Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Ag obair i gcomhpháirt > An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil

An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ)

 

Le linn 2014, bunófar an Coiste úr um Fhorbairt Pobail agus Áitiúil i gContae Dhún na nGall mar chuid de na moltaí sa doiciméad "Daoine a chur chun Tosaigh -  Clár Gníomhaíochta le haghaidh Rialtas Áitiúil Éifeachtach". Tiocfaidh na CFPÁ-anna i gcomharbacht ar na Boird Forbartha Contae atá ann faoi láthair agus bunófar iad mar chomhpháirtíochtaí poiblí - príobháideacha bunaithe ar spéiseanna socheacnamaíochta. Tiocfaidh an bhallraíocht ó ionadaithe ó na húdaráis áitiúla agus áisíneachtaí eile Stáit, spéiseanna áitiúla agus pobail, an tsochaí shibhialta agus páirtnéirí eacnamaíochta agus sóisialta.

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as seirbhís rúnaíochta a sholáthar don CFPÁ, chomh maith leis an obair ullmhúcháin i dtaca le Plean Maoinithe Contae cúig bliana a chomhordú. Bunófar an Coiste seo sa chéad ráithe den bhliain 2014.

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Bn. Uas. Róisín McBride trí ríomhphost [email protected]