Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > PEACEPLUS

PEACEPLUS

 

 

Cad é an rud é PEACEPLUS

 

Is é atá in PEACEPLUS clár úr maoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh atá ceaptha chun tacú le síocháin agus rathúnas ar fud Thuaisceart Éireann agus na gcontaetha teorann i bPoblacht na hÉireann, ag tógáil ar an obair a rinneadh faoi na cláracha PEACE agus INTERREG roimhe seo. Is é an cuspóir foriomlán atá ag Clár PEACEPLUS ná Síocháin agus Rathúnas a thógáil agus a chinntiú go mbeidh tionchar feiceálach marthanach ag an Chlár ar fud Thuaisceart Éireann agus na gcontaetha teorann i bPoblacht na hÉireann. Is í an straitéis atá leis an Chlár ná leanúint de bheith ag glacadh leis na deiseanna atá ann, agus dul i ngleic leis na riachtanais a eascraíonn ón phróiseas síochána chun borradh a chur faoin fhás eacnamaíochta, agus athnuachan shóisialta agus eacnamaíochta a spreagadh, agus ar an dara dul síos, an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, go háirithe dóibh siúl atá ar imeall an tsaoil shóisialta agus eacnamaíochta. Má tá eolas uait faoi Chlár PEACEPLUS, atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE, gabh chuig an suíomh gréasáin s’acu mar a bhfuil tuilleadh eolais ar fáil:  https://www.seupb.eu/ 

 

Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS

 

Tá trí shraith téamaithe roghnaithe ar a mbeidh ábhar an Phlean Gníomhaíochta PEACEPLUS do Dhún na nGall bunaithe, agus seo iad:

 

  • Athnuachan agus claochlú pobail áitiúil 
  • Pobail bhisiúla shíochánta
  • Meas a chothú do Gach Féiniúlacht Chultúrtha

 

Faoi Théama 1 Limistéar Infheistíochta 1.1 tá €110m bronnta ar Phleananna Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS, ar pleananna comhdheartha iad, agus tá suim tháscach de €7,635,396.00 bronnta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá scóp i bPlean Gníomhaíochta Áitiúil PEACEPLUS chun tionscadail a chur san áireamh a bheas bainte le réimse earnálacha agus gníomhaíochtaí éagsúla, a bhfuil ina measc:

 

  • Cláracha forbartha óige
  • Sláinte agus Folláine
  • Tionscadail Athnuachana Pobail
  • Áiseanna pobail, idir úr agus reatha, a athfhorbairt agus a athshamhlú le haghaidh úsáid chomhroinnte
  • Tionscnaimh chun caidrimh dhearfacha a thógáil
  • Tionscnaimh nuálaíochta/fiontraíochta sóisialta
  • Cláracha forbartha oideachais agus scileanna
  • Cláracha a chuireann le cuimsiú sóisialta agus a chothaíonn ceannaireacht shibhialta

 

Clúdóidh gníomhaíochtaí laistigh de na pleananna áitiúla réimse idirghabhálacha sóisialta, timpeallachta agus eacnamaíochta. Cuirfidh na cláracha seo chomh maith leis an chuimsiú sóisialta agus cothóidh siad an cheannaireacht shibhialta agus cuirfidh siad go mór agus go marthanach leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas.

 

Déanfar na Pleananna Gníomhaíochtaí PEACEPLUS a chur i bhfeidhm trí mhúnlaí atá bunaithe ar rannpháirteachas agus ar chomhoibriú an phobail áitiúil.

 

Tuilleadh eolais faoi Chlár PEACEPLUS

Más mian leat sonraí a fháil faoi Phlean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS do Dhún na nGall, cuir rphost chuig: [email protected]