Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Seirbhís Farantóireachta

Seirbhís Farantóireachta

Seirbhísí Farantóireachta do Shéasúr 2022:

 

 

An Caisleán Nua – Aird Mhic Giollagáin (An Feabhal) agus Bun Cranncha – Ráth Maoláin – (Loch Súilí)

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an tseirbhís farantóireachta ar Loch Feabhail, ag nascadh An Chaisleáin Nua le hAird Mhic Giollagáin, agus seirbhís farantóireachta na Súilí ag nascadh Bhun Cranncha agus Ráth Maoláin, ag cur seirbhís iomláin ar fáil ón 1 Meitheamh 2022.

 

Tá an dá bhád farantóireachta ag oibriú 7 lá sa tseachtain. Is féidir tuilleadh eolais, chomh maith le hamchláracha agus táillí, a fháil ar www.loughfoyleferry.com nó www.swillyferry.com.