Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Ag tacú le pobail > Forbairt Phobail

Forbairt Phobail

 

Fóram Pobail Chontae Dhún na nGall 

 

 

Próifíliú ar an Earnáil Phobail & Dheonach i nDún na nGall

 

 

Gnóthachtáil Sóisir Éireann

 

 

Comórtas Mhórtas Ceantair IPB

 

 

Seachtain Náisiúnta na gCrann

 

 

An Scéim Pobail um Aláram Deataigh

 

 

Fóram Pobail Chontae Dhún na nGall

Is é Fóram Pobail Chontae Dhún na nGall guth na hearnála pobail agus deonaí i gContae Dhún na nGall agus aithníonn an tÚdarás Áitiúil agus na háisíneachtaí reachtúla gurb é an fóram an eagraíocht ar chóir dul i gcomhairle léi ar cheisteanna a bhaineann leis an phobal sa chontae. 

 

Is iad na róil atá ag Fóram Pobail Chontae Dhún na nGall ná ionadaíocht, comhairliúchán, forbraíocht agus an earnáil a iniúchadh, cumasú, oiliúint agus cur i bhfeidhm na Straitéise. 

 

Coinnigh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá ar bun ag Fóram Pobail Chontae Dhún na nGall trí muid a leanúint ar Facebook 

nó trí cuairt a thabhairt ar ár suíomh idirlín



Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Comhordaitheoir Cuimsiú Sóisialta na Comhairle.

 

 

 

 

 

 

Próifíliú ar an Earnáil Phobail & Dheonach i nDún na nGall

 

Tá Próifíl ar an Earnáil Phobail agus Dheonach i gContae Dhún na nGall curtha i dtoll a chéile ag na hAonaid um Beartas agus Taighde, agus um Chuimsiú Sóisialta, de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Fóram Pobail Chontae Dhún na nGall.

 

Istigh sa Phróifíl Phobail agus Dheonach‌ tá eagrán 2013 den chlárliosta don earnáil phobail agus dheonach, ar a bhfuil sonraí teagmhála na gCoistí Pobail agus Deonacha, de réir Baile Fearainn, Toghroinn Cheantair agus Toghcheantair. San eagrán seo, tá anailís bhreise staitisiciúil agus tugtar próifíleanna na gcoistí pobail, rud a dhíríonn aird ar ar an mhéid oibre atá idir lámha ag oibrithe deonacha san earnáil phobail agus dheonach i gContae Dhún na nGall.  Tá mionsonraí breis agus 800 coiste pobail, atá gníomhach sa Chontae faoi láthair, ar fáil san eolaire.

 

The detailed case studies of some of the work being carried out by our volunteer colleagues across the various areas will allow for a more indepth understanding of the work being successfully implemented by the community and voluntary sector in County Donegal. Tá muid muiníneach go mbeidh an t-eolaire seo agus an phróifíl seo den earnáil ina acmhainn iontach ag áisíneachtaí forbartha ó thaobh seirbhísí a dhíriú agus a threorú, agus ag an earnáil phobail agus dheonach ó thaobh eolas agus taithí a mhalartú agus a roinnt lena chéile.

 

Is é is cuspóir leis an phróifíl seo:

  • Eolas úsáideach teagmhála a chur ar fáil don phobal i gcoitinne i dtaca le Coistí Pobail agus Deonacha
  • Eolas úsáideach teagmhála a chur ar fáil ar Choistí Pobail agus Deonacha in achan Bhaile Fearainn, Toghroinn Cheantair agus Toghcheantar
  • Cur le hinrochtaineacht achan duine ar an Bhonneagar Pobail agus Deonach i gContae Dhún na nGall.

 

Déan teagmháil le hAonad Cuimsiú Sóisialta na Comhairle fá choinne tuilleadh eolais.

 

 

 

 

 

 

 

Gnóthachtáil Sóisir Éireann

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh páirte sa chlár um ghnóthachtáil sóisir ón bhliain 2002.

 

Bíonn saorálaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar fud an chontae ag seachadadh cláracha éagsúla atá ag fóirstean d'aoiseanna éagsúla / ranganna éagsúla sna scoileanna, agus ar an dóigh sin, cuireann siad chun cinn obair agus struchtúr a gcuid eagraíochtaí ábhartha le daoine óga a spreagadh chun léargas a fháil ar shlite beatha éagsúla don am atá le theacht agus chun a thuiscint go bhfuil nascanna, struchtúir agus modheolaíochtaí comhchosúla ag gach eagraíocht.

 

Is é is cuspóir le Gnóthachtáil na Sóisear ná daoine óga a spreagadh chun fanacht sa chóras oideachais agus na scileanna atá riachtanach dóibh a theagasc dóibh sa dóigh is go mbeidh siad in ann a gcuid cuspóirí gairme féin a chur i gcrích san am atá le teacht. Cuidíonn GS leis na daoine óga a ullmhú le haghaidh saol na hoibre, scileanna beatha agus bainistíocht. Ar an mheán, tá 10 saorálaí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ag seachadadh na gcláracha éagsúla GS gach bliain, ar nós 'Muid féin', 'An Chathair s'againne', 'An Pobal s'againne', 'An Teaghlach s'againne', 'An Domhan s'againne', agus go leor eile. Cuirtear Gnóthachtáil na Sóisear ar fáil do Bhunscoileanna agus do Mheánscoileanna. 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an chlár seo, déan teagmháil le hAonad Cuimsiú Sóisialta na Comhairle.

 

 

 

 

 

Comórtas Náisiúnta um Mórtas Ceantair

Léiríonn An Comórtas Mórtas Ceantair tiomantas na nÚdarás Áitiúil chun tacú le grúpaí atá i mbun tograí chun na pobail agus na réigiúin ina bhfuil siad a fheabhsú. Déanann sé Grúpaí Pobail agus Deonacha a aithint, a cheiliúradh agus a spreagadh chun bród agus fiúntas a fhorbairt ina gceantar féin mar áit le cónaí ann, chun bheith ina sampla den dea-chleachtas, agus chun tograí a roinnt go fáiltiúil, agus chun bheith bainte le tograí eile.

 

Bíonn Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarratas gach Márta ó eagraíochtaí pobail a rinne dul chun cinn de bharr a gcuid gníomhaíochtaí le bród an phobail a fheabhsú ina gceantar féin, chun bheith páirteach i gComórtas Mórtas Ceantair Dhún na nGall. Is féidir go ndéanfaí grúpaí a éiríonn go maith leo a ainmniú le dul chun sinn sa chomórtas náisiúnta ar son Dhún na nGall. 

 

D'éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall an líon is mó gradam a bhaint sa Chomórtas Náisiúnta Mórtas Ceantair in 2013, nuair a d'éirigh leis an Choiste Pobail Clochar le Chéile an gradam is airde a bhaint sa rannóg a bhain le daonra suas go dtí 200 duine; nuair a d'éirigh le Insight Inishowen gradam speisialta neamh-rannógach ginearálta a bhaint; agus nuair a tháinig Comharchumann Árainn Mhór sa dara háit i rannóg na n-oileán.

D'éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall an Gradam a fháil don Údarás Áitiúil is Fearr sa chomórtas in 2013 féach grianghraif and Preas-Ráiteas Mórtas Ceantair 2013‌.

Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil le Aonad Cuimsiú Sóisialta na Comhairle.

 

 

 

 

 

 

Seachtain Náisiúnta na gCrann

 

Bíonn Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Crann na hÉireann i dtaca le crainn a dháileadh ar choistí pobail le linn Sheachtain Náisiúnta na gCrann.

Le tuilleadh eolais a fháil fá dtaobh de Sheachtain Náisiúnta na gCrann agus an dóigh le bheith páirteach ann, déan teagmháil le Aonad Cuimsiú Sóisialta na Comhairle .

 

 

 

 

 

 

An Scéim Pobail um Aláram Deataigh

 

Faoin Scéim seo, aithníonn Aonad Cuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall, le cuidiú ón tSeirbhís Dóiteáin, aithníonn siad tithe ina bhfuil daoine a d'fhéadfadh a bheith i mbaol, ina measc seandaoine agus daoine faoi mhíchumas, agus nach bhfuil aláram deataigh curtha isteach acu. Ansin, cuirtear aláraim dheataigh ghlanscartha ar fáil do na tithe seo.

Fá choinne tuilleadh eolais ar an scéim seo déan teagmhail le Aonad Cuimsiú Sóisialta na Comhairle.