Donegal County Council Logo
Baile > Pobal > Maoiniú do do choiste > An Clár Feabhsú Pobail 2019 > Botháin Fear agus Ban

Maoiniú Breise do Bhotháin Fear agus Ban faoin Scéim Feabhsúcháin Pobail

Tá maoiniú breise €0.5m curtha ar fáil go náisiúnta don Scéim Feabhsúcháin Pobail le haghaidh deontais bheaga do Bhotháin Fear. Soláthraíonn an Scéim deontais bheaga do Bhotháin Fear atá bainte le Cumann Náisiúnta Bhotháin na bhFear.

 

Is féidir le Botháin na mBan cur isteach ar an mhaoiniú seo fosta. Seo a leanas na critéir a bhaineann le Botháin na mBan, mar atá leagtha síos ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail:- 

 

  • Caithfear struchtúr cuí eagraíochtúil a bheith ag an Bhothán
  • Cuirtear san áireamh an líon ball atá ag an ghrúpa, chomh maith leis an leibhéal gníomhaíochta
  • Ba chóir don ghrúpa a thaispeáint go bhfuil éiteas an ghrúpa ag teacht le héiteas Bhotháin na bhFear. Tá eolas faoi seo ar fáil ar: http@//menssheds.ie/about-us/ 
  • Má tá Bothán Ban ceangailte le mór-chumann eile (rud a chiallaíonn nach bothán iad), meastar iad a bheith neamhcháilithe.

 

Is é Coiste Dhún na nGall um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) a dhéanfaidh an Scéim a reáchtáil thar ceann na Roinne. Tá ciste €28,796.00 bronnta ar CFPÁ Dhún na nGall.

 

Rialacha 

Is le haghaidh tograí caipitil amháin, nó páirteanna de thograí caipitil, atá an maoiniú le haghaidh Bhotháin Fear agus Ban faoin Scéim Feabhsaithe Pobail. I gcás go bhfuil idir oibreacha caipitil agus oibreacha reatha i gceist, is le haghaidh na n-oibreacha caipitil amháin a thig an maoiniú ón Scéim seo a úsáid. 

 

Caithfidh grúpaí iarratas a dhéanamh chuig an Údarás Áitiúil ina bhfuil siad féin lonnaithe, agus is féidir le hiarratasóirí i nDún na nGall an fhoirm iarratais atá ar fáil ag an nasc thíos a úsáid.

 

Ní mór do ghrúpaí atá ag déanamh iarratais an méid seo a leanas a sholáthar nuair atá siad ag cur isteach a n-iarratais ar mhaoiniú:

 

  • Clárú Cánach (Uimhir Stádas Carthannachta, Uimhir Thagartha Cánach nó Uimhir Rochtana um Imréiteach Cánach)
  • Sonraí Bainc/Comhar Creidmheasa (chomh maith le ceannteideal ó Ráiteas Bainc ar na mallaibh)

 

An dóigh le hiarratas a dhéanamh


Caithfidh do ghrúpa Foirm Iarratais le haghaidh Botháin Fear agus Ban faoin Chlár Feabhsaithe Pobail 2019 a chur isteach chuig Coiste Dhún na nGall um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) chuig an seoladh atá curtha ar fáil ar an Fhoirm Iarratais ar nó faoin dáta druidte, is é sin 5pm Déardaoin 29 Lúnasa 2019. Ní ghlacfar le hiarratais atá mall.  

Na hiarratais sin ó Bhotháin na bhFear ar dheontais bheaga faoin Chlár Feabhasaithe Pobail nár éirigh leo, cuirfear iad sin san áireamh don mhaoiniú seo gan aon ghníomh breise de dhíth.  

 

Is é an dáta druidte chun iarratais a bheith istigh ná 5pm Déardaoin 29 Lúnasa 2019

 

 

Foirm Iarratais ar Mhaoiniú Breise do Bhotháin na bhFear agus na mBan 2019 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

  • winterweather Image
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Tourism Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO