Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Clár na bhFéilte Réigiúnacha agus Imeachtaí

Táthar ag glacadh anois le hIarratais ar mhaoiniú don bhliain 2023 le haghaidh Féilte Réigiúnacha agus Imeachtaí Rannpháirtíocha

IARRATAIS AR MHAOINIÚ Á LORG Ó FHÉILTE RÉIGIÚNACHA AGUS IMEACHTAÍ RANNPHÁIRTÍOCHA I NDÚN NA NGALL

 

Tá an proiséas le haghaidh iarratais a chur isteach dúnta anois

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag fáiltiú roimh iarratais ar mhaoiniú faoi Chlár na bhFéilte Réigiúnacha agus Imeachtaí Rannpháirtíocha. Is é is aidhm leis an Chlár seo tacú le féilte agus imeachtaí rannpháirtíocha a chuirfidh borradh faoin turasóireacht áitiúil agus feabhas ar eispéireas an chuairteora. I measc na bpríomhchuspóirí tá (i) cuairteoirí as Éirinn agus as tíortha eile a mhealladh chuig an réigiún san idirshéasúr, (ii) an líon oícheanta lóistín a chaitear sa réigiún a mhéadú agus cur leis an gheilleagar áitiúil agus (iii) eolas agus feasacht a ardú go hidirnáisiúnta faoin réigiún.

Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] nó trí scairt a chur ar 074 9153900.

DCC-Fáilte Ireland-Donegal Logo