Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Maoiniú do do choiste > Ciste Forbartha na gComhaltaí

Ciste Forbartha na gComhaltaí

Ciste Forbartha na gComhaltaí

 

Cad é an rud é Ciste Forbartha na gComhaltaí?

 

Tá Ciste Forbartha na gComhaltaí mar pháirt de Thionscnamh Cistí Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, atá á bhainistiú agus á riar ag an Rannóg Pobail agus Fiontraíochta.

 

Is é atá i gCiste Forbartha na gComhaltaí ná foinse maoinithe atá beag ach solúbtha agus a chuirtear ar fáil le cuidiú le Coistí chun imeachtaí agus tograí pobail áitiúla a fhorbairt. Tugtar maoiniú bliantúil don tionscnamh seo, maoiniú a chionroinntear ar achan duine de na 37 mBall.

 

Cad é mar is féidir liom teacht ar an chiste seo?

 

Gabh i dteagmháil le Comhaltaí tofa Chomhairle Contae Dhún na nGall  chun tacaíocht airgid a lorg ón Chiste. Tugann an Ball Tofa amach an t-airgead de réir a thola féin / a tola féin.

 

Cuireann an Ball Tofa Foirm Dheontais chomhlánaithe isteach chuig an Rannóg Pobail agus Fiontraíochta. Is féidir le Ball Tofa aonair deontas a thabhairt nó is féidir le Ball Tofa é a dhéanamh i gcomhpháirt le Baill Thofa eile i dtaca le togra aonair.

 

Ar fháil na Foirme Deontais comhlánaithe dóibh, cuirfidh an Rannóg Pobail agus Fiontraíochta Foirm Iarratais agus Foirm Ráiteas Cánach chuig an Choiste, ag tabhairt eolais dóibh faoin mhéid atá tacaithe ag an Bhall Tofa. Caithfear iarratais chomhlánaithe a chur ar ais chuig An Rannóg Pobail agus Fiontraíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Oileán an Stáisiúin, Leifear, Co. Dhún na nGall.

 

Cliceáil anseo chun dul chuig Treoracha le haghaidh Chiste Forbartha na gComhaltaí‌.

 

 

Mura bhfuil uimhir charthanachta ná uimhir chláraithe cánach ag do ghrúpa, ba chóir daoibh clárú mar eagraíocht dheonach neamhbhrabúsacha agus sin a sheoladh chuig an Oifig áitiúil Coimisinéirí Ioncaim.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le: 074 91 72531 nó trí r-phost: [email protected]