Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Maoiniú do do choiste > Maoiniú CLÁR 2020

Maoiniú CLÁR 2020

Dept Rural & Comm Development logo   Project Ireland 2040 logo   DCC logo    ‌  LCDC Logo

 

 

Scéim Maoinithe CLÁR 2020

 

Tá CLÁR ina eilimint amháin de phacáiste €30 milliún de thacaíochtaí comhordaithe agus comhlántacha mar chuid den Chlár Infheistíochta i bhForbairt Tuaithe faoin Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.  I measc na n-eilimintí eile den chlár tá an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile agus an Scéim le haghaidh Bonneagar Aeraíochta Lasmuigh.  Faigheann an Clár Infheistíochta i bhForbairt Tuaithe maoiniú faoi Thionscadal Éireann 2040.

 

Cuireann clár CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) maoiniú ar fáil do thionscadail bhonneagair mhionscála i gceantracha tuaithe a d’fhulaing ó bhánú suntasach daonra.  Tá sé mar aidhm le CLÁR tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe i gceantracha aitheanta trí dhaoine a mhealladh le maireachtáil agus cónaí sna ceantracha sin. Oibríonn an maoiniú i gcomhar le maoiniú áitiúil, maoiniú áisíneachta agus maoiniú eile ó Ranna Rialtais, agus ar bhonn tosaíochtaí atá aitheanta go háitiúil. Tá na tacaíochtaí atá ar fáil faoi CLÁR i mbliana curtha in oiriúint chun cuidiú le pobail tuaithe dul i ngleic leis an saol úr de bharr COVID-19, agus tá roinnt bearta breise maoinithe ar fáil.

 

Is iad na Bearta atá á maoiniú faoi Scéim Maoinithe CLÁR 2020 ná:

 

Beart 1:     Tacaíocht do Scoileanna/Bearta Sábháilteachta Pobail

Beart 2:     Limistéir Chaithimh Aimsire don Phobal (úr in 2020)

Beart 3:     Tacaíochtaí Folláine Pobail, ina bhfuil:

      • 3a – Béilí ar Rothaí agus Seirbhísí Nasctha (úr le haghaidh 2020)
      • 3b – Soghluaisteacht agus Iompar do Chúram Ailse

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a dhéanfaidh bainistiú ar Bhearta 1 agus 2, agus is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanfaidh bainistiú go díreach ar Bheart 3.

 

Beart 1       Tacaíocht do Scoileanna/Bearta Sábháilteachta Pobail

 

Méid an Deontais: Suas go dtí 90% den mhaoiniú ar fáil

Raon na nDeontas €5,000 - €50,000

 

Tograí Incháilithe:

 

  • Crosairí Coisithe ag scoileanna / ag áis phobail
  • Cosáin rochtana ag scoileanna / ag áis phobail
  • Áiseanna páirceála do charranna chun rochtain a fháil ar scoileanna nó ar áiseanna pobail. 
  • Togra sábháilteachta a bhaineann le COVID-19  (ní mór an gá agus an fáth a léiriú sa chuid sin den fhoirm iarratais a bhaineann le hEolas faoin Tionscadal).

 

Iarratasóirí Incháilithe: Scoileanna, Coistí Pobail, Comhlachtaí Forbartha Áitiúla, Údaráis Áitiúla.

 

Breathnóidh Comhairle Contae Dhún na nGall ar thograí a dhéanfaidh an láthair thart ar scoileanna nó áiseanna pobail níos sláintiúla agus níos sábháilte do pháistí atá ag freastal ar na scoileanna, agus do pháistí agus do dhaoine fásta a úsáideann na háiseanna pobail.   Leathnaíodh an beart seo chun cuidiú le riachtanais úra a chomhlíonadh maidir le sláinte an phobail de bharr COVID-19.

 

  

CLÁR 2020 - Foirm Iarratais Beart 1

 

 

Beart 2       Limistéir Fóillíochta Pobail

 

Méid an Deontais: Suas go dtí 90% den mhaoiniú ar fáil

Raon na nDeontas € 5,000 go dtí €50,000

 

Tograí Incháilithe:

Tacóidh an Beart le tograí éagsúla caipitil ar choinníoll go gcuirfidh siad feabhas ar limistéir fóillíochta pobail atá ann cheana féin, agus/nó cinn úra a fhorbairt, áit a dtig le daoine teacht le chéile amuigh faoin spéir i gcomhluadar slán sábháilte.   Seo liostaithe thíos cuid den chineál tograí ar féidir tacú leo, ach ní liosta iomlán é:

 

  • Scáileán Pictiúrlainne Lasmuigh
  • Scairdeán le haghaidh Uisce Inólta Lasmuigh
  • Suíocháin agus Binsí Picnice a bhfuil clúdach acu
  • Láithreacha BBQ a bhfuil clúdach acu
  • Spás le haghaidh Ranganna Aclaíochta
  • Athchóiriú ar Chúirt Liathróid Láimhe
  • Amfatéatar do Ardán Banna Ceoil
  • Clár Dubh
  • Ceangal Leictreachais Lasmuigh
  • Leithris Phoiblí agus Boscaí Bruscair
  • Páirceáil do Charranna agus do Rothair

 

Iarratasóirí Incháilithe: Scoileanna, Coistí Pobail, Comhlachtaí Forbartha Áitiúla, Údaráis Áitiúla.

 

Breathnóidh Comhairle Contae Dhún na nGall ar thacaíocht a thabhairt chun feabhas a chur ar Láithreacha Fóillíochta Pobail inrochtana atá ann cheana féin agus/nó cinn úra a fhorbairt, áit a dtig le daoine teacht le chéile le comhluadar a dhéanamh i spásanna sábháilte pobail.

 

CLÁR 2020 - Foirm Iarratais Beart 2

 

 

 Beart 3 (a & b) Tacaíochtaí Folláine Pobail

 

  • 3a – Béilí ar Rothaí agus Seirbhísí Nasctha (úr le haghaidh 2020)
  • 3b – Soghluaisteacht agus Iompar do Chúram Ailse

 

Beart 3(a): Béilí ar Rothaí agus Seirbhísí Nasctha - Tacaíochtaí Folláine Pobail

 

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a oibreoidh an beart seo iad féin go díreach, agus tá sé ar fáil d’eagraíochtaí agus do choistí atá bunaithe cheana féin agus a oibríonn ar bhonn deonach, i bpáirt nó go hiomlán, agus atá bainte le béilí ar rothaí le seirbhísí nasctha a chur ar fáil, agus a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu leis an tseirbhís seo a sholáthar.

Is mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach a d’imir coistí pobail mar fhreagairt ar COVID-19, agus go háirithe na coistí sin atá ag cur béilí ar rothaí ar fáil i gcomhar le seirbhísí nasctha eile, is dá bharr sin a bhfuil an maoiniú seo á thabhairt isteach ag CLÁR 2020 fá choinne coistí pobail atá ag cur seirbhísí béilí ar rothaí ar fáil.  Maoineoidh sé seo eagraíochtaí pobail a sholáthraíonn béilí ar rothaí agus seirbhísí pobail eile atá nasctha leis sin, le haghaidh:

 

  1. Feithiclí atá ann cheana féin a chur in oiriúint; agus 
  2. Trealamh cistine agus/nó trealamh seachadta a cheannach, atá de dhíth chun an tseirbhís Béilí ar Rothaí a sholáthar. 

 

Méid an Deontais: Cuirfear ar fáil suas le 90% den chostas iomlán den trealamh atáthar a iarraidh faoin scéim, agus is é €2,000 an deontas is lú suas go dtí deontas €20,000 ar a mhéad.   I gcás eagraíochtaí réigiúnacha nó náisiúnta, d’fhéadfaí uasdeontas de €100k a bheith i gceist má tá an scáthghrúpa ag cur isteach iarratais thar ceann roinnt balleagraíochtaí.

 

Beart 3(b): Soghluaisteacht agus Iompar do Chúram Ailse

 

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail  a oibreoidh an beart seo go díreach iad féin agus tá sé ar fáil d’eagraíochtaí agus do choistí a oibríonn go hiomlán ar bhonn deonach agus a sholáthraíonn:

 

  1. Modh iompair chuig nó ó sheirbhísí cúram lae nó seirbhísí eile leighis/teiripe/faoisimh dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí suntasacha gluaiseachta acu, ar a n-áirítear daoine a bhfuil feithicilí speisialta inrochtana do chathaoireacha rothaí de dhíth orthu.
  2. Modh iompair chuig nó ó otharlanna cúram ailse nó ionaid chúram ailse faoin Chlár Náisiúnta Rialaithe Ailse.  

 

Méid an Deontais: Clúdóidh an scéim 90% de chostas feithicle agus/nó feistiú feithicle nuair is gá, suas go dtí uasmhéid de €50,000 le haghaidh feithicle atá inrochtana do chathaoireacha rothaí agus €100,000 fá choinne bus.

 

Ní chlúdóidh an scéim aon chostas reatha leanúnach amhail árachas, cothabháil, breosla etc. Beidh ar iarratasóirí a leagan amach cén dóigh a ndéanfaidh siad oibriú leanúnach na feithicle a bhainistiú.

 

Iarratasóirí Incháilithe: Tá an beart ar oscailt d’eagraíochtaí agus coistí deonacha atá ann cheana féin agus a oibríonn ar bhonn deonach, atá bainte le seirbhísí iompair a sholáthar, saor in aisce, do dhaoine a bhfuil feithiclí atá inrochtana do chathaoireacha rothaí de dhíth orthu le dul chuig seirbhísí cúram lae nó chuig seirbhísí eile leighis/teiripe/faoisimh agus dóibh siúd a bhfuil modh taistil de dhíth orthu chuig nó ó otharlanna le cóir leighis a fháil faoin Chlár Náisiúnta Rialaithe Ailse.

 

Tá bearta 3a agus 3b á mbainistiú ag an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe.  Déan teagmháil le [email protected] fá choinne tuilleadh eolais.

 

Ba chóir iarratais a chur go díreach chuig an Roinn ar [email protected] faoin 28 Lúnasa 2020.

 

An dóigh le hiarratas a dhéanamh

 

Tá foirmeacha iarratais agus treoracha le fáil thíos:-

 

CLÁR 2020 Scéim (Treoracha)

CLÁR 2020 - Foirm Iarratais Beart 1

CLÁR 2020 - Foirm Iarratais Beart 2

 

Ní mór Iarratais chomhlánaithe le haghaidh Bearta 1 agus 2 a chur isteach ar líne chuig [email protected]

 

Is é 12 meánlae Déardaoin 9 Iúil 2020 an dáta deiridh le go mbeadh iarratais faighte ag Comhairle Contae Dhún na nGall

 

Aon iarratas a gheofar i ndiaidh an spriocama seo, ní chuirfear san áireamh é.