocaíocht.
Ba cheart don innealtóir s’agat cóipeanna den phlean cigireachta (mar a cuireadh i bhfeidhm é) a sholáthar duit, mar aon le sonraisc mhiondealaithe agus Dearbhú Chéim 3 an Innealtóra lena n-áireofar ráiteas uaidh nó uaithi go bhfuil na hoibreacha curtha i gcrích go sásúil ag an phointe seo. Caithfidh an conraitheoir s’agat cóipeanna dá gcuid sonrasc miondealaithe mar aon le Dearbhú Chéim 3 an Chonraitheora a sholáthar duit. Iarr ar d’innealtóir agus ar do chonraitheoir iad seo a chur ar fáil go leictreonach duit, i bhformáid PDF.
2. Tá Dearbhuithe Chéim 3 curtha ar fáil agam ón Innealtóir agus ón Chonraitheoir faoi choinne iarratas ar íocaíocht a rinne mé roimhe seo. An gcaithfidh mé iad a chur ar fáil arís?
Ní mór Dearbhú Chéim 3 nua ón Innealtóir agus Dearbhú Chéim 3 nua ón Chonraitheoir a bheith ag gabháil le gach iarratas ar íocaíocht. Cuimsíonn na doiciméid seo ráitis faoi na hoibreacha atá curtha i gcrích.
<< siar / ar aghaidh >>