Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > Staitisticí fá choinne Cinntí

Staitisticí chun Cinntí a dhéanamh

  

Togra Spásúil an Iarthuaiscirt

Staitisticí a chur ag croílár an phróisis chinnteoireachta

 

An Aidhm atá ag Togra Spásúil an Iarthuaiscirt

Is iad na prionsabail atá i gceist le Togra Spásúil an Iarthuaiscirt ná anailís ar son pleanáil spásúil agus malartú comhoibritheach eolais a chothú i gCeantar Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt. Is é is móraidhm ag Togra Spásúil an Iarthuaiscirt athruithe i bpatrúin daonra a rianú trasna lonnaíochtaí éagsúla i gCeantar Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt (CTRIT), ar feadh na tréimhse 2000 - -2010. Déanfaidh an tionscadal seo príomhthiománaithe an athraithe dhaonra i gCeantar Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt a aithint, a ghabháil agus a léarscáiliú, agus cuirfidh sé fosta le scileanna agus le cumas príomhdhéantóirí beartas agus príomhdhéantóirí cinntí in úsáid chóras eolais tíreolaíoch le seirbhísí a phleanáil agus a sheachadadh sa réigiún.

 

 

Is iad Cuspóirí an Togra ná:

  1. Athruithe i bpatrúin lonnaíochta i gceantracha uirbeacha agus tuaithe ar feadh na tréimhse 2000 - 2010 a aithint agus a dhéanamh amach cad iad na fachtóirí a ba chúis leis na hathruithe seo.
  2. Réimsí a aithint ina dtiocfadh le maoiniú cuidiú go mór le pobail a inbhuanú agus le bochtanas agus díobháil a mhaolú.
  3. Infheistíocht roimhe seo sa réigiún ag páirtithe leasmhara a léarscáiliú ar mhaithe le heolas a chur ar fáil i dtaca le cinntí maoinithe amach anseo.
  4. Seit táscairí inchomparáide a fhorbairt agus a léarscáiliú fá choinne gach ceann de na ceantair údaráis áitiúil i gCeantar Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt.
  5. Tuigbheáil daoine a mhéadú i dtaca le Córais Faisnéise Geografaí (CFG) agus roinnt sonraí i bhforbairt na pleanála agus na mbeartas trasteorann.
  6. Le pleanáil agus forbairt pholasaí ar bhonn fianaise a chothú trí mhol idirlín a fhorbairt ar bhonn Trasteorann, agus chun na scileanna agus an saineolas a thabhairt do lucht déanta cinntí an córas eolais tíreolaíoch seo a láimhseáil agus a úsáid.

 

Trí chéim fhurasta chun staitisticí a aimsiú:

Dá mba mhaith leat teacht ar eolas staitisticiúil ar dhaonra, oidhreacht, pleanáil, tithíocht, oideachas srl i dtaca le háiteanna éagsúla (Bailte, Toghranna Ceantair, Ceantracha Beaga), ba chóir duit dul chuig:

an suíomh fá choinne staitisticí ag http://spaceialnw.eu/snappy_stats

 

Amharc ar léarscáileanna a bhaineann le do chomharsanacht:

Uaireanta, bíonn sé níos fusa do cheantar a thuigbheáil nó a phróifíliú trí léarscáil a tharraingt agus trí amharc ar staitisticí agus ar threochtaí ar fud réimse de scálaí éagsúla spáis.   Is féidir leis seo bheith ina chuidiú agat agus tú ag déanamh cinntí tábhachtacha i dtaca le gnólacht a bhunú nó a leathnú, cén áit ar chóir teach a cheannach, cén áit ar chóir do pháistí a chur ar scoil srl.  Ligfidh an togra seo duit léarscáileanna a dhéanamh de do chomharsanacht féin, do thailte baile, do cheantar beag nó de thoghranna ceantair, gan le déanamh ach cliceáil ar:

An amharcóir léarscáile ag: http://arc.donegal.ie/flexviewers/spaceialnw/

 

 

Faigh amach níos mó faoin togra seo:

Le níos mó a fháil amach faoin togra s'againne, is féidir dul i dteagmháil linn ar chúpla dóigh.

Tvuíteáil  @SPACEialNW

Guthán + 00 353 (74) 91 53900

Rphost  [email protected]  nó [email protected]

Seoladh        

                  Loretta Mc Nicholas, Bainisteoir an Togra,

                  Togra Spásúil an Iarthuaiscirt, Comhairle Contae Dhún na nGall, 

                  Leifear, Contae Dhún na nGall