Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > LCDC

An Coiste um Forbairt Phobail Áitiúil

An Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP)

Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall leis an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail 2016-2022 (PÁEP) an 25ú Eanáir 2016.  Tá sé mar aidhm aige forbairt eacnamaíochta agus forbairt pobail sa Chontae a chur chun cinn sna 6 bliana amach romhainn.  Tá PÁEP Dhún na nGall freagrach as ghnéithe Pobail an Phlean seo a mhaoirsiú agus tá gnéithe Eacnamaíochta an Phlean faoi shainchúram an Choiste Forbartha Eacnamaíochta.

 

Forbraíodh PÁEP Dhún na nGall i ndiaidh próiseas leathan comhairliúcháin le daoine aonair, an earnáil phobail agus dheonach, an pobal gnó, grúpaí fócais earnálacha, eagraíochtaí reachtúla agus neamhreachtúla eile agus obair chomhoibríoch an CFPÁ agus an Choiste Forbartha Eacnamaíochta. Is é a bhí mar thoradh ar an bpróiseas comhoibríoch sin ná Plean Comhpháirtíochta a thugann aghaidh ar shaincheisteanna, riachtanais agus deiseanna an Chontae thar achan earnáil agus lena mbaineann gné mhór réigiúnach (lena n-áirítear trasteorann).

 

Aidhmeanna agus Cuspóirí

Seo a leanas Fís an Phlean:

 

Muintir agus áiteanna Dhún na nGall a nascadh le chéile, leas a bhaint as na deiseanna eacnamaíochta atá ann agus pobail atá láidir, sláintiúil, uilechuimsitheach agus inbhuanaithe a chur ar bun

 

Tá an fhís mar bhonn agus nascadh do spriocanna, cuspóirí agus gníomhartha an Phlean. Tá 7 Sprioc Tosaíochta sa Phlean: 

 

  1. Dún na nGall a Fhorbairt mar Áit Nasctha
  2. Leas a Bhaint as Caipiteal Nádúrtha agus Daonna Dhún na nGall
  3. Meas a thabhairt ar ár n-acmhainn Chultúir agus Chruthaitheachta, agus í a Chothú agus a Fhorbairt
  4. Pobail atá Inbhuanaithe, Uilechuimsitheach agus Folláin a Chur Chun Cinn
  5. Dún na nGall a Fhorbairt mar Réigiún Ceannasach i réimsí na Foghlama, an Taighde agus na Nuálaíochta
  6. Branda ‘Dún na nGall’ a Fhorbairt
  7. Fiontraíocht, Infheistíocht agus Fiontair a Chur Chun Cinn

 

Tá roinnt cuspóirí ardleibhéil nasctha ag baint le gach Sprioc atá leagtha amach chun gach Sprioc a sheachadadh agus a bhaint amach agus chun freagra a thabhairt ar na réimsí sonracha inar aithníodh riachtanais tosaíochta. Cuirfear na cuspóirí ardleibhéil i bhfeidhm trí shraith gníomhartha (féach Imleabhar 2 thíos) arb iad an príomhbhealach iad chun Spriocanna agus Cuspóirí an Phlean a sheachadadh trí bhearta sonracha d’fhorbairt eacnamaíochta agus pobail a thabhairt chun cinn ag an leibhéal áitiúil. 

 

 

Struchtúr an Phlean

Tá 2 Imleabhar agus 2 Aguisín ann in PÁEP Dhún na nGall mar a leanas:

 

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Measúnacht Chuí (MC)

Cinneadh (i) nach dóigh go mbeidh tionchair shuntasacha ag an PÁEP ar an timpeallacht agus dá bhrí sin nach bhfuil gá le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus (ii) nach dóigh go mbeidh tionchair shuntasacha ag an PÁEP ar Ghréasán na Láithreán Natura 2000 agus dá bhrí sin nach bhfuil gá le Measúnacht Chuí.  Is féidir na cinntí maidir leis an MST agus an CT a fheiceáil ag na naisc thíos: